Fógraíonn an tAire Martin go gcuirfear bailiúchán suntasach saothair ealaíne leis an mBailiúchán Náisiúnta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 21 Aibreán 2021
Inniu, d’fhógair an tAire Martin go gcuirfear 422 saothar ealaíne le 70 ealaíontóir leis an mBailiúchán Náisiúnta, a bhuí le maoiniú €1m a tugadh do Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus do Ghailearaí Ealaíne Crawford i mí Dheireadh Fómhair 2020.
D’oibrigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis na Forais Náisiúnta Cultúir le linn phaindéim COVID-19 chun bealaí fiúntacha a fhorbairt chun tacú le healaíontóirí ar fud na tíre sa tréimhse dhúshlánach seo. I mí Dheireadh Fómhair 2020, gheall an tAire Martin €1m óna Roinn do Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus do Ghailearaí Ealaíne Crawford chun saothair ealaíne le healaíontóirí atá ina gcónaí agus/nó ag obair in Éirinn a cheannach. Chuir an infheistíocht ar chumas an dá institiúid a cuireadh de chúram orthu ealaín chomhaimseartha a bhailiú tacú le healaíontóirí trí shaothair ealaíne a cheannach, ag tabhairt acmhainní airgeadais don earnáil atá ag teastáil go géar.
D’oibrigh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Gailearaí Ealaíne Crawford gan stad chun an sprioc chéimnitheach seo a bhaint amach don Bhailiúchán Náisiúnta agus inniu, d'fhógair an tAire an liosta saothar a fuarthas. Roghnaíodh bailiúchán 422 saothar ealaíne le 70 ealaíontóir ar fud na tíre trí phróiseas mionchúiseach a chuir an dá institiúid i gcrích chun saothair stráitéiseacha agus stuama a fháil don náisiún. Clúdaíonn na saothair an tréimhse idir 1972 agus 2021, agus tá pictiúir, grianghraif, líníochtaí, dealbha, suiteáin, íomhánna gluaisteacha, saothair fuaime, scannáin, saothair dhigiteacha, bróidnéireacht agus taibhithe sa bhailiúchán. Cuireann sé seo borradh suntasach faoin dá bhailiúchán, ag neartú agus ag méadú fairsinge stíle na saothar. Beidh an dá bhailiúchán fíor-ionadaíoch ar an gcleachtas Éireannach comhaimseartha agus ar fáil don phobal le go mbainfidh na glúnta atá le teacht taitneamh as.
Mar thaisclann chultúrtha don tír, léiríonn na Forais Náisiúnta Cultúir Éire agus muintir na hÉireann agus insíonn siad scéal na tíre. Is í seo an chéad uair i níos mó ná deich mbliana a chuirfear maoiniú suntasach ar fáil chun cur leis an mBailiúchán Náisiúnta le go léireoidh sé an cultúr comhaimseartha.
Aithníonn an tAire an cumas ollmhór atá sna healaíona in Éirinn mar aon leis an tábhacht a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh air sin sa Bhailiúchán Náisiúnta. Ag am nuair nach bhfuil mórán deiseanna taispeántais ann, chuir an maoiniú ar chumas Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Ghailearaí Ealaíne Crawford ealaíontóirí a chur chun cinn, agus an cháil atá orthu a thacú agus a mhéadú trína saothair a fháil don Bhailiúchán Náisiúnta le go mbeidh siad in ann oibriú mar ealaíontóirí, i láthair na huaire agus amach anseo.
Dúirt an tAire:
“Tá a fhios againn go léir cé chomh dúshlánach is atá an tréimhse seo do gach duine sa phobal ealaíonta. Tá an-áthas orm maoiniú a chur ar fáil do Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus do Ghailearaí Ealaíne Crawford le gur féidir leo tacú le healaíontóirí trína saothair a cheannach. Tá mé muiníneach go ndéanfaidh na Forais Náisiúnta Cultúir clú na n-ealaíontóirí seo sa chaoi a ndéanfaidh siad ionadaíocht ar a gcuid oibre”.
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Bhí an bhliain seo thar a bheith dúshlánach chomh maith dár bhforais go léir ach thug sé deis dúinn machnamh a dhéanamh ar iarsmalanna, ar cé chomh tábhachtach is atá siad dúinne agus ar an gcaoi a roinnimid na saothair ealaíne luachmhara seo atá inár mBailiúchán Náisiúnta. Táim ag súil leis an mbealach a roinnfidh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Gailearaí Ealaíne Crawford na saothair nua seo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a fheiceáil. Beidh an pobal go léir in ann féachaint orthu, taitneamh a bhaint astu, spreagadh a fháil uathu agus taighde a dhéanamh orthu.”
Dúirt an t-ealaíontóir, Sandra Johnston, a bhfuil saothar dá cuidse faighte ag Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann:
“Is mór an onóir dom go bhfuil saothair ealaíne de mo chuidse i mbaliúchán Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann, go háirithe mar gheall ar nádúr gearrshaolach, gasta na léirithe poiblí. Mar sin, tugann an fhiosracht a léirigh na coimeádaithe sásamh dom in iniúchadh a dhéanamh ar an bpictiúr iomlán maidir le conas a thagann tú suas le saothar ealaíne, conas a chuireann tú é i gcrích agus conas a scaipeann tú é tar éis an nóiméid bheo, creatlach atá fíorthábhachtach chun na déantáin atá ann go fóill a thuiscint.”
Dúirt an t-ealaíontóir, Tom Climent, ar cheannaigh Gailearaí Ealaíne Crawford saothar dá chuidse:
“Is mór an spreagadh a thug sé dom gur cheannaigh Gailearaí Ealaíne Crawford mo shaothar don Bhailiúchán Náisiúnta. Tá sé níos fearr fós ag an am seo nuair atá gailearaithe dúnta agus laghdú tar éis teacht ar dheiseanna chun saothair a thaispeáint. Is é an t-aitheantas a thugann sé do mo chuid oibre agus an dearbhú a thugann sé dom a spreagann mé, agus ní an t-ioncam airgid amháin. Nuair atá pictiúr ar taispeáint go poiblí, maireann sé agus tá súil agam go bhfeicfidh go leor daoine eile é. Gabhaim buíochas leis an bhfoireann go léir i nGailearaí Ealaíne Crawford agus le Gailearaí Sternview, chomh maith, a chabhraigh liom é seo a dhéanamh.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann
Líon na Saothar a Fuarthas:
197 saothar (89 pictiúr, 32 prionta, 26 líníocht, 12 fhoilseachán, 11 léiriú, 10 ndealbh, 10 n-íomhá ghluaisteacha, 5 shuiteán, 1 ghrianghraf, 1 saothar fuaime)
An dáta a rinneadh na saothair: 1972, 1977, 1980, 1984, 1986, 1987, 1988, 1999, 2000, 2002, 2008, 2009, 2010, 2011, 2012, 2014, 2015, 2016, 2017, 2019, 2020, 2021.
Gailearaí Ealaíne Crawford
Líon na Saothar a Fuarthas:
225 saothar (100 pictiúr, 58 grianghraf, 14 phrionta, 28 líníocht, 8 ndealbh, 4 shuiteán, 1 saothar fuaime, 5 scannán dhigiteacha, 1 chuilt ealaíne, 6 bhróidnéireacht)
An dáta a rinneadh na saothair: 2002, 2005, 2009, 2011, 2012, 2015, 2017, 2018, 2019, 2020, 2021.
Líon na nEalaíontóirí:
Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann
31 ealaíontóir (21 bean, 8 fear, 2 neamhdhénártha)
Gailearaí Ealaíne Crawford
39 ealaíontóir (24 bean, 12 fear, 3 LADTA+)
Réimse stíle an tsaothair: Saothair ardchaighdeáin de chuid ealaíontóirí atá ina gcónaí in Éirinn a ceannaíodh ó shaothair a bhí ann cheana féin. Suiteáin, dealbha, picitiúir, físeáin, scannáin, priontaí, líníochtaí, teicstílí, foilseacháin, taibhithe, saothair dhigiteacha ealaíne, fuaimeannna, saothair chomhoibríocha: léiriú agus aschur cruthaitheach de chuid ealaíontóirí atá dioscúrsach nó bunaithe ar imeacht, agus a rinneadh ina n-aonar nó mar chomharghrúpa san áireamh.
Síneadh Tíreolaíoch na nEalaíontóirí: Ar fud na tíre, (32 contae) ealaíontóirí atá ina gcónaí in Éirinn nó a bhíonn ina gcónaí/ag obair in Éirinn agus áit éigin eile chomh maith.
Próiseas ar chuir Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Gailearaí Ealaíne Crawford i bhfeidhm
Ag brath ar thaighde fhairsing agus saineolas inmheánach, d’oibrigh an dá fhoras i gcomhar le comhairleoirí seachtracha chun próiseas mionchúiseach roghnúcháin a chur i bhfeidhm. Chinntigh an próiseas seo go raibh na saothair a ceannaíodh ag teacht le polasaithe ceannaigh a bhain leo, gur líon siad bearnaí san ionadaíocht agus gur chuir siad leis na bailiúcháin ar mhaithe leis an náisiún.
Liosta Iomlán na nEalaíontóirí
Gailearaí Ealaíne Crawford
Aideen Barry
Sara Baume
Stephen Brandes
Angela Burchill
Declan Byrne
Elaine Byrne
Tom Climent
Yvonne Condon
Elizabeth Cope
Gary Coyle
Stephen Doyle
Rita Duffy
Amanda Dunsmore
Kevin Gaffney
Debbie Godsell
Michael Hanna
Marie Holohan
Katie Holten
Brianna Hurley
Andrew Kearney
John Keating
Fiona Kelly
Anne Kiely & Mary Palmer
Roseanne Lynch
Brian Maguire
Evgeniya Martirosyan
Danny McCarthy
Roseleen Moore
Peter Nash
Ailbhe Ní Bhriain
Íde Ní Shúilleabháin
Nuala O’Donovan
Sarah O’Flaherty
Tom O’Sullivan
Michael Quane
Jennifer Trouton
Charles Tyrrell
Daphne Wright
Gailearaí Nua-Ealaíne na hÉireann
Bassam Al-Sabah
Marie Brett
Sarah Browne & Jesse Jones
Anishta Chooramun
Amanda Coogan
Vivienne Dick
Edy Fung
Emma Wolf Haugh
Patricia Hurl
Sandra Johnston
Eithne Jordan
John Lalor
Breda Lynch
Alice Maher
Leanne McDonagh
Eoin McHugh
Alastair MacLennan
Sibyl Montague
Maïa Nunes
Brian O’Doherty
Alanna O’Kelly
Sarah Pierce
Atoosa Pour Hosseini
Alice Rekab
Nigel Rolfe
Dermot Seymour
Rajinder Singh
Anne Tallentire
Cléa van der Grijn
Eimear Walshe