Fás agus borradh ag teacht faoi Chlub CLG lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD, inniu go bhfuil maoiniú de €150,000, thar thréimhse trí bliana, ceadaithe aige do Chlub CLG Na Gaeil Óga chun tús a chur le clár forbartha cluichí agus clár rannpháirtíochta pobail sa chlub. Beidh an dá chlár seo ag tógáil ar an obair atá ar bun ag an gclub seo cheana féin chun na cluichí Gaelacha agus an teanga a chur chun cinn sa phríomhchathair.
Díreoidh an clár rannpháirtíochta pobail ar thacaíochtaí teanga a chur ar fáil do theaghlaigh bhaill an chlub. Beidh deis ag tuismitheoirí agus teaghlaigh an teanga a fhoghlaim agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí ról gníomhach a bheith acu sa chlub. Tá tús curtha freisin leis an gclár forbartha cluichí, a bheidh dírithe ar chóitseáil agus imeachtaí spóirt lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí ghaelscoileanna Bhaile Átha Cliath. Tá beirt oifigeach nua fostaithe ag an gclub le déanaí chun na cláir seo a chur i bhfeidhm.
Chas an tAire Stáit Chambers leis na hoifigigh nua i Leamhcán inniu agus é ag fógairt an mhaoinithe.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh deiseanna ag daoine óga agus ag teaghlaigh an teanga a úsáid taobh amuigh de chomhthéacs oideachais. Tugann Club CLG Na Gaeil Óga deis do gach aoisghrúpa, idir óg agus aosta, an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil agus ról a ghlacadh i gcumann gníomhach lán-Ghaeilge.
“Tá clubanna CLG ag croílár gach pobal sa tír seo agus tá nasc faoi leith ag na cluichí Gaelacha leis an nGaeilge. Cuireann Na Gaeil Óga go mór le pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an maoiniú seo, agus an maoiniú a chuirtear ar fáil dóibh trí Spórt Éireann, beidh sé ar chumas an chlub tuilleadh daoine a mhealladh i dtreo an spóirt agus na teanga."
Chuir Daithí de Buitléar, Stiúrthóir Cóitseála Na Gaeil Óga CLG fáilte roimh fhógra an lae inniu:
"Is mór an tacaíocht é an maoiniú seo dúinn. Níor chreid muid riamh go n-éireodh linn fás chomh tapa lena bhfuil déanta againn le 10 mbliana anuas. Cinnteoidh an maoiniú seo gur féidir lenár scéal fáis leanúint ar aghaidh, trí rannpháirtíocht níos forleithne a spreagadh i measc páistí na ngaelscoileanna agus trí thuilleadh tacaíochtaí a chur ar fáil do thuistí ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim le cabhrú le coitséail agus riaradh an chumainn."