English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Byrne maoiniú breis is €500,000 do thacaíocht agus forbairt Naíonraí

Inniu d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, maoiniú €529,547 in imeacht cúig bliana do scéim nua a fhéachann le seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an scéim nua seo á riar ag Gaeloideachas.

Aithnítear naíonraí mar bhunchloch an chórais tumoideachais in Éirinn. Lasmuigh den Ghaeltacht is minic iad a bheith mar an chéad teagmháil a bhíonn ag páistí leis an nGaeilge, agus i gcás páistí atá á dtógáil le Gaeilge, tá na naíonraí riachtanach le cinntiú go bhfaigheann siad luathoideachas ina dteanga dhúchais féin. Is é an cás idéalach ná go mbeadh naíonra ar fáil i ngach ceantar ina bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge, ar a laghad, le leanúnachas sa chóras tumoideachais a bheith mar rogha ag gach páiste.

Tá titim shuntasach tagtha ar líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht le blianta beaga anuas, áfach, in ainneoin go bhfuil éileamh orthu. Tá sé mar aidhm ag an scéim nua seo aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo go díreach.

Is eagraíocht dheonach náisiúnta é Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge. Bunaíodh é mar Ghaelscoileanna in 1973 chun tacú le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ó shin i leith, leathnaíodh ról na heagraíochta agus cuireann siad seirbhísí tacaíochta ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta chomh maith. Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar a bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair san earnáil. Is léir go bhfuil idir thaithí agus líonra ag Gaeloideachas i réimse an tumoideachais Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag labhairt dó faoin scéim nua seo, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:

“Go dtí seo tá na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag feidhmiú i dtimpeallacht chasta, gan córas tacaíochta ceart acu agus tabharfaidh an scéim nua seo aghaidh ar an bhfadhb seo. Mar Aire Stáit Gaeltachta, táim ag obair chun tacú le pobail na teanga agus oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Tuigim an géarghá atá le breis seirbhísí tacaíochta d’fhonn caighdeán agus inmharthanacht na seirbhísí tumoideachais a chinntiú agus tá an maoiniú nua seo dírithe go sonrach ar an sprioc sin. Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Gaeloideachas le blianta fada chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Molaim Gaeloideachas as a ndúthracht i gcur chun cinn na teanga.”

Dúirt Ardfheidhmeannach Ghaeloideachas, Bláthnaid ní Ghréacháin:

“Is céim an-tábhachtach é an maoiniú seo i dtreo infreastruchtúr tacaíochta níos fearr do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Léiríonn an fhianaise uile atá againn go bhfuil an earnáil luathbhlianta lán-Ghaeilge thar a bheith leochaileach, rud a ghoilleann orainn uile a chreideann i luach an tumoideachais agus na teanga do pháistí óga. Tá sé aitheanta ag Gaeloideachas le fada go bhfuil idirghabháil de dhíth ón Stát ar bhonn práinne má tá naíonraí reatha agus ionchasacha le bheith mar chuid den tírdhreach tumoideachais in Éirinn amach anseo. Feictear dúinn gur tús beag, ach láidir, é an maoiniú seo, agus táimid fíorbhuíoch den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a d’éist lenár gcuid imní agus atá sásta deiseanna a chruthú trí maoiniú a cheadú a chabhróidh linn obair i dtreo córas níos tacúla do na múinteoirí agus na páistí sna naíonraí.”

CRÍOCH