Fógraíonn an tAire Martin comhaontú an Rialtais maidir le maoiniú RTÉ agus na Meáin Seirbhíse Poiblí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fógraíonn an tAire Martin comhaontú an Rialtais maidir le maoiniú RTÉ agus na Meáin Seirbhíse Poiblí
• Tacaíocht bhreise ón Státchiste le cur ar fáil do RTÉ sna trí bliana amach romhainn, le maoiniú poiblí iomlán de €225m in 2025
• Córas Ceadúnas Teilifíse a choinneáil
• Leithroinnt Státchiste de €6m le cur ar fáil do An Post thar thréimhse trí bliana le haghaidh feabhsúcháin teicneolaíochta agus córais riachtanacha bailithe.
• Bearta bailiúcháin agus comhlíonta nua a fhorbairt chun tacú le córas ceadúnais teilifíse agus chun é a fheabhsú
• Comhaontú ar mhaoiniú méadaithe don Chiste Meán, ó €6m in 2024 go €10m in 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu (Dé Céadaoin 24 Iúil) go raibh aontaithe ag an Rialtas maoiniú Státchiste ilbhliantúil cuí a chur ar fáil a chinnteoidh, mar aon le córas feabhasaithe cheadúnais teilifíse, go dtabharfar tacaíocht do RTÉ chun a Ráiteas Straitéise a chomhlíonadh.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá cinnteacht maoinithe, agus an cumas pleanáil a dhéanamh ar bhonn ilbhliantúil do sheachadadh na straitéisí comhaontaithe ríthábhachtach. Soláthraíonn an méid atá aontaithe againn anois an chinnteacht agus an tslándáil sin, rud nach raibh riamh in ann do RTÉ agus é ag brath go hiomlán ar fháltais cheadúnais teilifíse dá mhaoiniú poiblí. Don bhliain seo chugainn is €225m an maoiniú poiblí iomlán do RTÉ trí mheascán d’fháltais cheadúnais teilifíse agus tacaíocht ón Státchiste. Freastalóidh an clúdach méadaithe maoinithe seo ar riachtanais straitéis nua RTÉ.”
Leanfaidh An Post ag bailiú an cheadúnais teilifíse, ach d’fhonn a chinntiú gur féidir leis an gcóras leanúint ar aghaidh ag seachadadh leibhéil chuí maoinithe poiblí do na meáin seirbhíse poiblí, scrúdófar raon bearta riaracháin, teicniúla agus reachtacha sna míonna amach romhainn chun taca a chur faoin gcóras agus é a neartú. Áireoidh sé seo infheistíocht i mbunachar sonraí nua agus i gcóras bainistíochta sonraí.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tá aontaithe ag an Rialtas an infheistíocht riachtanach a sholáthar do An Post chun córais sonraí agus oibriúcháin níos oiriúnaí a fhorbairt. Ar an mbonn sin, d’iarr mé go ndéanfaí an Grúpa Oibre Teicniúil, a bhunaigh an Rialtas roimhe seo chun athchóiriú a dhéanamh ar an gceadúnas teilifíse a scrúdú, a aththionól chun scrúdú breise a dhéanamh ar na hathruithe agus na feabhsuithe riachtanacha i bhfianaise an ghealltanais mhaoinithe seo.”
Tabharfaidh an tAire Martin nuashonrú don Rialtas ar an ábhar seo san fhómhar. Ag an am céanna leanfar den obair ar dhréacht-reachtaíocht a ullmhú a athchóireoidh an bonn reachtúil do rialachas RTÉ, agus a ainmneoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir ar RTÉ.
Chomh maith le breithniú a dhéanamh ar mhaoiniú RTÉ, d’aontaigh an Rialtas inniu freisin go gcuirfí maoiniú méadaithe ar fáil do na Cistí Craolacháin agus Meán, le €4m sa bhreis i dtacaíocht ón Stáitchiste ag seachadadh leithdháileadh méadaithe de €22.2m don earnáil níos leithne in 2025.
Ag labhairt di seachtain tar éis do Choimisiún na Meán dhá scéim nua maoinithe a sheoladh, dúirt an tAire Martin:
“Ní hé gur le RTÉ agus TG4 amháin atá soláthar ábhar meán seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán do phobal na hÉireann. Tá ról le himirt ag craoltóirí neamhspleácha, raidió tráchtála agus pobail, chomh maith leis na nuachtáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus ar an ábhar sin bhí raon scéimeanna maoinithe nua molta ag Coimisiún Todhchaí na Meán. Tá áthas orm, chomh maith leis an €6m atá ar fáil i mbliana, go gcuirfear leithdháileadh méadaithe ar fáil an bhliain seo chugainn chun feidhmiú céimneach breise na scéimeanna ag an gCoimisiún a éascú.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Grúpa Oibre Teicniúil
• Bhunaigh an Rialtas an Grúpa Oibre Teicniúil i Meán Fómhair 2022 chun athchóiriú agus feabhsú an cheadúnais teilifíse a scrúdú.
• I measc a théarmaí tagartha tá scrúdú ar mheicníochtaí bailithe Cheadúnais Teilifíse, nósanna imeachta forfheidhmithe, saincheisteanna bunachair shonraí agus athbhreithniú ar dhliteanas Ceadúnas Teilifíse a cheannach.
• Tá an Grúpa faoi chathaoirleacht na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus áirítear air ionadaithe ó na Ranna Airgeadais; Caiteachais Phoiblí, Seachadadh NDP agus Athchóirithe; Coimirce Sóisialaí; Dlí agus Cirt; na Coimisinéirí Ioncaim; ComReg agus An Post.
• Cuireadh deireadh leis an mbreithniú a rinne an Rialtas ar obair an ghrúpa mar gheall ar na himeachtaí ag RTÉ agus an gá le tuarascálacha an Choiste Chomhairligh Saineolaithe a chomhlánú sula ndéanfaí cinneadh maoinithe.
• Tiocfaidh an Grúpa le chéile arís anois, agus críochnóidh sé a Thuarascáil faoin mbealach is fearr leis an gCeadúnas Teilifíse a leasú agus a fheabhsú laistigh de 3 mhí.
• Díreofar go príomha ar fheabhsuithe a sholáthar ar na hoibríochtaí reatha chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí.
• Breathnóidh an Grúpa freisin ar an mbunachar sonraí agus ar na tacair shonraí a theastaíonn chun tacú leis an gcóras, agus chun tacú le héifeachtúlachtaí bailiúcháin agus comhlíonadh níos fearr.
• Déanfar na forálacha reachtaíochta reatha maidir leis an gceadúnas teilifíse a mheas freisin.
• Iarradh ar an nGrúpa tuairisc a thabhairt don Aire i gceann trí mhí.
Maoiniú Rialtais ar Ábhar Seirbhíse Poiblí
• Cuireann an Rialtas leibhéil fhairsinge maoinithe ar fáil do chraoltóirí seirbhíse poiblí agus do sholáthraithe ábhar seirbhíse poiblí.
• Faoi láthair tá TG4 maoinithe go príomha trí dheontas díreach ón Státchiste ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le roinnt ioncaim tráchtála.
• Feidhmíonn RTÉ ar mhúnla dé-mhaoinithe, a chuid gníomhaíochtaí tacaithe ag maoiniú poiblí agus ioncam tráchtála araon. Is éard atá sa mhaoiniú poiblí ná meascán d’ioncam ó dhíolacháin dhíreacha ceadúnais teilifíse agus ranníocaíocht reatha an Státchiste maidir le ceadúnais teilifíse in aisce a chuirtear ar fáil d’fhaighteoirí Phacáiste Sochair Teaghlaigh an RCS.
• Cuirtear céatadán d’fháltais cheadúnais teilifíse ar fáil don Chiste Craoltóireachta a thacaíonn leis an Scéim Fuaim agus Fís, a bhronnann dámhachtainí ar ábhar Teilifíse agus Raidió ar bhonn iomaíoch (arna oibriú ag Coimisiún na Meán). Is féidir maoiniú ón Státchiste a chur ar fáil freisin don Scéim Fuaim agus Fís.
• Tá sé aontaithe ag an Rialtas an maoiniú poiblí seo a leanas a sholáthar do RTÉ:
o 2025 - €225m;
o 2026 - €240m;
o 2026 - €260m
• Ina theannta sin, cuirfear soláthar nach lú ná €22.2m ar fáil d’ábhar seirbhíse poiblí eile in 2025, lena n-áirítear soláthar Státchiste de €10m do na scéimeanna nua Ciste Meán (méadú €4m ar 2024).
• Cuirfear €6m breise ar fáil thar an tréimhse 2025-2027 chun freastal ar chostais na bhfeabhsuithe riachtanacha ar an gcóras bailithe ceadúnas teilifíse.
• In 2023 chuir an Rialtas na nithe seo a leanas ar fáil:
o €69.8m do cheadúnais teilifíse in aisce trí Phacáiste Sochair Teaghlaigh an RCS
o €56m do TG4
o €16m de mhaoiniú eatramhach do RTÉ
o €6m don Chiste Craolacháin.
• B'ionann glanfháltais díolacháin Cheadúnais Teilifíse agus €123m in 2023. Mar atá leagtha amach sa Reacht, déantar 93% den ghlanioncam ó dhíolacháin ó Cheadúnais Teilifíse a leithdháileadh ar RTÉ agus 7% ar an gCiste Craolacháin.
Díolacháin Ceadúnais Teilifíse
• B'ionann iomlán na ndíolachán ceadúnais teilifíse a thaifead An Post in 2023 agus 824,278 i gcomparáid le 947,924 in 2022, laghdú 123,646 (13%).
• Sa chéad 6 mhí de 2024, tháinig laghdú 14% ar dhíolacháin ar an tréimhse chéanna i 2023, ó thús mhí Iúil, áfach, tá méadú 18% tagtha ar dhíolacháin.
• Foilsítear figiúirí díolacháin na gCeadúnas Teilifíse Item was unpublished or removed agus déantar iad a nuashonrú go seachtainiúil.
Ráiteas Straitéise RTÉ
• D’fhoilsigh RTÉ a Ráiteas Straitéise 2025-2029 ar 25 Meitheamh 2024.
• Léiríonn sé tiomantas athnuaite do chraoltóireacht seirbhíse poiblí, agus tugann sé aghaidh ar phríomhréimsí ar nós athchóirithe rialachais agus éifeachtúlachtaí costais.
• Tá an Straitéis ar fáil ar shuíomh gréasáin RTÉ agus is féidir í a fheiceáil anseo.