English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraítear an maoiniú is mó riamh do Threalamh Spóirt

Fógraíonn na hAirí Catherine Martin agus Thomas Byrne os cionn €26m i ndeontais trealaimh d’eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre

Tá an maoiniú is mó riamh sa leithdháileadh seo do threalamh spóirt faoin gClár um Chaipiteal agus Trealaimh Spóirt

Maoiniú breise le haghaidh oibreacha caipitil, lena n-áirítear oibreacha a bhfuil gné trealaimh acu, le deimhniú níos déanaí

D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, os cionn €26 mhilliún i ndeontais trealaimh faoin mbabhta ba dhéanaí den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt.

Is mar fhreagra ar iarratais trealaimh amháin a chuir eagraíochtaí spóirt isteach atá na leithdháiltí a fógraíodh inniu faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. D’eirigh le hos cionn 900 grúpa lena n-iarratais do réimse leathan trealaimh a bheidh chun leasa phraiticiúil iliomad ghrúpaí spóirt, a mbaill agus lúthchleasaithe ar fud na hÉireann.

Fógrófar leithdháiltí breise faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt, lena n-áirítear iad siúd le haghaidh oibreacha caipitil, agus oibreacha caipitil a bhfuil gné trealaimh acu, níos déanaí.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá ár n-eagraíochtaí spóirt i gcroílár ár bpobail ag soláthar deiseanna do dhaoine a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sláintiúla agus taitneamh a bhaint as rath a bhfoirne áitiúla agus laochra spóirt. Is cúis áthais dom an leithdháileadh deontais is mó riamh le haghaidh trealaimh a dhearbhú faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Cabhróidh an maoiniú suntasach a fógraíodh inniu le raon leathan eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre agus beidh sé ina fhoinse iontach tacaíochta d’fhoirne áitiúla ar an bpáirc imeartha agus lasmuigh di. Tá an tAire Thomas Byrne agus mé féin tiomanta do thacaíochtaí leanúnacha a sholáthar d’eagraíochtaí spóirt chun rannpháirtíocht sa spórt i bpobail ar fud na hÉireann a mhéadú. Táim muiníneach go ndéanfar maoiniú suntasach a chionroinnt ar oibreacha caipitil leis na na leithdháiltí athbhreithnithe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta nuair a chuirfear na measúnuithe riachtanacha ar iarratais i gcrích.”

Dúirt an tAire Thomas Byrne:

“Léiríonn éagsúlacht na n-eagraíochtaí a gheobhaidh an leibhéal is airde riamh de mhaoiniú trealaimh spóirt an paisean agus an tsuim atá againn mar náisiún i ngach cineál spóirt. Tá an obair a dhéantar ar bhonn deonach ar fud na tíre in eagraíochtaí spóirt fíorluachmhar agus níl sé ach ceart go ndéanfadh an Rialtas a pháirt chun rannpháirtíocht agus sármhaitheas spóirt a éascú ar fud na tíre. I mbliain Oilimpeach is cuí go léireoimis tiomantas an Rialtais don spórt agus don rannpháirtíocht trí infheistíocht láidir sna háiseanna agus sa trealamh a theastaíonn. Táim ag tnúth le tuilleadh maoinithe caipitil a dhearbhú don earnáil spóirt faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt.”

Leagadh amach sonraí iomlána na leithdháiltí a fógraíodh inniu ar láithreán gréasáin na Roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

• Is é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt an príomh-mhodh tacaíochta Rialtais maidir le háiseanna spóirt agus áineasa a fhorbairt agus maidir le trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre. Baineadh leas as an maoiniú caipitil do bhreis is 13,000 tionscadal ón mbliain 1998 agus is ionann leithdháiltí iomlán i gcaitheamh na tréimhse sin agus €1.15 billiún. Tá gealltanais i gclár an Rialtais do leanúint leis an gClár agus do thosaíocht a thabhairt d'infheistíocht i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu faoi láthair ó thaobh rannpháirtíochta de.

• Léiríonn scrúdú na n-iarratas a cuireadh isteach gur gineadh líon an-mhór iarratas arís i gClár 2023. Ba é líon iomlán na n-iarratas, 3,210, an líon ab airde riamh a cuireadh isteach faoin mbabhta deiridh (2020) agus ba é an maoiniú iomlán a ndearnadh iarratas air ná €359 milliún, rud a léiríonn méadú 80% ar an méid a ndearnadh iarratas air i gClár 2020.

• Cuirfear tús ansin le measúnú na n-iarratais chaipitil agus fógrófar na leithdháiltí níos déanaí i mbliana.