English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Stáit Byrne roimh Thuarascáil Bhliantúil 2023 an Choimisinéara Teanga

Fáilte curtha ag an Aire Stáit Byrne roimh Thuarascáil Bhliantúil 2023 an Choimisinéara Teanga

Fás ar fhógraíocht trí Ghaeilge agus comhairle curtha ar líon níos mó comhlachtaí poiblí

Tá fáilte curtha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne T.D., roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2023.

Is faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2004. Is iad na príomhdhualgais a leag an tAcht amach ar an oifig sin ná monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí, agus bearta riachtanacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.

Tugtar léargas i dTuarascálacha Bliantúla an Choimisinéara Teanga ar dul chun cinn comhlachtaí poiblí faoin Acht mar aon leis na nithe atá ag déanamh imní don phobal ó thaobh a chearta teanga – rud atá thar a bheith luachmhar i gcomhthéacs dréachtú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoi láthair mar aon le dréachtú na gcaighdeán teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2023 treocht dearfach i dtaobh comhairle lorgtha ag comhlachtaí poiblí ón Oifig sin maidir le comhlíonadh a gcuid dualgas faoin Acht, le comhairle tugtha sa chomhthéacs seo ar 380 ócáid éagsúla - ionann le hardú de bheagnach 35% ar 2022 agus 140% ar 2021. Nótáil an Coimisinéir Teanga an fás atá tagtha ar fhógraíocht chomhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge chomh maith de bharr cur i bhfeidhm Alt 10A den Acht leasaithe.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:

“Cuirim fáilte roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2023 agus tréaslaím a chuid oibre leis féin agus lena fhoireann.

Is léir go bhfuil an caidreamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus na comhlachtaí poiblí ag dul i dtreis ó bhliain go bliain agus tá ardmholadh ag dul do na comhlachtaí poiblí agus na húdaráis áitiúla ar fud na tíre atá ag déanamh a míle dícheall Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tugaim suntas chomh maith do théamaí na ngearán atá faighte le linn na bliana a bhaineann go príomha le húsáid an tsínidh fhada in ainm agus sloinne duine agus úsáid chruinn ar ainm, sloinne, seoladh, agus teideal i nGaeilge go ginearálta, chomh maith le seirbhísí idirghníomhacha ar líne, seirbhísí teileafóin, foirmeacha oifigiúla, agus easpa foirne le Gaeilge. I bhfianaise seo, is cúis áthais dom é go mbeidh roinnt d’fhorálacha an Achta, a bheidh feidhm le tabhairt dóibh i mbliana, ag freagairt go díreach do roinnt de na gearáin seo agus go mbeifear ag tabhairt aghaidh ar roinnt eile a aithint faoin bPlean Náisiúnta agus tríd na caighdeáin teanga.”

Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá na hAirí agus oifigigh na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d’ailt agus d’fhorálacha substainteacha uile an Achta ar bhonn céimiúil, ach ar aon chuma roimh dheireadh 2024, mar a leagtar amach faoi Alt 20(3) d’Acht 2021.

Ó thaobh an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, faoi réir fhorálacha an Achta, tá sé seo le cur faoi bhráid an Aire faoin 19 Meitheamh 2024 agus le foilsiú ansin san fhómhar. Tá sé beartaithe an chéad phróiseas comhairliúcháin a bhaineann leis na caighdeáin teanga don chéad aicme de chomhlachtaí poiblí a reáchtáil go gairid ina dhiaidh sin ansin.

Tríd an obair seo go léir, táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.

Nótaí don Eagarthóir:

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2023

PR Oifig an Choimisinéara Teanga

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

Eolas faoi:

Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge

Dul chun cinn faoin Acht (Preasráitis a bhaineann leis an Acht)