English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn na hAirí Martin agus Byrne roimh iarratais faoi Chéim III den Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt

Inniu, an 04 Deireadh Fómhair 2023, d’athoscail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD agus an tAire Stáit don Spórt agus Corpoideachas Thomas Byrne TD an próiseas iarratais don Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt. Is é an cuspóir atá leis an chiste €35 milliún, a fuarthas mar pháirt de Bhuiséad 2023, ná tacú le clubanna agus eagraíochtaí spóirt leis na costais fuinnimh ardaithe a bhaineann le soláthar spóirt.

Tá clubanna, eagraíochtaí agus solathraithe áise a fuair maoiniú faoi Chéim I agus II den Scéim, ar feadh na tréimhse chomh fada le 31 Bealtaine, anois incháilithe chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú dá gcostais fuinnimh ardaithe do Mheitheamh agus d’Iúil 2023.

Chomh maith leis sin, beidh Linnte Snámha tráchtála atá rochtain ag an phobail orthu agus nach bhfuil faoi úinéireacht phoiblí ábalta iarratas a chur isteach ar mhaoiniú faoi Chéim III.

Dúirt an tAire Martin:

“Faoi Chéimeanna I agus II den Scéim seo go dtí seo, tá €23.5 milliún ar an iomlán leithdháilte ag Spórt Éireann, lena dtacaíodh le níos mó ná 1,900 club, áis spóirt faoi stiúir an phobail, áis náisiúnta agus mórstaid, chun cuidiú le brú airgeadais ó chostais fuinnimh mhéadaithe a laghdú. Tá na costais mhéadaithe sin ann go fóill agus, mar gheall ar seo, tá mé féin agus an tAire Byrne ag athoscailt an phróisis iarratais agus ag cur sínte leis an tréimhse cháilitheachta go deireadh mhí Iúil. Tá an Rialtas tiomanta go diongbháilte do thacaíocht a thabhairt do chlubanna pobail agus d’áiseanna pobail chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga páirt a ghlacadh sa spórt agus san aclaíocht.

Chomh maith, dúirt an tAire Byrne:

“Tá mé an-sásta go bhfuil mé ábalta síneadh a chur leis an Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt ionas gur féidir le Linnte Snámha a bhfuil rochtain ag an phobal orthu iarratas a dhéanamh le haghaidh maoinithe. Is é an snámh an dara gníomhaíocht spóirt is mó sa tír maidir le rátaí rannpháirtíochta, agus cinnteofar leis an mhaoiniú seo gur féidir le háiseanna tráchtála, agus le háiseanna nach faoi úinéireacht phobail iad, ceachtanna snámha agus deiseanna snámha a chur ar fáil do scoileanna, clubanna, agus an pobal i gcoitinne. Molaim go láidir d’aon eagraíocht, club nó solathraí áise incháilithe dul i gcomhar leis an gCeanneagraíocht Rialaithe Náisiúnta nó Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt le cinntiú go mbaineann tú leas as gach teidlíocht atá agat faoi Chéim III den Scéim.”

Agus í ag labhairt ar son Spórt Éireann, dúirt an Dr. Una May:

“Léirítear leis an tsíneadh ar an Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt go bhfuil an Rialtas tiomanta go fóill dár gclubanna agus áiseanna spóirt trasna na tíre a thacú. Tá níos mó ná €20 milliún i maoiniú Rialtais curtha ar fáil faoin Scéim go dtí seo. Leis an mhaoiniú seo tacaítear le clubanna agus eagraíochtaí spóirt agus iad ag dul i ngleic le costais fuinnimh ardaithe, ionas gur féidir leo díriú ar a bpríomhchuspóir, is é sin, rochtain ar spórt agus ar ghníomhaíocht fhisiciúil a mhéadú. ”

Is é dáta deiridh le haghaidh iarratas ar an Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt ná an 25ú Deireadh Fómhair 2023.

Cuirfear torthaí na bpléite sin, ag brath ar an mhéid aighneachtaí, in iúl do CRNanna agus do CÁSanna i Nollaig 2023, agus cuirfear tús le leithdháileadh maoinithe gan mhoill ina dhiaidh sin.

Cuireadh treoirlínte maoinithe ar fáil do gach CRN agus CÁS ábhartha.

Ba cheart gach ceist a chur chuig an Cheanneagraíocht Rialaithe Náisiúnta SpóirtComhpháirtíocht Áitiúil Spóirt a bhfuil aitheantas Spórt Éireann orthu.