Fógraítear maoiniú níos airde ná €1.3 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Samhain 2024
Liosta de na tairiscintí deontais atá ar fáil Item was unpublished or removed
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin maoiniú €1.3m chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí chlár deontais rialta Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun sochair 140 tionscadal ina gcuirfear saothar a bheidh ar siúl i mbreis in 20 tír agus a chlúdaíonn ailtireacht, rince, scannán, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharcealaíona.
Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire Martin:
“Is mór an pléisiúr dom an babhta seo de mhaoiniú Chultúr Éireann de bhreis is €1.3m a fhógairt. Tarlaíonn go leor de na tionscadail seo in 2025, cothrom 20 bliain ó bunaíodh Cultúr Éireann. Tríd an leithdháileadh is mó dá stair a bhaint amach i mBuiséad 2025, tá áthas orm an doimhneacht agus an raon ollmhór oibre atá á gcur i láthair lucht féachana idirnáisiúnta a léiríonn fíor-éagsúlacht na n-ealaíon Éireannach comhaimseartha.”
I measc na dtionscadal tá:
• Ailtireacht Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann ag cur Coimeád ar son an Athraithe i láthair ag an Ailtireacht Triennale de chuid Ghailearaí Färgfabriken, Stócólm (An tSualainn)
• Sorcas: Murray Molloy ag cur “Born of Normal Parents” i láthair ag Féile Amharclannaíochta Idirnáisiúnta na Céinia agus ag Féile Amharclainne Idirnáisiúnta Bagamoyo sa Chéinia agus sa Tansáin
• Damhsa: tacaíocht leanúnach do raon tionscadal lena n-áirítear How To Be A Dancer in Seventy-Two Thousand Easy Lessons ag Teatros del Canal, Maidrid, an Spáinn, United Fall's Birdboy le Emma Martin ag Sadler's East, an RA ag Teaċ Daṁsa.
• Scannánaíocht: tacaíocht do fhreastal scannánóirí Éireannacha ar fhéilte suntasacha scannán idirnáisiúnta ar nós Féile Scannán na hÉireann Londain agus Féile Scannán Aesthetica, York, An Bhreatain, Féile Scannán Idirnáisiúnta Whistler, Ceanada, agus Féile Scannán Éireannach Emerald City, Seattle, SAM
• Litríocht: Scríbhneoirí Éireannacha ag láithriú ag féilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla, mar shampla Aonach Leabhar Leanaí Bologna, an Iodáil, Féile Litríochta Jaipur, an India, agus Féile Scríbhneoirí Auckland, an Nua-Shéalainn; tacaítear freisin le léamh filíochta ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Kolkata, an India agus Faclan: Féile Leabhar Hebridean, Isle of Lewis, Albain
• Ceol: Tacaíocht le breis is 40 turas idirnáisiúnta ar fud an domhain ag clúdach raon ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Niamh Bury (An Astráil), Síomha (An Astráil), CMAT (An Astráil), Clare Sands (An Astráil/An Nua-Shéalainn), Junior Brother (An Bhreatain), Really Good I Am (An Bhreatain/An Eoraip), modernlove (An Bhreatain/Eoraip), John Francis Flynn (An Bhreatain/SAM), Lemoncello (An Spáinn), Cailleach Caoineadh (An Fhrainc), Pa Sheehy (An Bhreatain/An Eoraip) (An Eoraip), Camerata (An tSín), Garth Knox (Poblacht na Seice), yunè pinku (SAM/Ceanada), Greywind (SAM/Ceanada), Niall McCabe (Lár-Iarthar SAM), Orla Gartland (SAM/Ceanada)
• Amharclann: tacaíocht do thurais idirnáisiúnta, lena n-áirítear Brú Theatre (An Bhreatain), THISISPOPBABY (An Astráil), Dan Colley/Riverbank Arts Centre (An Astráil/SAM), Fishamble: The New Play Company (SAM), Pan Pan (An tSín), Brokentalkers (An Iorua/SAM)
• Amharc-ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Brian Harte (An Bheilg), Ana Walayat (An Phacastáin), Valeria Ceregini (an Iodáil), Laura Kelly (Ceanada), Louise Manifold (Éigipt), Joanne Boyle (SAM), Sam Keogh (An Liotuáin) agus i dtreo láithreacht na hÉireann ag aontaí ealaíne idirnáisiúnta lena n-áirítear The London Art Fair (An Bhreatain), Woolwich Contemporary Print Fair (An Bhreatain), INK Miami Art Fair (SAM), Art Basel International Contemporary Art Fair (SAM) agus Portland Fine Print Fair (SAM)
• Ildhisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus cultúir na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha lena n-áirítear Ceol agus Rince Éireann Londain (An Bhreatain), Irish Cultural Centre Hammersmith (Britain) agus léiriú Peformance of Reimagined: Irish & Italian Historical Works don dordveidhil, bosca ceoil agus rince (an Iodáil)
CRÍOCH