Fógraíonn an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Catherine Martin clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021, a bheidh taispeántas buan faoi Stair na hÉireann san 20ú haois mar chuid de
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 27 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2021
Beidh áit lárnach ag na Forais Chultúir agus an Chruthaitheacht i gclár nua comóraidh an Rialtais, a bheidh na nithe seo a leanas mar chuid de:
- Infheistíocht shuntasach i dtaispeántais nua agus i gcoimisiúin ealaíonta sna Forais Náisiúnta Cultúir chun comóradh a dhéanamh ar na príomhchuimhneacháin chéad bliain.
- Searmanas Stáit chun comóradh a dhéanamh ar chuimhneachán céad bliain an tSos Cogaidh
- Maoiniú méadaithe do 31 údarás áitiúil chun tacú le tionscnaimh chomóraidh atá á threorú ag an bpobal
- Go leor eisiúintí nua de bhailiúcháin chartlainne digitithe náisiúnta agus áitiúla
- Comhpháirtíochtaí nua cruthaitheachta, Fighting Words agus Irish Poetry Reading Archive san áireamh
- Tacaíocht leanúnach do Thar 2022 Amach: Tionscadal taighde Thaisce Taifead Fhíorúil na hÉireann
Inniu (27 Aibreán 2021), d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. mórthionscadal nua mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán chun comóradh a dhéanamh ar phríomhimeachtaí i Stair na hÉireann roimh agus le linn na tréimhse idir 1912-1923.
Beidh Gailearaithe faoi Stair na hÉireann san 20ú hAois lonnaithe i Músaem na nEalaíon Maisiúil agus Staire i nDún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath. Cuirfear tús leis an obair i mbliana agus osclófar an taispeántas nua in 2023, am a dhéanfar ceiliúradh ar chomóradh céad bliain Shaorstát Éireann.
Tabharfaidh na gailearaithe buana nua seo seans do chuairteoirí machnamh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha i stair na hÉireann le 120 bliain anuas. Tá foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann ag súil go rachaidh an tionscadal i bhfeidhm ar lucht féachana ó chúlraí éagsúla. Léireoidh an tionscadal oidhreacht thábhachtach Dheich mBliana na gCuimhneachán chomh maith. Tá Roinn an Aire ag cur €2.2m i maoiniú caipitil ar fáil don tionscadal.
Níl sa tionscadal suntasach seo ach gné amháin de chlár an rialtais do Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021, a fhoilseoidh an tAire Martin inniu. Mar aon leis an maoiniú caipitil a cuireadh ar fáil do thionscadal an Mhúsaeim, chuir an Roinn buiséad €5 milliún i maoiniú reatha ar fáil chun tacú le clár 2021, méadú suntasach €3 milliún ar leithdháileadh maoinithe na bliana seo caite.
Díríonn an clár trasrialtais seo aird ar thionscnaimh uaillmhianacha, mealltacha agus fiúntacha a bhfuil éagsúlacht shaibhir acu, chun comóradh a dhéanamh ar chuimhneacháin shuntasacha céad bliain a tharlóidh i mbliana, agus téamaí a bhaineann leo, ar a áirítear;
- Loisceadh Theach an Chustaim ar an 25 Bealtaine 1921;
- Críochdheighilt na hÉireann;
- An Sos Cogaidh ar an 11 Iúil 1921;
- Caibidlíocht an Chonartha Angla-Éireannach agus díospóireachtaí an Chonartha; agus
- Síniú an Chonartha Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921.
Tá sí mar aidhm ag an gclár deiseanna spéisiúla agus samhlaíocha a chruthú a spreagann a oiread daoine agus is féidir machnamh a dhéanamh ar ár stair chomhroinnte agus ar cé chomh casta is atá sí, i dtimpeallacht mheasúil agus thacúil.
Díríonn an clár aird ar thionscnaimh, ar chomhpháirtíochtaí agus ar imeachtaí faoi leith atá le forbairt le linn 2021. Léiríonn sé cur chuige an Rialtais chomh maith maidir le tréimhse dheiridh Dheich mBliana na gCuimhneachán go dtí 2023. Déanfar nuashonrú ar an gcáipéis de réir mar a dheimhnítear moltaí agus comhpháirtíochtaí nua le linn na bliana. Leanfaidh Grupá Sainchomhairleach na gCuimhneachán Céad Bliain le tacú leis an gClár, mar aon leis an nGrúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí maidir le Cuimhneacháin a thabharfaidh an tAire Martin le chéile arís go luath.
Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin:
Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gcomóradh bá a leathnú gan dílseacht a thréigeadh. Roinnimid oileán ina gcuireann ceistiú na staire bac ar an athchairdeas atá ag teastáil do thodhchaí chomhroinnte.
Níor cheart insint dhídhaonnaithe, réaduchtach, róshimplí nó leithleasach a dhéanamh ar an stair. Agus nuair a fhéachaimid siar ar thréimhse choimhlinte, ba chóir dúinn cuimhneamh gur scéal casta fir agus mná aonair atá sa stair, mar aon lena saolta, a lochtanna, a láidreachtaí, a dtroideanna agus a bhfulaingt, is cuma cé dóibh ar thug siad tacaíocht nó cén chulaith a chaith siad.
Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar:
Tá a fhios againn go léir go bhfuil gá le cur chuige íogair, measúil i leith na n-imeachtaí chomóradh céad bliain atá ag teacht agus go gcaithfimid castacht ár gcuid staire a thuiscint. Is féidir linn é seo a dhéanamh le féinmhuinín mar tá ábhar dóchais agus misnigh i scéal bhunú an Stáit agus a chuid institiúidí don lá atá inniu ann.
Agus muid ag teacht amach as ár dtréimhse géarchéime agus neamhchinnteachta féin, cabhróidh sé linn comóradh agus cuimhneamh a dhéanamh ar agus foghlaim ó idéalachas, ó mhisneach agus ó fhéiníobairt lucht bunaithe an Stáit.
Dúirt an tAire Martin:
Tá an-áthas orm Clár an Rialtais do Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021 a sheoladh. Táimid anois sa tréimhse chomóraidh is íogaire agus is casta, agus comóradh á dhéanamh ag an Stát ar chuimhneachán céad bliain na troda ar son na Saoirse, Chríochdheighilt na hÉireann, Chogadh na gCarad agus Bhunú an tSaorstáit. Tá sé de fhreagracht orm a chinntiú go ndéanfar comóradh ar na himeachtaí suntasacha seo inár stair chomhroinnte le clár oiriúnach, fiúntach, comhréireach agus íogair, a aithníonn bunús gach traidisiún, a bhfuil meas aige orthu agus ar bharántúlacht stairiúil.
Is linne go léir stair na tréimhse seo agus tá sé an-tábhachtach go bhfuil cur chuige iomlánaíoch againn i leith chomóradh a dhéanamh ar na himeachtaí seo – ag iarraidh a thuiscint conas a chuaigh imeacht amháin i bhfeidhm ar an gcéad cheann eile. Ar an ábhar seo, cur chuige trí bliana atá agam i leith phleanáil thréimhse dheiridh Dheich mBliana na gCuimhneachán. Seo an chéad chlár i sraith trí chlár – a bhfuil sraith téamaí agus comhpháirtíochtaí coitianta acu.
Is léiriú é an clár seo ar an spiorad comhoibrithe agus comhairliúcháin atá le brath go láidir sa Rialtas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe luachmhara go léir – ár bhForais Náisiúnta Cultúir, ár n-údaráis áitiúla agus ár gcoistí áitiúla comóraidh, institiúidí oideachais, coimeádaithe taifead, pobail ealaíonta agus chruthaitheacha, múinteoirí, na meáin agus eagraíochtaí craoltóireachta, agus na comhpháirtithe ar fad eile atá againn. D’ainneoin na dúshláin leanúnacha a chuireann paindéim COVID-19 romhainn, chruthaigh ár gcomhpháirtithe tionscnaimh uaillmhianacha, samhlaíocha agus mealltacha chun muid go léir a spreagadh chun iniúchadh agus machnamh a dhéanamh ar na hinsintí éagsúla a bhaineann le himeachtaí na tréimhse barrthábhachtaí seo.
Rinne comhairle agus treoir Ghrúpa Sainchomhairleach na gCuimhneachán Céad Bliain, faoi stiúir iontach an Dr Maurice Manning agus an Dr Martin Manseragh eolas do chur chuige an Rialtais i leith chomóradh a dhéanamh ar chuimhneacháin íogaire a bheidh ann go luath ar bhealach meáite agus measúil. Thug a gcuid oibre tácaíocht fhíorthábhachtach dúinn le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Dúirt an tAire Martin:
Táim ag súil le hoibriú le comhghleacaithe san Oireachtas ar an gClár seo chomh maith, trínár nGrúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí maidir le Cuimhneacháin. Cuireann an Grúpa seo cur chuige oscailte agus ionraic chun cinn i leith Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, atá bunaithe ar chomhthoil. Sa chur chuige seo, éisteadh le gach insint agus cinntíodh go ndearna an Stát machnamh ar mhór-imeachtaí stairiúla ar bhealach cuí de réir mar a tharla siad. Leanfaidh an Rialtas le comóradh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha ar feadh na mblianta atá fágtha sa chlár agus creidim go mbeidh ionchur suntasach ag an nGrúpa san obair. Scríobh mé litir chuig ceannairí páirtí inar iarr mé orthu daoine a ainmniú don Ghrúpa seo, agus tá an próiseas seo beagnach curtha i gcrích againn. Táim ag súil le cruinniú a reáchtáil go luath chun plé a dhéanamh ar conas is féidir linn oibriú le chéile ar bhealach dearfach sna trí bliana atá romhainn.
Dúirt Catherine Heaney, Cathaoirleach Ard-Mhúsaem na hÉireann:
Tabharfaidh na Gailearaithe faoi Stair na hÉireann san 20ú hAois, a d’fhógair an tAire Martin inniu, deis thábhachtach dúinn plé a dhéanamh le pobail ar fud na hÉireann ar ár stair chomhaimseartha, ag cinntiú go meallann an taispeántas lucht féachana ó chúlraí éagsúla laistigh dár bpobail agus go mbeidh próiseas chomairliúchán poiblí níos leithne againn. Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tiomanta do phlé leanúnach a dhéanamh leis an bpobal, agus go háirithe le daoine faoi ghannionadaíocht in insintí ar ár stair san 20ú hAois. Tá na céadta míle earra i mbailiúcháin stairiúla Ard-Mhúsaem na hÉireann agus is iad na gailearaithe nua agus buana seo na taispeántais seó is mó a léiríodh riamh maidir le stair pholaitiúil, chultúrtha agus shóisialta na hÉireann ón mbliain 1900 go dtí an lá atá inniu ann.
Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Ghrúpa Sainchomhairleach na gCuimhneachán Céad Bliain:
Bhí spiorad ionchuimsitheach i réim go dtí seo, le prionsabail agus luachanna a chuir cruth ar an bpróiseas comóraidh, agus tá súil le Dia agam go leanfaidh an spiorad sin agus muid ag tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar an Troid ar son na Saoirse, ar an gCríochdheighilt, ar Bhunú an Stáit agus ar an gCogadh Cathartha.
Rinneadh ainghníomhartha uafásacha le linn na mblianta seo, a chaitear machnamh a dhéanamh orthu go cúramach, i bhfianaise bunfhoinsí cartlainne fíriciúla agus iontaofa. Ní hionann comóradh agus ceiliúradh agus má chuimsítear imeacht sa chomóradh ní chiallaíonn sé sin go bhfuilimid sásta gur tharla sé. Tá de fhreagracht orainn leanúint lenár n-iniúchadh ar ár stair le híogaireacht, fiosracht agus bá; ag glacadh le miondifríochtaí agus castachtaí ar bhealach cuimsitheach agus measúil. I ngach rud a dhéanaimid, caithfimid leanúint le hiarracht a dhéanamh comóradh measúil, meáite, neamhpháirtíneach a dhéanamh, a chuireann síocháin agus athchairdeas chun cinn ar oileán na hÉireann.
Brúigh ar an nasc seo chun féachaint ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021:
Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021
Buaicphointí an Chláir:
- Mórthionscadal caipitil in Ardmhúsaem na hÉireann – Gailearaithe Stair Éireann san 20ú hAois; Osclóidh na gailearaithe buana taispeántais seo in 2023 sa Mhúsaem Ealaíona Maisiúla & Staire, i nDún Uí Choileáin, ag teacht le comóradh céad bliain bhúnú Shaorstát Éireann. Tabharfaidh na gailearaithe deis do chuairteoirí féachaint ar imeachtaí suntasacha i Stair na hÉireann, na himeachtaí móra a tharla sa tréimhse a dhíríonn Dheich mBliana na gCuimhneachán 1912 – 1923 orthu san áireamh. Tairiscint dhinimiciúil agus athraitheach a bheidh sa taispeántas seo a thabharfaidh freagraí tapa ar cheisteanna stair athraitheach na hÉireann agus ár bhféiniúlacht chomhaimseartha. Cinnteoidh sé go léireofar ná céadta earra ón mbailiúchán náisiúnta den chéad uair, chun deiseanna a thabhairt do phobail ar fud na hÉireann féachaint ar, taitneamh a bhaint as agus foghlaim ó na hearraí staire comhaimseartha seo ó ghnáthearraí go hearraí cáiliúla. Oibreoidh foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann i bpáirt le hinstitiúidí acadúla, grúpaí sainleasmhara, iarsmalanna áitiúla, grúpaí áitiúla cartlainne agus leabharlanna áitiúla sa phróiseas forbartha. Tá foireann an Ard-Mhúsaeim ag súil go mbeidh nasc díreach ag Stair na hÉireann le pobail áitiúla mar cruthófar gnéithe de phainéil taispeántais, mar aon le cóipeálacha d’ábhar cartlainne agus d’earraí ar bhealach is go mbeifí in ann iad a thabhairt d’iarsmalanna áitiúla agus d’ionaid ar fud na hÉireann. Forbrófar ábhar cartlainne agus painéil taispeántais a chuireann béim ar earraí agus scéalta áitiúla, athléirithe san áireamh – d'fhéadfadh cáipéisí faisnéise, uirlisí ceoil nó réimse leathan earraí eile a bheadh i gceist.
- Dhá thaispeántas nua a choimeádfaidh Ardmhúsaem na hÉireann agus an Chartlann Náisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar chuimhneachán céad bliain síniú an Chonartha Angla-Éireannach, a osclóidh i mí na Samhna agus mí na Nollag 2021 faoi seach. Taispeántas Ardmhúsaem na hÉireann ‘Studio and State: The Laverys and the Anglo Irish Treaty’ coimeádaithe i gcomhar le Gailearaí Hugh Lane. Coimeádfaidh an Chartlann Náisiúnta taispeántas suntasach chun comóradh a dhéanamh ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921.
- Treorfaidh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Gailearaí Ealaíne Crawford cláir nua iontacha, ag tosú in 2021 agus ag leanúint trí thréimhse dheiridh Dheich mBliana na gCuimhneachán, coimisiúin, siompóisiamaí, taispeántais agus gníomhaíochtaí for-rochtana nua san áireamh.
- Tá páipéir phearsanta dhaoine tábhachtacha sa tréimhse seo á n-oscailt ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faoi láthair. Ag Dul i dTreo na Poblachta an teideal atá ar an gcéad chéim eile dá tionscadal catalógaithe agus digitithe.
- Seoladh Clár Ealaíontóra Cónaithe i gcomhpháirt leis na Forais Náisiúnta Cultúir (Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Cartlann Náisiúnta na hÉireann, mar aon leis an gCartlann Mhíleata agus le Tionscadal Thar 2022 Amach). Tá sé mar aidhm ag an gclár seo lucht féachana nua a mhealladh chuig na bunfhoinsí sna Forais.
- Mar fhreagra ar éileamh pobail atá ag méadú ar acmhainní ar líne agus tionscnaimh dhigitithe ghaolmhara, déanfar forbairt ar roinnt tionscadail dhigitithe shuntasacha in 2021, tionscnaimh a bheidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Chartlann Náisiúnta agus Cartlann Mhíleata na hÉireann i gceannas orthu, i measc eile. Leanfaidh an Stát le tacú le tionscnaimh faoi Shraith an Phobail a spreagann taighde leanúnach agus rochtain neamhshrianta poiblí ar fhoinsí stairiúla barántúla, foinsí áitiúla cartlainne, taighde agus scoláireacht áitiúil.
- Infheistíocht mhéadaithe sna húdaráis áitiúla, chun aitheantas a thabhairt dá ról ceannaireachta chun cláir chomóraidh ionchuimsitheacha agus measúla á threorú ag an bpobal a spreagadh agus a thacú.
- Sraith nua ar líne do mhná, do thréimhse dheiridh Dheich na mBliana na gCuimhneachán a sheolfar an mhí seo chugainn chun cúnamh agus taithí na mban le linn na tréimhse seo a léiriú. Léireoidh réimse tionscnaimh chomhoibríocha rannpháirtíocht na mban i róil pholaitíochta, mhíleata, ghairmiúla agus tí.
- Comhpháirtíochtaí nua le páirtithe leasmhara, an Chomhairle Ealaíon, Eagraíochtaí Náisiúnta Ealaíon, Fighting Words, agus Irish Poetry Reading Archive san áireamh.
- Tionscnaimh nua chun aird a dhíriú ar ról suntasach na n-ealaíontóirí agus na bpobal cruthaitheachta san ábhar saibhir cartlainne atá inár bhForais Náisiúnta Cultúir, mar aon lenár n-iarsmalanna, ár gcartlann agus ár leabharlannaí contae a léiriú do lucht leanúna nua agus tábhacht na mbailiúchán a chur in iúl.