Fógraíonn an tAire Martin faomhadh an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú)
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2024
Fógraíonn an tAire Martin faomhadh an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú)
• An tArdreachtaire le ceapadh mar iniúchóir RTÉ
• Scéimeanna maoinithe don earnáil meán le cur ar bhonn reachtúil, ina measc leithdháileadh an €6 milliún i mBuiséad 2025 don nuacht agus cursaí reatha
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., faomhadh an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú) a fheabhsóidh cuntasacht, trédhearcacht agus luach ar airgead inár soláthraithe meán seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4, agus a bhunóidh creat reachtúil nua chun tacú le soláthar ábhar seirbhíse poiblí san earnáil níos leithne.
Chun moltaí a rinne an Coiste Comhairleach Saineolaithe (CCS) ar Rialachas agus Cultúir in RTÉ agus forálacha an Achta Eorpaigh um Shaoirse na Meán (AESM) a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Scéim Ghinearálta athchóiriú ar an reachtaíocht atá mar bhonn agus thaca ag rialachas corparáideach in RTÉ agus TG4. Áireofar leis sin an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a shannadh mar iniúchóir RTÉ, agus bearta chun údarás, ról agus feidhmeanna Bhord RTÉ agus TG4 a neartú.
Méadóidh an Scéim Ghinearálta trédhearcacht agus luach ar airgead freisin trí leasú a dhéanamh ar an gcóras measúnaithe ar fheidhmíocht agus ar mhaoiniú RTÉ agus TG4 trí níos mó údaráis a thabhairt do Choimisiún na Meán spriocanna a aithint, feidhmíocht a mheasúnú, agus RTÉ agus TG4 a choinneáil cuntasach as a gcuid feidhmíochta de réir mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán (CTM). Chun cuntasacht a fheabhsú, feabhsóidh an Scéim Ghinearálta freisin neamhspleáchas agus údarás Chomhairlí Lucht Éisteachta/Féachana RTÉ agus TG4, a dhéanann ionadaíocht ar thuairimí an lucht éisteachta/féachana ar RTÉ agus TG4.
Ag cur fáilte roimh fhaomhadh na Scéime Ginearálta, dúirt an tAire Martin:
“Cuirim béim i gcónaí ar thábhacht na meán seirbhíse poiblí dár sochaí agus dár ndaonlathas. Ar an ábhar sin, mar Aire, thacaigh mé go gníomhach le maoiniú leordhóthanach a thabhairt dóibh chun a sainorduithe seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, méadú 62% ar mhaoiniú TG4 ó chuaigh mé i mbun oifige agus socrú maoinithe ilbhliantúil chun tacú le RTÉ a straitéis nua a chomhlíonadh.
Teastaíonn athchóiriú ar mhaoiniú poiblí breise, rud a chiallaíonn trédhearcacht, cuntasacht agus luach ar airgead níos láidre. Tá RTÉ tiomanta cheana féin do chlár suntasach athchóirithe bunaithe ar mholtaí na gCoistí Comhairleacha Saineolaithe a cheap mé mí Iúil seo caite. Beidh bearta reachtacha chun rialachas corparáideach RTÉ agus TG4 a athchóiriú mar bhonn agus mar thaca ag na gníomhartha seo anois. Is ríthábhachtach go neartófar maoirseacht airgeadais RTÉ nuair a cheapfar an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir RTÉ.
Feabhsóidh an Scéim Ghinearálta freisin ról Choimisiún na Meán mar ár rialtóir meán neamhspleách i measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar mhaoiniú RTÉ agus TG4. Cuirfidh sé seo ar chumas an phobail measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ár soláthraithe meán seirbhíse poiblí ag comhlíonadh a sainchúraimí seirbhíse poiblí agus ag soláthar luach ar airgead gach bliain. Spreagfaidh na hathchóirithe seo ar an gcreat measúnaithe dár soláthraithe meán seirbhíse poiblí breis cuntasachta agus trédhearcachta, agus ag an am céanna cinnteoidh siad neamhspleáchas ár soláthraithe meán seirbhíse poiblí ón Rialtas.”
Ag teacht le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, déanfaidh an Scéim Ghinearálta an Ciste Craolacháin reachtúil a thiontú go Ciste Meán atá neodrach ó thaobh ardáin de, a mhaoineoidh scéimeanna a d’ullmhaigh Coimisiún na Meán chun tacú le táirgeadh, dáileadh agus cartlannú ábhar seirbhíse poiblí. Áirítear leis seo na Scéimeanna Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Cúirteanna atá á rolladh amach ar bhonn riaracháin faoi láthair ag Coimisiún na Meán agus Scéimeanna breise ar nós Claochlú Digiteach sa bhliain amach romhainn.
Leathnóidh an reachtaíocht scóip na Scéime Fuaime agus Físe freisin do chúrsaí nuachta agus reatha, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann an €6 milliún breise a leithdháileadh ar chraoltóirí tráchtála i mBuiséad 2025 a scaipeadh.
Faoin Scéim Ghinearálta, beidh ar Choimisiún na Meán athbhreithniú a ullmhú ar sholáthar ábhar seirbhíse poiblí gach trí bliana, agus ní mór an chéad cheann díobh a ullmhú faoin 30 Meitheamh 2026. Treoróidh an t-athbhreithniú seo dearadh agus cur i bhfeidhm scéimeanna maoinithe meán eile.
Ag cur fáilte roimh an gcreat reachtúil nua do sholáthar ábhar seirbhíse poiblí, dúirt an tAire Martin:
“Rachaidh ábhar seirbhíse poiblí chun tairbhe na sochaí ar fad agus cé go bhfuil ról lárnach ag ár gcraoltóirí náisiúnta RTÉ agus TG4, cuireann go leor soláthróirí meán neamhspleácha eile ábhar luachmhar ar fáil freisin. Mar Aire, chuir mé tacaíocht shuntasach bhreise ar fáil chun ábhar seirbhíse poiblí a tháirgeadh, anuas ar an 7% de ghlanfháltais ó tháillí an Cheadúnais Teilifíse a leithdháiltear ar an gCiste Craolacháin.
Ó thosaigh mé sa phost in 2020, fuair mé €34.4 milliún breise i maoiniú ón Státchiste le haghaidh Fuaime agus Físe. Ina measc seo tá €6 mhilliún don nuacht agus do chursaí reatha sa bhliain 2025, imfhálaithe don earnáil raidió agus teilifíse neamhspleách. Leithdháil mé €6 mhilliún freisin chun na Scéimeanna Tuairiscithe Cúirteanna agus Daonlathais Áitiúil a mhaoiniú i mbliana, agus €10 milliún chun iad seo agus scéimeanna breise a mhaoiniú in 2025.
Tríd an gCiste Craolacháin a thiontú go Ciste Meán atá neodrach ó thaobh ardán de, soláthróidh an Scéim Ghinearálta creat chun tacú le soláthar ábhar seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán dár bpobal a bheidh ag éirí níos éagsúla sna blianta amach romhainn.”
Cuirfear an Scéim Ghinearálta faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin Chumarsáide le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach.
Item was unpublished or removed
Nótaí don eagarthóir
An Coimisiún um Thodhchaí na Meán
I mí Iúil 2022, d’fhoilsigh an Rialtas tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán (CTM) agus ghlac sé, i bprionsabal, le 49 de na 50 moladh a rinne siad. I mí Eanáir 2023, d’fhoilsigh an tAire Straitéis Forfheidhmithe, ag leagan amach na gníomhartha a ghlacfaí chun moltaí an CTM a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear foilsiú Scéim Ghinearálta chun éifeacht a thabhairt do roinnt dá moltaí. I measc na bpríomh-mholtaí a dtabharfar bonn reachtúil dóibh sa Scéim Ghinearálta tá:
• Moltaí 6 – 1 go 6 – 7 agus 8 – 5 maidir leis an gCiste Craolacháin atá ann faoi láthair a thiontú go Ciste Meán atá neodrach ó thaobh ardán de, chun gur féidir tacaíocht a thabhairt do sholáthraithe ábhar seirbhíse poiblí agus ábhar seirbhíse poiblí agus chun maoiniú do raon níos leithne ábhair a cheadú faoi scéimeanna reatha, amhail nuacht agus cúrsaí reatha a chuimsiú faoin Scéim Fuaime agus Físe;
• Moltaí 5 – 1, 5 – 3, 8 – 2, agus 8 – 3 mar a bhaineann siad le córas níos éifeachtaí chun feidhmíocht agus maoiniú sholáthraithe meán seirbhíse poiblí a mheas agus trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú ina leith sin, agus le ról feabhsaithe do Chomhairlí Lucht Féachana.
Coiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr
I mí na Bealtaine 2024, d’fhoilsigh an Rialtas an tAthbhreithniú Neamhspleách ar Rialachas agus Cultúr RTÉ a d’ullmhaigh an Coiste Comhairleach Saineolaithe (CCS) faoi chathaoirleacht an Ollaimh Niamh Brennan agus ghlac siad, i bprionsabal, lena moltaí go léir. I mí an Mheithimh 2024, d’fhoilsigh an Roinn Item was unpublished or removed, a chuimsigh gníomh chun Scéim Ghinearálta a thabhairt ar aghaidh i R3 2024. Tugann an Scéim Ghinearálta éifeacht do na moltaí seo a leanas:
• Moltaí 6.31 agus 6.37 maidir le sannadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir ar RTÉ; agus-
• Moltaí 4.1, 5.1, 5.15, agus 5.19 mar a bhaineann siad le Bord, Coistí Boird agus Ard-Stiúrthóirí RTÉ agus TG4.
Rialachas corparáideach RTÉ agus TG4 a athchóiriú
Déanann an Scéim Ghinearálta foráil do raon beart chun an bonn reachtúil a athchóiriú do rialachas na soláthraithe meán seirbhíse poiblí chun cuntasacht, trédhearcacht agus luach ar airgead a fheabhsú agus a neamhspleáchas ón Rialtas a neartú ag an am céanna. Mar chuid de na leasuithe seo sannfar an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C), a dhéanann iniúchadh ar TG4 cheana féin, mar iniúchóir ar RTÉ. Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na gníomhaíochtaí seo a leanas maidir le RTÉ:
• iniúchadh bliantúil a dhéanamh ar chuntais RTÉ faoi alt 5 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993;
• scrúdú luach ar airgead (LAR) a dhéanamh, nuair a mheasann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é a bheith oiriúnach, faoi alt 11 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993:
• ullmhú, faoi alt 11 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993:
o de bhun a iniúchta bhliantúil, tuarascáil iniúchta agus na cuntais bhliantúla;
o de bhun iniúchta bhliantúil nó aon scrúdaithe LAR, aon tuarascáil speisialta a eascraíonn amhlaidh.
Coimeádfaidh Bord RTÉ an t-údarás, chomh maith leis an iniúchadh bliantúil éigeantach a dhéanfaidh an C&AG, iniúchóir rialáilte ón earnáil phríobháideach a cheapadh.
Neartófar feidhmeanna agus dualgais Bhord RTÉ agus TG4 de réir mholtaí an CCS. Áireofar leis sin feidhm shonrach chun socruithe a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht agus cuntasacht na nArd-Stiúrthóirí ina gcáil mar phríomhoifigigh feidhmiúcháin na soláthraithe meán seirbhíse poiblí.
Forálann an Scéim Ghinearálta d’fheidhmeanna leathnaithe, dualgais, cuntasacht, ceapadh agus dífhostú Ard-Stiúrthóirí RTÉ agus TG4. I gcomhréir le AESM, ní bheidh ról ag an Rialtas a thuilleadh maidir le toiliú le ceapadh Ard-Stiúrthóra, cé go mbeidh gá fós le faomhadh an Aire agus an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóiriú an PFN chun luach saothair agus téarmaí agus coinníollacha Ard-Stiúrthóra a chinneadh. Cinnteoidh sé seo freisin neamhspleáchas ár soláthraithe meán seirbhíse poiblí ón Rialtas, atá ar cheann de phríomhchuspóirí EMFA.
Méadaíonn an Scéim Ghinearálta ról Chomhairlí Lucht Féachana RTÉ agus TG4 mar chomhlachtaí neamhspleácha agus forálann sé dá neamhspleáchas sainráite ó RTÉ, TG4 agus Coimisiún na Meán. Is é Coimisiún na Meán a cheapfaidh comhaltaí na Comhairle Lucht Féachana/Éisteachta anois tar éis comórtas roghnúcháin poiblí, seachas an soláthraí meán seirbhíse poiblí, agus níl cead ag comhaltaí de na Boird nó baill foirne RTÉ nó TG4 agus baill foirne agus Coimisinéirí Choimisiún na Meán a bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta a thuilleadh.
Creat feabhsaithe chun feidhmíocht agus maoiniú RTÉ agus TG4 a mheasúnú
I gcomhréir le moltaí an CTM, forálacha AESM maidir le trédhearcacht agus neamhspleáchas na moltaí maoinithe do sholáthraithe meán seirbhíse poiblí, agus an gá atá le feabhas a chur ar chuntasacht, trédhearcacht agus luach ar airgead in RTÉ agus TG4, déantar foráil sa Scéim Ghinearálta do chóras leasaithe chun feidhmíocht agus maoiniú RTÉ agus TG4 a mheasúnú:
• Ullmhóidh Coimisiún na Meán athbhreithniú ar leorgacht an mhaoinithe phoiblí do RTÉ agus TG4 gach 3 bliana (seachas gach 5) agus déanfar é de réir modheolaíochta arna fhoilsiú ag Coimisiún na Meán. Cuirfear an t-athbhreithniú in ionad an ráitis bhliantúil ar ghealltanais feidhmíochta, faoina leagfaidh RTÉ agus TG4 amach a ngealltanais feidhmíochta agus a méadrachtaí féin. Ina áit sin, tríd an athbhreithniú leasaithe, leagfaidh Coimisiún na Meán amach gealltanais agus aschur feidhmíochta agus táscairí agus méadrachtaí gaolmhara RTÉ agus TG4 ar feadh tréimhse 3 bliana, ar bhonn aighneachta a dhéanfaidh RTÉ agus TG4 i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe. Tá cleachtas reatha an rialtóra ag déanamh molta don Aire maidir leis an leibhéal cuí maoinithe poiblí do RTÉ agus TG4 don tréimhse faoi athbhreithniú á choinneáil.
• Beidh na ráitis straitéise ullmhaithe ag RTÉ agus TG4 gach 3 bliana anois (in ionad gach 5) agus ullmhófar iad taobh istigh de shé mhí ó fhreagra an Rialtais ar an athbhreithniú 3 bliana ar mhaoiniú poiblí.
• Neartófar an t-athbhreithniú bliantúil reatha ar fheidhmíocht agus ar mhaoiniú poiblí go suntasach le tuilleadh forálacha cuntasachta agus trédhearcachta agus cuirfidh Coimisiún na Meán faoi bhráid an Aire é (agus leagfar faoi bhráid an Oireachtais ina dhiaidh sin é) ina dhá chuid le linn na bliana:
o sa chéad chuid, atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfar athbhreithniú, inter alia, ar cé acu, i gcomhthéacs athbhreithnithe 3 bliana, ar chomhlíon RTÉ agus TG4 a ghealltanais feidhmíochta an bhliain roimhe sin agus moladh leibhéal maoinithe poiblí do RTÉ agus TG4 do na blianta airgeadais reatha agus atá le teacht;
o déanfaidh an dara cuid, atá le cur isteach faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, athbhreithniú ar chomhlíonadh mhaoiniú RTÉ agus TG4 le rialacha sonracha a bhaineann le státchabhair a leagtar amach san Acht Craolacháin 2009.
Faoi láthair, íocann gach seirbhís craolacháin trí thobhach tionscail Choimisiún na Meán an costas a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar mhaoiniú agus ar fheidhmíocht RTÉ agus TG4. Forálann an Scéim Ghinearálta go ndéanfaidh Coimisiún na Meán costas an chórais measúnaithe feabhsaithe a fhorchúiteamh trí thobhach ar RTÉ agus TG4 amháin. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh an earnáil craolacháin tráchtála ag tras-fhóirdheonú do ghníomhaíochtaí rialála a bhaineann le RTÉ agus TG4 amháin.
Forálann an Scéim Ghinearálta freisin go bhféadfaidh Coimisiún na Meán Coiste Athbhreithnithe Meáin Seirbhíse Poiblí a cheapadh, ar a bhfuil saineolaithe agus príomhpháirtithe leasmhara, chun comhairle a chur orthu maidir le gach ceann de na hathbhreithnithe a leagtar amach thuas a dhéanamh. Cinnteoidh sé seo go mbeidh rochtain ag an rialtóir ar raon saineolais i réimsí ar nós na heacnamaíochta, an rialachais chorparáidigh, agus oibriú earnáil na meán le linn dó a chuid athbhreithnithe a dhéanamh.
Item was unpublished or removedChun ailíniú leis an ngealltanas maoinithe poiblí ilbhliantúil arna chomhaontú ag an Rialtas i mí Iúil 2024, beidh éifeacht iomlán ag an timthriall measúnaithe nua ó 2028 ar aghaidh. Faoi réir a achtú in 2025, déanfar gnéithe den chóras nua a chéimniú isteach mar seo a leanas:
• Déanfar an chéad athbhreithniú 3 bliana ar leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí don tréimhse 2028 – 2030 a sheachadadh don Aire faoi mhí an Mheithimh 2027 agus beidh gealltanais feidhmíochta ann do RTÉ agus do TG4 don tréimhse. Tiocfaidh an t-athbhreithniú 3 bliana in ionad an athbhreithnithe 5 bliana atá ar marthain don tréimhse 2023 – 2027 a bheidh ullmhaithe ag Coimisiún na Meán faoin gcóras reatha.
• Maireann straitéis reatha TG4 ó 2023 – 2027 agus ritheann straitéis reatha RTÉ ó 2025 – 2029. Tar éis don athbhreithniú 3 bliana ar mhaoiniú poiblí a bheith críochnaithe in 2027, beidh ar RTÉ agus TG4 araon ráitis straitéise 3 bliana nua a ullmhú do na blianta 2028 – 2030 chun ailíniú leis an timthriall measúnaithe nua.
• Ó 2026 ar aghaidh, ullmhóidh Coimisiún na Meán an t-athbhreithniú bliantúil leasaithe ar fheidhmíocht agus ar mhaoiniú poiblí i leith na bliana 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin. Déantar é seo chun a áirithiú go dtiocfaidh na bearta nua cuntasachta agus trédhearcachta i bhfeidhm a luaithe is indéanta.
Creat nua do sholáthar ábhar seirbhíse poiblí
Déanann an Scéim Ghinearálta foráil do chreat nua chun tacú le táirgeadh, dáileadh agus cartlannú ábhar seirbhíse poiblí a chuirfear ar fáil ar sholáthraithe ábhar seirbhíse poiblí. Leagtar amach sa Scéim Ghinearálta sainmhínithe ar ábhar seirbhíse poiblí agus ar sholáthraí ábhar seirbhíse poiblí:
• Sainmhínítear ábhar seirbhíse poiblí mar ábhar a thugann eolas, a chuireann oideachas nó siamsaíocht ar fáil agus a bhaineann le raon leathan catagóirí amhail cultúr, ceol, teanga, stair, oidhreacht, sochaí agus spórt na hÉireann agus nithe eile a bhaineann le hÉirinn agus le muintir oileán na hÉireann. Chun cáiliú mar ábhar seirbhíse poiblí, caithfidh ceann de na rudaí seo a leanas a bheith san ábhar:
o clár fuaime nó closamhairc, a d’fhéadfaí a chraoladh nó a chur ar fáil i seirbhís físe ar éileamh (i.e. an RTÉ Player) nó i gcineál eile catalóige (amhail sraith podchraoltaí a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin nuachtáin nó seirbhís eile);
o aon rud a fhoilsítear i nuachtán nó irisleabhar (ar líne nó as líne); nó
o ábhar a chuireann soláthraí ábhar seirbhíse poiblí ar fáil ar sheirbhís ar líne (cosúil le seirbhís ardán comhroinnte físe) (i.e. físeáin ghearra arna roinnt ag nuachtán).
• Féadfaidh foilsitheoirí nuachtáin agus irisleabhair (cibé acu ar líne nó as líne), soláthraithe seirbhísí craolacháin, soláthraithe seirbhísí físe ar éileamh agus soláthraithe ‘podchraoltaí’ a áireamh ar sholáthraí ábhar seirbhíse poiblí. Chun cáiliú faoin sainmhíniú seo, ní mór do sholáthróirí a bheith faoi réir ceanglas rialála agus maoirseacht údaráis rialála (m.sh. Coimisiún na Meán i gcomhthéacs na hÉireann) nó cloí le cóid nó caighdeáin atá leagtha síos ag comhlacht féinrialála atá aitheanta go forleathan (cosúil leis an gComhairle Preasa).
Leagann an Scéim Ghinearálta amach freisin sainmhíniú ar ‘lucht féachana nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu’ chun soláthar a dhéanamh do riachtanais na bpobal nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu maidir le hábhar seirbhíse poiblí a bhaineann lena bpobal.
Tá trí phríomhghné sa chreat nua a leagtar amach sa Scéim Ghinearálta:
• Déanfaidh Coimisiún na Meán athbhreithniú ar sholáthar ábhar seirbhíse poiblí ag soláthraithe ábhar seirbhíse poiblí sa Stát gach trí bliana, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a fhoilseofar. Cuirfidh an t-athbhreithniú seo an bonn ar fáil do Choimisiún na Meán chun measúnú a dhéanamh ar bhearnaí i soláthar ábhar na seirbhíse poiblí agus chun bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin (lena n-áirítear maidir le riachtanais an lucht éisteachta nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu), go háirithe scéimeanna maoinithe a dhéanamh. Forálann an Scéim Ghinearálta freisin go bhféadfaidh Coimisiún na Meán Coiste Athbhreithnithe Ábhar Seirbhíse Poiblí a cheapadh, ar a bhfuil saineolaithe agus príomhpháirtithe leasmhara, chun comhairle a chur orthu maidir le ceann de na hathbhreithnithe a a dhéanamh.
• Déanfar an Ciste Craolacháin reachtúil reatha a thiontú go Ciste Meán, arna riar ag Coimisiún na Meán. Leanfar ag maoiniú an Chiste ar bhonn bliantúil faoi 7% de ghlanfháltais cheadúnais teilifíse agus leithdháileadh Státchiste. Don bhliain 2025, leithdháil an tAire maoiniú Státchiste €16 mhilliún, lena n-áirítear maoiniú €6 mhilliún chun ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil ag craoltóirí tráchtála trí Scéim leathnaithe Fuaime agus Físe. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, táthar ag súil go soláthróidh an t-athbhreithniú ar sholáthar ábhar seirbhíse poiblí treoir maidir leis an leibhéal riachtanach maoinithe ón Státchiste a theastaíonn chun scéimeanna reatha agus scéimeanna breise a mhaoiniú.
• As na hacmhainní atá ar fáil do Chiste na Meán, ullmhóidh Coimisiún na Meán scéimeanna maoinithe meán chun tacú le táirgeadh, cartlannú agus dáileadh ábhar seirbhíse poiblí a chuirfidh soláthraí ábhar seirbhíse poiblí ar fáil don phobal. Ceanglófar ábhar maoinithe seirbhíse poiblí a chur ar fáil don phobal saor in aisce, a bheith inrochtana, a mhéid is indéanta, do mhuintir oileán na hÉireann agus don lucht éisteachta freastal ceart á dhéanamh orthu. Tugann an creat nua an tsolúbthacht do Choimisiún na Meán scéimeanna a shaincheapadh de réir mar is cuí chun riachtanais an lucht féachana agus éisteachta agus soláthraithe ábhar seirbhíse poiblí a chur san áireamh. Áirítear leis sin an rogha scéimeanna a dhéanamh a imfhálódh maoiniú do chatagóirí sonraithe de sholáthraithe ábhar seirbhíse poiblí, do chineálacha sonraithe ábhar seirbhíse poiblí, do limistéir gheografacha shonraithe nó lena gceanglaítear cion maoinithe a leithdháileadh ar tháirgeoirí neamhspleácha clár closamhairc nó fuaime.
Faoi réir forálacha chun aistriú gan dua a chinntiú i leith scéimeanna reatha mar an Scéim Fuaime agus Físe, tá sé beartaithe go soláthróidh an Scéim Ghinearálta an bonn reachtaíochta uileghabhálach aonair chun gach scéim maoinithe meán a dhéanamh. Go háirithe, leanfaidh an Scéim Fuaime agus Físe atá ann cheana ag feidhmiú go dtí go mbeidh scéim leathnaithe (lena n-áirítear soláthar do mhaoiniú ábhar nuachta agus cúrsaí reatha) glanta chun críocha cúnaimh Stáit.
An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán
Tá sé mar aidhm ag an Acht Eorpach um Shaoirse na Meán an margadh inmheánach do sheirbhísí meán a neartú, agus iolrachas na meán agus neamhspleáchas na meán san AE a chosaint trí rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta áirithe a chomhchuibhiú. Beidh an tAire ag breithniú freagraí ó Item was unpublished or removed maidir le trasuíomh AESM i ndlí na hÉireann. Tá bearta in Airteagal 5 den AESM chun neamhspleáchas na soláthraithe meán seirbhíse poiblí a chosaint, a chuirfear i bhfeidhm i ndlí na hÉireann leis an Scéim Ghinearálta.