Fógraíonn an tAire Martin sraith láidir gníomhartha mar fhreagairt ar thuarascáil thábhachtach earnáil na n-ealaíon
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé mar aidhm ag bearta aghaidh a thabhairt ar chultúr iompraíochtaí díobhálacha san áit oibre a nochtadh i suirbhé ar níos mó ná 1,300 oibrí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, sraith láidir gníomhartha agus maoiniú breise mar fhreagairt ar mholtaí thuarascáil thábhachtach a choimisiúnaigh Institiúid Amharclainne na hÉireann thar ceann na Roinne. I measc na mbeart tá comhoibriú idir an Roinn, an Chomhairle Ealaíon agus Fís Éireann maidir le maoiniú poiblí a leithdháileadh de réir an cheanglais cloí le treoirlínte náisiúnta agus próisis sábháilteachta (agus tuairiscithe) san ionad oibre. Tá leathnú na n-acmhainní agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil saor in aisce d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon sna bearta a fógraíodh chomh maith. I measc na n-acmhainní agus na seirbhísí sin tá treoir maidir le hacmhainní daonna, le comhairleoireacht, le hidirghabháil agus le ceisteanna dlí, nuair is gá.
Rinne an tAire Martin an fógra agus í ag seoladh tuarascáil Institiúid Amharclainne na hÉireann ‘Speak Up: A Call for Change’ inniu. Tugann an tuarascáil cuntas ar thorthaí shuirbhé cuimsitheach a rinneadh ar oibrithe in earnáil na n-ealaíon in Éirinn. Fuair sé amach go raibh taithí ag tromlach na 1,300 freagróir (70%) agus / nó go bhfaca siad (53%) cineál éigin iompraíochtaí díobhálacha (bulaíocht, ciapadh, ciapadh gnéasach, náiriú, íospairt, ionsaí agus ionsaí gnéis) a bhaineann an bonn de cheart daoine chun na dínite ag an obair.
Reáchtálann Institiúid Amharclainne na hÉireann Speak Up ACTiON Dínit san Áit Oibre don earnáil ealaíon, agus tá an tuarascáil seo mar chuid den tionscnamh. Cuimsíonn an tuarascáil sraith moltaí a bhfuil sé mar aidhm acu athrú cultúrtha agus struchtúrtha a dhéanamh chun dínit san áit oibre a chinntiú.
D’fhógair an tAire Martin na bearta agus maoiniú breise €200,000 chun tacú le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála agus leanúint le hobair Speak Up ACTiON Institiúid Amharclainne na hÉireann. Leathnaíodh scóip na hoibre seo níos faide ná an amharclann agus isteach i ngach earnáil ealaíon le béim ar: -
- Leithdháileadh mhaoiniú poiblí de réir an cheanglais cloí le treoirlínte náisiúnta agus próisis sábháilteachta (agus tuairiscithe) san áit oibre.
- Comhpháirtíochtaí agus comhoibriú a neartú ar fud foirmeacha ealaíne chun tiomantas i leith Dínite san Áit Oibre a leabú do gach ealaíontóir agus oibrí ealaíon in Éirinn;
- Tacaíochtaí struchtúracha agus acmhainní a thabhairt isteach ar féidir leo siúd atá ag obair san earnáil rochtain a fháil orthu, go háirithe ealaíontóirí neamhspleácha agus comhlachtaí beaga;
- Suíomh Gréasáin Dínite san Áit Oibre a fhorbairt, áit a mbeadh acmhainní agus eolas ábhartha ar fáil lena n-áirítear Cóid Iompraíochta earnála, cáipéisí beartais, agus faisnéis eile d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon;
- Acmhainní oiliúna a fhorbairt lena n-áirítear deiseanna ‘Traenáil an Traenálaí’, go háirithe sna réimsí a bhaineann le comhordú chaidreamh collaí agus oiliúint Bystander in earnáil na n-ealaíon chun soláthar leanúnach a chinntiú;
- An t-iompar agus an cultúr san áit oibre ealaíon a athrú do gach duine trí fheasacht ar na fadhbanna a ardú trí fheachtais chomhordaithe agus phleanáilte;
- Déanfar na gníomhartha seo trí oibriú le hEagraíochtaí Acmhainne Artform chun rochtain a thabhairt d’ealaíontóirí ar thacaíochtaí riachtanacha, comhairle, cúnamh praiticiúil, idirghabháil agus monatóireacht chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna Dínite san Áit Oibre, i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí iomchuí lena n-áirítear an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn;
- Déanfaidh Institiúid Amharclainne na hÉireann comóradh cúig bliana ar ghluaiseacht Waking the Feminists a cheiliúradh freisin a leag béim ar éagsúlacht inscne san ionad oibre agus a bhí ann sular tháinig Speak Up ar an bhfód agus
- déanfar suirbhéanna breise sna blianta atá romhainn chun monatóireacht a dhéanamh ar rath na mbeart a rinneadh.
Dúirt an tAire Martin:
“Cuirim fáilte roimh an tuarascáil seo agus tacaím leis na moltaí a dhéantar inti. Cuireann codanna faoi leith den suirbhé imní orm. Tharla an chuid is mó de na cásanna a tuairiscíodh san áit oibre, tuairiscíodh go bhfuil poist údaráis ag déantóirí agus go minic ní raibh iarmhairtí ar a gcuid gníomhartha díobhálacha.
“Léiríonn an suirbhé go dtarlaíonn na seacht n-iompraíocht dhíobhálacha: bulaíocht, náiriú, ciapadh, ciapadh gnéasach, íospairt, ionsaí gnéis agus ionsaí ar fud earnáil na n-ealaíon, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann maoiniú poiblí. Dearadh na socruithe atá á gcur i bhfeidhm agam mar fhreagairt ar Speak Up: A Call for Change, chun deireadh a chur leis an sciúirse seo agus dálaí oibre sábháilte a sholáthar d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon. Mar Aire, ba mhaith liom teachtaireacht shoiléir a chur in iúl don earnáil nach nglacfar leis an iompar dochrach seo.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a roinn a dtaithí sa suirbhé seo agus gealltanas a thabhairt dóibh go gcloistear a gcuid guthanna."
Dúirt Stiúrthóir an Chomhairle Ealaíon, Maureen Kennelly:
“Is tionscnaimh thar a bheith luachmhar agus tábhachtach iad tionscadal SpeakUp, agus a thuarascáil inniu, a chuirfidh cultúr dínite agus measa ar fud na n-ealaíon chun cinn agus a chosnóidh é. Cé go dtugtar cuntas duairc i dtorthaí na tuarascála, léiríonn siad na bearta a chaitear a chur i bhfeidhm chun Dínit san Áit Oibre a fheabhsú go suntasach do gach ealaíontóir agus oibrí ealaíon. Cuirim fáilte roimh na moltaí i dtuarascáil an lae inniu agus táim ag tnúth le tacú lena gcur i bhfeidhm trí chomhoibriú le hInstitiúid Amharclainne na hÉireann, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus le comhghleacaithe ar fud na n-ealaíon”.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhís Éireann, Désirée Finnegan:
“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na daoine go léir a chuidigh leis an tuarascáil seo as a misneach chun a dtaithí a roinnt. Cáineann Fís Éireann glan amach aon iompar arb ionann é agus mí-úsáid cumhachta agus tá an eagraíocht tiomanta do thimpeallacht oibre atá saor ó bhulaíocht agus ciapadh de chineál ar bith. Inár straitéis a foilsíodh le déanaí, gheall Fís Éireann beartais éifeachtacha láidre a fhorbairt agus acmhainní a sholáthar chun dínit agus folláine san ionad oibre a chinntiú ar fud na hearnálacha cruthaitheacha físe. Táimid tiomanta d’oibriú le páirtithe leasmhara earnála chun tacú le cur i bhfeidhm na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil seo."
Tá an tuarascáil ar fáil ar https://bit.ly/ITI_SPEAKUP_2021