Fógraíonn an tAire Martin, maoiniú €50,000 do gach údarás áitiúil i 2021, faoin tSraith Phobail de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2020
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. inniu, maoiniú €1.75 milliún d’údaráis áitiúla i 2021, chun tacú lena bpríomhról maidir le gníomhaíochtaí cuimhneacháin atá faoi cheannas an phobail don chéim dheiridh den Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán.
Déanfar €50,000 a leithdháileadh ar gach Údarás Áitiúil chun tacú lena bpleananna do 2021. Tá €200 breise ar fáil do na húdaráis áitiúla sin a bhfuil aon riachtanais bhreise acu maidir le himeachtaí cuimhneacháin faoi leith agus tionscadail eile atá níos mó.
Inniu, dúirt an tAire Martin:
‘Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na húdaráis áitiúla ar fad as a bhfreagairt a bheith chomh díograiseach, chomh huaillmhianach agus chomh samhlaíoch agus iad ag forbairt a gcuid clár cuimhneachán don bhliain seo. Tá a fhios agam go raibh obair mhór i gceist a gcuid pleananna a oiriúniú i mbealach chomh hoilte mar fhreagairt ar dhúshláin ollmhóra na paindéime COVID-19’.
Tugann céim dheiridh Deich mBliana na gCuimhneachán (2021 – 2023) chun cuimhne roinnt de na himeachtaí is suntasaí, is trámaí agus go minic fós na himeachtaí atá go han-phearsanta dúinn inár stair chomhroinnte lena n-áirítear Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha, an Chríochdheighilt agus bunú Thuaisceart Éireann. Beidh ról tábhachtach ag cur chuige machnamhach agus cúramach ár n-údarás áitiúil chun tacú leis an gcomhrá náisiúnta agus leis an ngleic phoiblí mheasúil maidir leis an tréimhse seo inár stair.
Tá sé i gceist agam leanúint leis an gcur chuige comhoibríoch seo idir an Stát, na húdaráis áitiúla, agus pobail áitiúla, a d’oibrigh chomh maith go dtí seo, lena chinntiú go gcuimhneofar ar na himeachtaí íogaire agus dúshlánacha inár stair chomhroinnte i mbealach cuimsitheach, tomhaiste agus cothrom.
Léiríonn an pacáiste cistiúcháin seo méadú suntasach ar bhlianta eile agus taispeánann sé an mhuinín agus an iontaoibh atá againn as ár bpairtnéirí údaráis áitiúla le tionscnaimh shamhlaíocha agus atá ina n-ábhar machnamh a sholáthar i 2021. Tá iarrtha agam ar údaráis áitiúla €15,000 ar a laghad ón maoiniú seo do 2021 a leithdháileadh chun tacú le dianiarrachtaí ealaíne agus cruthaitheacha. Tá súil agam go gcuirfidh obair ealaíontóirí agus cleachtóirí cruthaitheacha ardán ar fáil chun tacú le agus chun machnamh agus cuimhneachán comhroinnte a spreagadh sa tréimhse thar a bheith deacair seo inár stair’.
Nótaí don Eagarthóir:
I 2021, beidh údaráis áitiúla ag machnamh ar cheangail áitiúla leis na himeachtaí staire suntasacha a tharla céad bliain ó shin, le tacaíocht ó na prionsabail agus treoir atá leagtha síos ag an Sainghrúpa Comhairleach maidir leis na Cuimhneacháin Chéad Bliain. Cén chaoi, mar shampla, ar glacadh le nó a ndearnadh ceiliúradh go háitiúil ar imeachtaí mar Shíniú an tSosa Chogaidh, Díospóireachtaí agus Caibidlí maidir le Sos Cogaidh Angla- Éireannach, agus Síniú an Chonartha
Aithníonn cur chuige An Rialtais an gá atá le bheith íogair maidir leis an gcomhthéacs staire aitiúil agus nach raibh aon taithí aonghnéitheach le linn Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha – laistigh de chontaetha nó ar fud oileán na hÉireann. Tá sé mar aidhm acu rannpháirtíocht ó gach traidisiún agus pobal ar an oileán a éascú agus chun insintí agus cleachtaí áitiúla a aithint le fócas i gcónaí ar chuimhneachán agus athmhuintearas atá measúil.
Leanfar go mbeidh an chomhairle sláinte atá ag teacht chun cinn agus bearta cosanta COVID-19 an Rialtais ag múnlú agus mar bhonn agus thaca ag pleananna do na himeachtaí comórtha agus gníomhaíochtaí for-rochtana gaolmhara ar fad i 2021.
Is iad seo a leanas cuspóirí Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán ó 2021-2023:
- Díriú ar théamaí cuimhneacháin agus athmhuintearais agus ar chomóradh iad sin ar fad a fuair bás le linn na tréimhse sin;
- Tuiscint níos doimhne a chur chun cinn ar imeachtaí staire suntasacha na tréimhse sin, a aithníonn go raibh cleachtaí staire comhroinnte na mblianta sin mar bhun le hinsintí agus cuimhní thar a bheith difriúil;
- Machnamh a spreagadh ar na féiniúlachtaí, traidisiúin agus dearcthaí iolracha atá mar chuid den taithí staire Éireannach go ginearálta;
- Freagairt go híogair don chomhthéacs staire áitiúil, ag aithint nach raibh aon taithí aonghnéitheach laistigh de chontaetha nó ar fud oileán na hÉireann; agus
- Leanúint le cur chuige oscailte agus sainchomhairleoireachta maidir le cuimhneacháin, a fhéachann le síocháin agus athmhuintearas a neartú ar fud oileán na
hÉireann. Mar chuid lárnach den athmhuintearas tá aitheantas ar dhlisteanacht na dtraidisiún ar fad ar an oileán a fhaigheann a bhféiniúlacht agus a gcomhchuimhne ónár stair chomhroinnte.