English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan Grúpa Oibre do Chomóradh Dhrom Collachair

D’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu meitheal oibre a bhunú chun comóradh céad bliain dóiteán phictiúrlann Dhrom Collachair 1926 a phleanáil. Ar an Luan seo caite, an 10 Márta, bhuail an tAire O’Donovan le hionadaithe pobail áitiúla ó Dhrom Collachair, Co. Luimnigh a bhfuil grúpa deonach bunaithe acu chun comóradh a dhéanamh 100 bliain ó dhóiteán phictiúrlainne Dhrom Collachair, inar cailleadh 48 duine go tragóideach. Ag leanúint ar aghaidh ón gcruinniú, tá sé fógartha ag an Aire go mbunódh a Roinn grúpa oibre le rannpháirtíocht áitiúil chun clár imeachtaí comórtha agus bearta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun comóradh cuí a dhéanamh ar chomóradh céad bliain ar an imeacht tragóideach seo. Lárnach don chlár beidh imeacht comórtha foirmiúil a reáchtálfar i nDrom Collachair i Meán Fómhair 2026.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Ní dhearna pobal Dhrom Collachair dearmad ar na heachtraí tragóideacha 100 bliain ó shin inar cailleadh an oiread sin dá ngaolta, cairde agus comharsana. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do Gerry Keyes agus don ghrúpa deonach áitiúil atá ag obair chomh dian sin le pleanáil a dhéanamh do chomóradh na bliana seo chugainn. Oibreoidh mo Roinn go dlúth le muintir Dhrom Collachair chun a chinntiú go mbeidh clár bríoch, cuí agus measúil againn chun an ócáid seo a chomóradh. Caithfidh an clár seo tionchar na tine i 1926 a aithint agus a bheith fréamhaithe go daingean sa phobal áitiúil a d’iompair tionchar an chaillteanais uafásach.”

Dúirt Gerry Keyes, cathaoirleach an ghrúpa Dromcollogher 26:

“Tá an grúpa Dromcollogher 26 thar a bheith sásta go bhfuil an tAire O’Donovan tar éis dul i ngleic le Tubaiste Pictiúrlann Dhrom Collachair mar thosaíocht, chomh luath i ndiaidh a cheapacháin sa Roinn. Tá an grúpa ag tnúth le bheith ag obair leis an roinn sa ghrúpa oibre nua. Beidh comóradh foirmiúil suntasach i nDrom Collachair i Meán Fómhair 2026 mar sprioc chomhroinnte agus tá sé mar chuid lárnach den chaoi ar mian le Dromcollogher 26 ómós a thabhairt do chuimhne na 48 duine a fuair bás i dtubaiste phictiúrlann Dhrom Collachair.”

Bunóidh an tAire an meitheal oibre sna seachtainí atá romhainn agus fógrófar tuilleadh sonraí faoin gclár comórtha níos déanaí i mbliana.

CRÍOCH