Fógraíonn na hAirí Martin agus Chambers mionsonraí Bhuiséad 2023 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2022
• €30m de mhaoiniú leanúnach breise chun tacú leis an earnáil turasóireachta sa bhaile agus an margadh thar lear a fhorbairt
• €130m de mhaoiniú, an maoiniú is airde riamh don Chomhairle Ealaíon, a choinneofar go ceann bliain eile
• €35m do scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
• €2m de mhéadú ar mhaoiniú do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
• €7m nua i gcistí caipitil nua le haghaidh spásanna ealaíontóirí, agus bearta oiriúnaithe aeráide
• €8.5m breise chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht
• €8m de mhaoiniú breise do Spórt Éireann – chun tacú le spórt ardfheidhmíochta, ciste snámha nua a bhunú, rannpháirtíocht ar gach leibhéal a mhéadú, agus an chéad straitéis snámha náisiúnta riamh a chur i dtoll a chéile
• €7.5m le cur ar chumas Choimisiún na Meán tús a chur leis an obair ríthábhachtach maidir le sábháilteacht ar líne agus rialáil na meán
• €6m do Scéimeanna Tuairiscithe na gCúirteanna agus an Daonlathais Áitiúil de chuid Chiste nua na Meán mar chuid de phacáiste tacaíochta ginearálta do na meáin agus don iriseoireacht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta
• An méadú is mó riamh do TG4 a thacóidh le seoladh Chainéal na Leanaí, cainéal nua ar leith do leanaí, mar chuid den soláthar leanúnach de chláir ardchaighdeáin Gaeilge
• €60m mar fhóirdheontas do bhillí fuinnimh sna hearnálacha pobail, ealaíon, cultúir agus spóirt
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit, Jack Chambers TD, inniu mionsonraí maidir le maoiniú comhlán €1,142m a leithdháileadh ar an Roinn i mBuiséad 2023. Cuirfear na sruthanna agus na bearta nua maoinithe seo ar fáil i gcomhthráth agus sa bhreis ar na bearta tacaíochta ginearálta Costas Maireachtála don tsochaí uile a d’fhógair an Rialtas inné. Taobh amuigh de sin, d’fhógair an Rialtas pacáiste láidir tacaíochtaí cothrománacha, a chabhróidh le saoránaigh, cleachtóirí, eagraíochtaí agus grúpaí na méaduithe reatha ar chostais mhaireachtála a bhainistiú.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá méaduithe ar an gcostas maireachtála ag cur brúnna breise ar na hearnálacha a ndéanann mo Roinn maoirseacht orthu, faoi mar is amhlaidh sa tsochaí i gcoitinne. Tá riocht réasúnta seasmhach ar na hearnálacha seo, atá ag téarnamh as géarchéim an-dúshlánach COVID-19, i ngeall ar a mhéad tacaíochtaí COVID a chuir an Rialtas ar fáil ó thús deireadh. Tá an Rialtas tar éis freagairt láidir a thabhairt anois ar na brúnna úra de dheasca méadú ar chostais fuinnimh agus boilsciú.
“Sa chomhthéacs sin, cuirfidh Buiséad 2023 ar ár gcumas raon leathan tionscnamh nua spreagúil agus tábhachtach a thabhairt isteach, a thacóidh le tuilleadh fáis agus forbartha sna hearnálacha tábhachtacha turasóireachta, ealaíon agus cultúir, Gaeltachta, spóirt agus meán cumarsáide. Tá an Rialtas tiomanta d’earnáil na meán cumarsáide a neartú, earnáil a bhfuil ról ríthábhachtach aici inár gcóras daonlathach agus sa tsochaí i gcoitinne. Is céim shuntasach é an Buiséad seo i dtiomantas an Rialtais don earnáil tar éis fhoilsiú thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán i mí Iúil. Cuireann na leithdháiltí atá á bhfógairt inniu crann taca faoi chreat rialála agus tacaíochta fairsingithe d'earnáil a bhfuil athrú mór tagtha uirthi le blianta beaga anuas. Mar chomhlánú ar na hathruithe a d’fhógair an tAire Donohoe ar na rátaí CBL a chuirtear i bhfeidhm ar nuachtáin agus ar thréimhseacháin nuachta i bhformáidí clóite agus digiteacha, cuirfear tacaíocht dhíreach ar fáil don earnáil, beag beann ar an ardán, tríd an gCiste Meán nua, chun soláthar leanúnach d’ábhar meán seirbhíse poiblí iontaofa agus ar ardchaighdeán a chumasú do mhuintir na hÉireann. Cuireann an t-ardú is mó riamh ar mhaoiniú TG4 crann taca faoi ghealltanas an Rialtais an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i bhfeidhm, agus is treisiú breise é d’earnáil chruthaitheach na Gaeilge. Cuirfidh an méadú seo ar chumas TG4 cainéal ar leith – Cúla 4 – do leanaí a sheoladh, a neartóidh an rath atá ar chláir Cúla4, BLOC agus Molscéal faoi láthair. Beidh seirbhís nuachta do leanaí ar an gcainéal nua seo mar aon le hábhar siamsaíochta agus oideachais, drámaíocht, beochana Éireannacha, agus léireoidh sé cúlraí éagsúla na leanaí atá ina gcónaí i ngach cearn d'Éirinn, go háirithe sa Ghaeltacht agus i bpobail Ghaeilge.
“Beimid ag infheistiú i bhforbairt na n-ealaíon agus i bhforbairt ealaíontóirí, mar a rinneadh riamh, le €130m de mhaoiniú bliantúil, an maoiniú is airde riamh don Chomhairle Ealaíon, anois don tríú bliain as a chéile, mar aon le sruthanna maoinithe nua chun tacú le stiúideonna agus spásanna ealaíontóirí, i measc raon leathan beart, atá mionsonraithe thíos. Agus cuirfear €15m de mhaoiniú breise leanúnach ar fáil do thionscal tábhachtach na turasóireachta, do thionscnaimh de chuid Fáilte Éireann, lena n-áirítear tacaíocht d'fhéilte agus don mhargaíocht intíre; do chlaochlú digiteach; do Straitéis Pheil Choláiste SAM agus gníomhaíochtaí Turasóireachta Inbhuanaithe. Leithdháilfear €15m breise chun Éire a mhargú thar lear mar cheann scríbe, agus chun tionscadal an Chuiridh a fhorbairt.
"Maidir le dúshláin reatha an chostais mhaireachtála, tacóidh an Scéim um Thacaíocht Shealadach Fuinnimh do Ghnólachtaí a fógraíodh inné leis na gnólachtaí i mo chuidse earnálacha, go háirithe in earnáil na turasóireachta, atá buailte le méadú ar chostais do ghás nádúrtha agus don leictreachas.
“Oibreoidh mé le mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus leis na hearnálacha eile maidir leis an €60m de thacaíocht a cuireadh ar fáil in 2022 chun maolú a dhéanamh ar thionchar billí méadaithe fuinnimh ar eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ar eagraíochtaí deonacha in earnálacha éagsúla, agus earnálacha coimirce na Roinne seo ina measc."
Dúirt an tAire Jack Chambers:
“Cumasóidh Buiséad 2023 roinnt tionscnamh agus clár nua tábhachtach a chabhróidh chun rannpháirtíocht a mhéadú i spóirt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil, chomh maith le cur leis an taitneamh a bhaineann daoine as na spóirt is áil leo – as bheith páirteach iontu agus as féachaint orthu. Táimid ag leithdháileadh cistí ar Spórt Éireann chun leanúint leis an tacaíocht do scoth-lúthchleasaithe agus iad ag ullmhú do na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras in 2024, tar éis dóibh buanna iontacha a bhaint amach le deireanas i spóirt éagsúla. Táimid ag dul ag bunú ciste cóitseála ar leith do na Ceanneagraíochtaí Rialaithe Spóirt chun tacú le cóitseálaithe agus le cinntiú go mbeidh ag na daoine is cumasaí sa spórt an saineolas atá de dhíth orthu chun gach gealladh atá fúthu a chomhlíonadh. Cuirfidh an méadú ar mhaoiniú ar ár gcumas phríomhghníomhaíochtaí eile atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Spórt 2021-2023 a chur i gcrích, lena n-áirítear na tionscnaimh ‘SpórtdoChách’, ionas go mbeidh níos mó deiseanna imeartha agus rannpháirtíochta ann do chách, beag beann ar aois, cumas nó cúlra.
“Tá €8.5m de mhaoiniú breise suntasach ann do chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta sa bhliain amach romhainn, chomh maith le Plean Digiteach nua don Ghaeilge, agus Straitéis do na hEalaíona Teanga-bhunaithe. Fairsingeofar na bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann le teanga, le maoiniú breise de €2.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, a úsáidfear go príomha chun tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh agus fairsingiú a dhéanamh ar bhearta cuimsithe sóisialta a chuirfidh ar chumas daltaí ó scoileanna DEIS cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht. Ina theannta sin, tá maoiniú méadaithe á chur ar fáil do TG4, rud a chabhróidh chun an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta, agus chun í a chur á labhairt ar fud na hÉireann trí chéile. Nuair a fhéachtar air sin mar bhreis ar an bpacáiste tacaíochtaí stairiúil Costas Maireachtála an Rialtais a fógraíodh inné, léiríonn Buiséad 2023 cur chuige tomhaiste agus spriocdhírithe i leith tacú lenár n-earnálacha tábhachtacha sa bhliain atá romhainn.”
Buaicphointí Bhuiséad 2023
An Turasóireacht
Is é aidhm clár Seirbhísí Turasóireachta na Roinne tacú le tionscal na turasóireachta téarnamh agus fás ar bhealach inbhuanaithe.
• Tá €15m de mhaoiniú breise leanúnach curtha ar fáil i mBuiséad 2023 chun Éire a mhargú thar lear mar cheann scríbe den scoth do laethanta saoire agus chun tionscadal an Chuiridh a fhorbairt
• Anseo ag baile, soláthróidh €15m de mhaoiniú breise leanúnach raon beart chun tacú leis an earnáil lena n-áirítear margaíocht intíre; bunathrú a dhéanamh ar chumais dhigiteacha gnólachtaí turasóireachta, rud a threiseoidh iarrachtaí an tionscail chun foireann a earcú agus a choinneáil; tionscnaimh inbhuanaithe turasóireachta; infheistíocht fhadtéarmach i sraith Chlasaic Pheil Choláiste SAM; agus clár de réadmhaoin ligin ghearrthéarmacha a bhunú mar chuid d’athchóirithe “Tithíocht do Chách” an Rialtais
Na hEalaíona agus an Cultúr
Tá sé mar aidhm ag clár Ealaíon agus Cultúir na Roinne scoth-neart na hÉireann sna healaíona agus i gcúrsaí cultúir a chur chun cinn agus a fhorbairt sa bhaile agus thar lear, chun a luach sochaíoch agus eacnamaíoch don tír a uasmhéadú, agus chun tacú leis na hearnálacha Ealaíon, Cultúir agus Cruthaitheachta leanúint den fhorbairt agus den fhairsingiú.
• €130m, an maoiniú is airde riamh don Chomhairle Ealaíon, a chuirfear ar fáil arís in 2023 mar aitheantas ar thionchar an mhaoinithe seo chun athrú bunúsach a dhéanamh ar an earnáil agus chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon agus muid ag féachaint leis an earnáil a fhorbairt tuilleadh
• €10m sa bhreis in 2023 chun an scéim phíolótach trí bliana um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a mhaoiniú. €105m a chosnóidh an scéim agus tacóidh sí le 2,000 ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach chun a gcleachtas ealaíon gairmiúil a fhorbairt agus a chothú
• Méadú €2m ar mhaoiniú do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
• €7m de mhaoiniú caipitil bhreise do spásanna ealaíontóirí agus oiriúnú aeráide, lena n-áirítear scéim nua, a bhfógrófar a sonraí go luath
• €2.5m breise, a chabhróidh lena chinntiú gur féidir leis na Forais Chultúrtha Náisiúnta cláir ardchaighdeáin a sholáthar i gcónaí, chun deiseanna foghlama agus rannpháirtíochta a chur chun cinn agus na Bailiúcháin Náisiúnta a chosaint
• Suas le €500k do thacaíochtaí d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon a chuir mo Roinn i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Téatair na hÉireann agus grúpaí eile mar chuid den chlár ‘Safe to Create’ (Sábháilte le bheith ag Cruthú), arna chomhordú ag an Institiúid. Is freagairt é seo ar ábhair bhuartha faoi chiapadh agus faoi éagothroime san earnáil a luadh sa tuarascáil SPEAK UP (LABHAIR AMACH)
• Féachfaimid freisin cad iad na roghanna atá ann chun €2m i dtacaíochtaí caipitil do pháirtithe leasmhara sa gheilleagar oíche a chaitheamh ar mhaithe le Tuarascáil an Tascfhórsa um an Geilleagar Oíche a chur i bhfeidhm. Beidh an maoiniú seo mar bhreis ar an €4m a cuireadh ar fáil in ioncam reatha do thionscnaimh éagsúla agus treoirscéimeanna chun tacú le geilleagar oíche a bheidh níos beoga agus níos éagsúla.
• €1m breise do Scáileán Éireann chun Plean Gníomhaíochta Closamhairc deich mbliana an Rialtais a chur i bhfeidhm go leanúnach. Beidh an maoiniú seo mar bhreis ar chinneadh an Rialtais príomhdhreasacht cánach, Alt 481, do thionscal na scannán, a choinneáil go dtí 2028.
• €3 de leithdháileadh chun cartlann agus spás taispeántais nua a fhorbairt, a mhaoirsiú agus a bhainistiú mar chuid den Lárionad Náisiúnta iomlán um Thaighde agus Cuimhneachán. Is tionscadal suntasach gan fasach é seo a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leis agus a bheidh á fhorbairt i gcomhpháirtíocht le roinnt gníomhaireachtaí sna blianta amach romhainn, lena n-áirítear an Chartlann Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann
An Ghaeltacht
Is é aidhm chlár Gaeltachta na Roinne tacú leis an nGaeilge agus a húsáid mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta a neartú tuilleadh i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. I measc na mbuaicphointí tá:
• €1m de leithdháileadh tosaigh (in 2023) chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta um earcú cainteoirí Gaeilge isteach sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach faoi 2030
• €1.75m de leithdháileadh breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne, ag tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus Straitéis do na hEalaíona Teanga-bhunaithe atá le teacht
• €2.5m de mhaoiniú breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta na Roinne a úsáidfear do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú
• €400k chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú (arna oibriú ag Ollscoil Mhá Nuad), chun freastal ar mhéadú ar an úsáid a bhaintear as TEG mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí
• Os cionn €300,000 chun Scéim Intéirneachtaí an Aontais Eorpaigh a leathnú chun cumas i sainranna teangeolaíochta a fheabhsú. Leathnú ar an scéim chun Ateangaireacht Chomhdhála a chuimsiú ann le cinntiú go gcoimeádfaidh an Ghaeilge a seasamh láidir mar theanga oifigiúil an Aontais
• €1.3 milliún san iomlán de mhaoiniú méadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge d’obair na n-eagraíochtaí seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge faoi seach
• €0.75m breise don phróiseas reachtúil pleanála teanga
Spórt
Tá sé mar aidhm ag clár Spóirt agus Caitheamh Aimsire na Roinne cur le sochaí níos sláintiúla agus níos gníomhaí trí rannpháirtíocht i spóirt a chur chun cinn agus trí thacú le hardfheidhmíocht spóirt agus le soláthar áiseanna spóirt.
• €8m de mhaoiniú breise do Spórt Éireann, a thacóidh le maoiniú méadaithe do spórt ardfheidhmíochta sa tréimhse ullmhúcháin do Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Pháras 2024 príomhghníomhaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta don Spórt 2021-2023 a chur i bhfeidhm go leanúnach chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht, lena n-áirítear straitéis náisiúnta snámha a chur i dtoll a chéile agus ciste tiomnaithe cóitseála a bhunú do na Ceanneagraíochtaí Rialaithe Spóirt
• Leanúint de Champas Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir a fhorbairt chun bonneagar agus áiseanna spóirt ar thús cadhnaíochta a chur ar fáil do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus don phobal i gcoitinne.
• Tacú le bearta spóirt trí Mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin chun díriú ar phobail atá faoi ghannionadaíocht i gcúrsaí spóirt lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas chun rannpháirtíocht i spóirt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn agus a bhuanú mar chuid den chur chuige 'SpórtdoChách'
• Rannán na Mór-imeachtaí a mhaoiniú chun breithniú agus óstáil a dhéanamh ar mhórchomórtais spóirt anseo, lena n-áirítear Euro 2028, Corn Ryder 2027 agus Corn an Domhain sa Chruicéad 2030
Na Meáin agus an Chraoltóireacht
Tá an Rialtas tiomanta d’earnáil éagsúil agus iolraíoch meán a chur chun cinn agus a thacú mar cheann de phríomhcholúin ár gcórais daonlathaigh agus ár sochaí i gcoitinne. Bainfear é seo amach trí chomhlacht nua, Coimisiún na Meán, a bhunú chun tacú le soláthar meán seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán, ábhar ardchaighdeáin do phobal na hÉireann, agus rialáil éifeachtach ar shábháilteacht ar líne.
• Tacóidh €7m de mhaoiniú ón Státchiste in 2023 le bunú an rialtóra nua meán, Coimisiún na Meán, a dhéanfaidh maoirsiú ar an gcóras rialála um shábháilteacht ar líne agus a chuirfidh creat forbartha agus tacaíochta fairsingithe i bhfeidhm d’earnáil na meán i gcoitinne
• Príomheilimint den chreat seo is ea Ciste Meán nua, arna mholadh ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, a sholáthróidh tacaíochtaí d’earnáil iomlán na meán ar bhonn ardán-neodrach
• Is í an chéad chéim €6m a chuirfidh an Rialtas ar fáil chun gur féidir Scéimeanna nua Tuairiscithe na gCúirteanna agus an Daonlathais Áitiúil a thabhairt isteach in 2023. Bainfidh sé seo leis na meáin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta
• Is comhlánú iad na tacaíochtaí nua seo ar na hathruithe ar CBL ar nuachtáin agus ar thréimhseacháin nuachta i bhformáidí clóite agus digiteacha, rud a chuirfidh ar chumas nuachtán infheistíocht a dhéanamh i ngach ardán nuachta agus san iriseoireacht neamhspleách
• Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán €15m de mhaoiniú eatramhach do RTÉ in 2022
• Tá €15m á chur ar fáil in 2022 do chraoltóireacht seirbhíse poiblí; úsáidfear an maoiniú seo chun díriú ar mholadh an Choimisiúin maidir le maoiniú do RTÉ. Cuirfear an maoiniú seo ar fáil do RTÉ trí shásra na gceadúnas teilifíse agus is aitheantas é ar an líon mór ceadúnas teilifíse saor in aisce a chuirtear ar fáil do dhaoine atá 70 bliain d'aois agus os a chionn
• Cuirfear €7.3m breise ar fáil trína gcumasófar do TG4 leanúint dá ról ríthábhachtach chun a chinntiú go soláthrófar ábhar closamhairc Gaeilge ar ardchaighdeán, a fhreastalóidh ar ár bpobail Ghaeilge, agus a thacóidh le cruthaitheacht agus táirgeadh ábhair sna réigiúin, agus a chomhlíonfaidh tiomantas leanúnach an Rialtais dá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus don Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana a ghabhann leis
• Tacóidh an méadú ar mhaoiniú le seoladh cainéal nua ar leith do leanaí – Cúla4 – chun seirbhísí don lucht féachana is óige a fheabhsú.
Nóta do na hEagarthóirí:
- Beidh preas-ócáid na Roinne ar siúl ag 10.30am Dé Céadaoin, 28 Meán Fómhair 2022. Is féidir féachaint ar beo ag: https://twitter.com/merrionstreet
Eiseoidh Maxwell Photography pictiúir den ócáid ar na meáin.