Fógraíonn an tAire Martin agus Byrne infheistíocht €5.5 mhilliún sa Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Bainfidh clubanna spóirt, áiseanna agus linnte snámha poiblí tairbhe as infheistíocht €5.5 mhilliún i Spórt Éireann faoi Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt
• €29m de mhaoiniú Rialtais in iomlán bronnta faoin Scéim
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, infheistíocht €5.5 mhilliún inniu faoi Chéim III den Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt.
Soláthrófar tacaíocht do chlubanna spóirt áitiúla, d’áiseanna spóirt faoi stiúir an phobail, d’áiseanna náisiúnta agus do mhórstaideanna leis an maoiniú seo, chun tionchar na gcostas fuinnimh a méadaíodh a mhaolú.
Ag tógáil ar an tacaíocht a thug an Rialtas cheana féin, tá sé mar aidhm ag an sruth maoinithe seo cabhrú le brú airgeadais eagraíochtaí spóirt a mhaolú, agus inbhuanaitheacht chlubanna spóirt na hÉireann a chinntiú. Faoi bhabhtaí na Scéime roimhe seo, dáileadh €23.5 mhilliún ar an iomlán trí Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt Aitheanta Spórt Éireann agus Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, rud a chuaigh chun sochair thart ar dhá mhíle club agus áis chleamhnaithe.
Áiríonn an infheistíocht is déanaí seo ciste €5m chun tacú le linnte snámha a mbíonn rochtain ar an bpobal orthu le costais fuinnimh a méadaíodh agus a chinntiú gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag cur ceachtanna snámha agus deiseanna snámha ar fáil do scoileanna, clubanna agus don phobal i gcoitinne.
Dúirt an tAire Martin:
“Cabhróidh an infheistíocht seo le maolú breise a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag costais fuinnimh a méadaíodh ar chlubanna agus eagraíochtaí spóirt, rud a ligeann dóibh leanúint ar aghaidh ag tabhairt rochtana do phobail ar áiseanna spóirt. Tá tosaíocht á tabhairt don spórt ag an Rialtas seo fós. Ó 2020 i leith, cuireadh maoiniú COVID-19 €177 milliún ar fáil don earnáil, rud a chiallaíonn, nuair a chuirtear é i dteannta an €29 milliún a dáileadh faoin Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt, gur infheistíodh níos mó ná €200 milliún breise san earnáil le ceithre bliana anuas. Tá an rialtas fós tiomanta do leithdháileadh an bhuiséid bhliantúil spóirt a mhéadú go €220 milliún faoi 2027 agus léiríodh é seo sa leithdháileadh buiséid a méadaíodh do 2024.”
Ina theannta sin, dúirt an tAire Byrne:
“Mar Rialtas, táimid tiomanta leibhéil rannpháirtíochta i ngach spórt a mhéadú, thar gach earnáil den tsochaí ach chun é sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go dtugfaimid tacaíocht chuí airgeadais ag an earnáil. Chabhraigh an Scéim seo go mór le heagraíochtaí agus le clubanna spóirt fanacht inmharthana, rud a ligeann dóibh leanúint leis an obair iontach a dhéanann siad maidir le sláinte agus folláine dhearfach a chur chun cinn ar fud na tíre. Cuirim fáilte ar leith roimh leithdháileadh €5 mhilliún ar Linnte Snámha a mbíonn rochtain ag an bpobal orthu, agus sinn ag tabhairt aghaidh ar Stráitéis Náisiúnta Snámha don chéad uair. Molaim Spórt Éireann as a gcuid oibre crua ag riar na Scéime seo le bliain anuas.”
Ag labhairt ar son Spórt Éireann, dúirt an Dr Úna May:
“Léiríonn leathnú na Scéime Tacaíochta Fuinnimh Spóirt tiomantas leanúnach an Rialtais chun tacú lenár gclubanna agus áiseanna spóirt ar fud na tíre. Ar an iomlán, leithdháil Spórt Éireann maoiniú rialtais €29 milliún faoin Scéim. Thacaigh an maoiniú seo go mór le tionchar na gcostas fuinnimh a méadaíodh ar chlubanna agus eagraíochtaí spóirt agus lig sé dóibh díriú ar a bpríomhsprioc maidir le rochtain ar an spórt agus ar an ngníomhaíocht choirp a mhéadú.”
Nótaí: Miondealú ar Leithdháiltí