Fógraíonn an tAire Martin maoiniú €6 mhilliún chun spásanna oibre a sheachadadh d’ealaíontóirí ar fud na tíre
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 21 Meitheamh 2024
Scéim Phíolótach i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla chun cur le spásanna oibre ealaíontóirí i gcathracha agus i mbailte ar fud na hÉireann.
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. sonraí faoi scéim phíolótach nua a chuirfidh ar chumas na nÚdarás Áitiúil soláthar spásanna oibre d’ealaíontóirí ar fud na hÉireann a mhéadú.
Léirítear i dtaighde a rinne an Roinn seo, i ndiaidh plé thar roinnt blianta leis na hearnálacha cruthaitheacha agus geilleagair oíche, go bhfuil an t-éileamh ar spásanna oibre ealaíontóirí i bhfad níos airde ná an soláthar, rud a fhágann go bhfuil ganntanas forleathan spásanna cruthaitheacha ar nós stiúideonna agus ionaid léirithe.
Aithníonn an Roinn go bhfuil ról lárnach ag na hÚdaráis Áitiúla i seachadadh an bhonneagair atá riachtanach chun spásanna oibre ealaíontóirí a sholáthar ar fud na tíre. Is le hÚdaráis Áitiúla nach mór leath de na foirgnimh Spás Oibre d’Fhís-Ealaíontóirí (43%). Ina fhianaise seo chuaigh an Roinn i dteagmháil le roinnt Údaráis Áitiúla chun an scéim seo a fhorbairt.
Tá ról ríthábhachtach ag oifigí ealaíon na nÚdarás Áitiúil freisin i bhfás, i gcur chun cinn agus in inbhuanaitheacht na n-ealaíon in Éirinn lena n-áirítear tacaíocht d’ealaíontóirí trí dheontais, cónaitheachtaí agus forbairt gairme ina réimsí faoi seach.
Tá an maoiniú seo ar aon dul le gealltanas i gclár an Rialtais soláthar spásanna oibre inacmhainne a mhéadú d’ealaíontóirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha agus a chinntiú go seachadtar go tráthúil gealltanas infheistíochta caipitil sna healaíona agus sa chultúr, mar a leagtar amach i dTionscadal Éire 2040.
Agus cuairt á tabhairt ag an Aire Martin ar spás oibre a forbraíodh le déanaí i bPlás Ard Aidhin, dúirt sí:
“Mar Aire Ealaíon, tuigim go rímhaith an brú atá ar ealaíontóirí, lena n-áirítear iad siúd in earnáil an cheoil leictreonaigh, chun spásanna oibre oiriúnacha a aimsiú agus is é sin an fáth a thug mé gealltanas maoiniú caipitil a chur ar fáil do sholáthar spásanna oibre ealaíontóirí. Is iad ár n-údaráis áitiúla a thionscnaíonn go leor dár mbonneagar cultúrtha agus is acmhainní ríthábhachtacha iad i seachadadh idirghabhálacha ealaíon agus cultúir le blianta fada anuas. In 2023 chuir mo Roinnse €3 mhilliún ar fáil do Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath le haghaidh ‘Spás le Cruthú’ a fhágfaidh go bhforbrófar seasca spás oibre ealaíontóirí i gCathair Bhaile Átha Cliath. Tabharfaidh seoladh an lae inniu aghaidh ar an nganntanas spásanna oibre sa chuid eile den tír.”
Dúirt Coilín O’Reilly, Cathaoirleach Choiste CCMA RCCH agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Chontae Cheatharlach:
“Cuirtear fáilte roimh ‘Scéim Spásanna Oibre Ealaíontóirí’ leis na huirlisí is féidir le hÚdaráis Áitiúla a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna folúis agus tréigthe, chomh maith le beocht, gníomhaíocht agus dath a chur lenár mbailte agus ár sráidbhailte. Le 40% de mhaoiniú meaitseála ó na hÚdaráis Áitiúla, comhpháirtíocht atá sa scéim seo atá in ann na healaíona a athrú ó bhonn ag leibhéal áitiúil.”
I measc na ngnéithe den Scéim Phíolótach Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí, tá:
• Iarrtar ar údaráis áitiúla tionscadail chaipitil a mholadh do spásanna oibre inrochtana inacmhainne d’alaíontóirí atá oiriúnach don fheidhm agus ina ndírítear ar dhearadh.
• Cuirfear maoiniú ar fáil do thionscadail ina ndírítear ar sheacadadh bonneagair chun soláthar agus rochtain ar Spásanna Oibre Ealaíontóirí a mhéadú.
• Cuirfear deontais chaipitil suas le €300,000 ar fáil do na hÚdaráis Áitiúla seo a leanas ina bhfuil daonra ard má dhéanann siad iarratas; Comhairle Chathair Chorcaí, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Chathair na Gaillimhe, Comhairle Chathair Luimnigh, Comhairle Chontae Lú, Comhairle Chontae Átha Cliath Theas, Comhairle Chathair Phort Láirge;
• Cuirfear deontais chaipitil suas le €150,000 ar fáil do na hÚdaráis Áitiúla eile.
Glacfar le hiarratais ón lá inniu agus is féidir tuilleadh eolais a léamh ag an nasc seo a leanas