English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha roimh Fhoireann na hÉireann ag na hAirí Martin agus Byrne i ndiaidh na gCluichí Parailimpeacha

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, fáilte inniu roimh na lúthchleasaithe a chuaigh in iomaíocht ar son Fhoireann na hÉireann i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024.

Ag Cluichí Pháras, bhí 35 lúthchleasaí ar Fhoireann na hÉireann a roghnaíodh le dul in iomaíocht i 9 spórt difriúla. Bhí an fhoireann i bPáras ní ba mhó ná an fhoireann a chuaigh in iomaíocht sna Cluichí Parailimpeacha deireanacha i dTóiceo in 2021 agus chríochnaigh siad na cluichí le 6 bhonn.

Ba lúthcleasaithe Parailimpeacha céaduaire iad os cionn 40% de lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann i bPáras, rud atá ina dhea-chomhartha do Chluichí Parailimpeacha amach anseo in LA 2028 agus Brisbane 2032. Chomh maith leis na 6 bhonn a buadh i bPáras, le bonn óir amháin, trí bhonn airgid agus dhá bhonn cré-umha, bhí ball d’Fhoireann na hÉireann i measc na 8 n-iomaitheoir is fearr os cionn 20 uaire.

Dúirt an tAire Martin:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le gach duine a bhí bainteach le Foireann na hÉireann, idir na lúthchleasaithe agus na cóitseálaithe, na forais spóirt, Cumann Parailimpeach na hÉireann agus Spórt Éireann. Agus, ar ndóigh, le teaghlaigh, cairde agus lucht tacaíochta na lúthchleasaithe a bhfuil páirt ríthábhachtach shoiléir acu.

“Tá na Cluichí Parailimpeacha ina dtoradh ar blianta dúthrachta agus tiomantais. Tá na lúthchleasaithe seo i ndiaidh spreagadh a thabhairt don gcéad ghlúin eile lúthchleasaithe Parailimpeacha agus is mór an chrediúint iad dá dteaghlaigh, dá gcóitseálaithe agus dá bpobail. Tá infheistíocht láidir á déanamh ag an Rialtas sa spórt. Tá cabhair á tabhairt aige ionas gur féidir lenár lúthchleasaithe ullmhú a dhéanamh do na comórtais spóirt idirnáisiúnta mór le rá seo ar an bhealach is fearr. Leanfaidh muid ar aghaidh leis an infheistíocht sin sna blianta amach romhainn, ní amháin sa gcóras ardfheidhmíochta ach ag leibhéal an phobail freisin.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Byrne:

“Bhí sé de phribhléid agam a bheith i bPáras i rith na seachtaine chun ár sárlúthchleasaithe a fheiceáil faoi lán seoil. Ba rud iontach í an tacaíocht ghlórach a fuair siad ina gcomórtais agus tá gach duine an-bhródúil as na 35 lúthchleasaí a bhí ar ár bhfoireann. Tá ionadaíocht chéimiúil déanta ag gach duine acu ar an tír agus tá cuid éachtaí stairiúla bainte amach acu le coicís anuas a mbeidh cuimhne orthu ar feadh i bhfad.

“I dtaca leis an Rialtas, táimid an-bhródúil as tacaíocht a thabhairt d’Fhoireann na hÉireann leis an maoiniú is airde riamh chun tacú le spórt ardfheidhmíochta.”

CRÍOCH