English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Spóirt Jack Chambers Plean Gníomhaíochta Spóirt

D'fhoilsigh Jack Chambers T.D., Airt Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Plean Gníomhaíochta Spóirt inniu (an 29 Samhain 2021) don tréimhse suas go dtí 2023.

Tugann an plean léargas ar níos mó ná 40 tionscnamh ar leith atá beartaithe chun téarnamh leanúnach na hearnála spóirt ó thionchar COVID-19 agus a forbairt sna trí bliana atá romhainn a chinntiú, mar aon leis na bearta atá ag teastáil chun a chinntiú go bhfuil 60% den daonra rannpháirteach sa spórt agus san aclaíocht.

Forbraíodh an plean tar éis comhoibriú fairsing leis an earnáil spóirt agus le páirtithe leasmhara eile le dhá bhliain anuas. Is iad príomhaidhmeanna an phlean:

  • Cur chuige “Spórt do Chách” a chur i bhfeidhm ar fud gach cuid den earnáil spóirt chun dul i ngleic le baic ar rannpháirtíocht agus Ciste Cuimsithe, Éagsúlachta agus Comhionannais agus ciste Spóirt Míchumais a bhunú.
  • Feachtas nua bliantúil Thionscnamh Geimhridh a fhorbairt, ag tosú in 2021, chun ballraíocht agus rannpháirtíocht i gclubanna spóirt a spreagadh agus téarnamh na hearnála spóirt ó COVID-19 a fheabhsú.
  • Cur i bhfeidhm straitéis Ardfheidhmíochta Spórt Éireann 2021-2032 chun a chinntiú go bhfuil na lúthchleasaithe is fearr ullmhaithe agus acmhainní acu chun a bheith rathúil ar leibhéal idirnáisiúnta.

Seo a leanas roinnt buaicphointí ón bPlean Gníomhaíochta Spóirt:

  • Forbairt ar bhunachar sonraí náisiúnta de na háiseanna spóirt agus fóillíochta uile ar fud na tíre sa chaoi is go mbeidh fáil ag gach duine ar eolas tábhachtach faoi áiseanna spóirt.
  • Fóram nua óige don spórt sa chaoi is go mbeidh ionchur ag daoine óga i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm clár chun rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil sa spórt agus san aclaíocht a spreagadh.
  • Foilsiú Straitéis Mór-Imeachtaí chun comórtais idirnáisiúnta a thabhairt go hÉirinn, lena n-áirítear Corn Domhanda 2030 FIFA agus Chruicéad T20.

Maoineofar na bearta sa phlean mar chuid de thiomantas an Rialtais a infheistíocht sa spórt a mhéadú faoi dhó ar a laghad, ó €118 milliún in 2018 go dtí níos mó ná €220 milliún faoi 2027.

Dúirt an tAire Chambers:

“Cuireann an plean seo béim ar thiomantas agus ar chinneadh an Rialtais dul i ngleic le bearnaí leanúnacha rannpháirtíochta maidir le hinscne, daoine faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas agus athdhearbhaíonn sé tiomantas an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na gcuspóirí atá leagtha amach sa Bheartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil cur chuige “Spórt do Chách” againn. Trí chur chun cinn éifeachtach agus acmhainní breise ó chistí tiomnaithe, is féidir linn buntáistí sláinte agus folláine an spóirt agus na haclaíochta a sheachadadh do níos mó daoine ó gach aoisghrúpa, óg agus aosta araon. Níl sé riamh ródhéanach do dhuine dul i mbun spóirt nó aclaíochta a oireann dá riachtanais áirithe. Tugaim tosaíocht ar leith do chur ar chumas na mban níos mó post ceannaireachta a ghlacadh sa spórt agus léiríonn ár sprioc ionadaíochta 40% ar bhoird na gCoistí Rialaithe Náisiúnta faoi dheireadh 2023 go bhfuilimid dáiríre faoi. Táimid ag obair go crua chun beartas agus smaointe a chur i ngníomh go héifeachtach agus tá sampla den scoth á thabhairt ag Spórt Éireann i réimse na forbartha inbhuanaithe san earnáil spóirt ar an gCampas Náisiúnta Spóirt."

Dúirt an tAire, chomh maith:

“Ba cheart do dhaoine páirt a ghlacadh sa spórt agus san aclaíocht le linn a saolta go léir. Tá sé ríthábhachtach leibhéil arda scileanna aclaíochta a thógáil ag aois óg má táimid chun cuidiú le daoine óga a bheith chun tosaigh agus páirt a ghlacadh sa spórt agus san aclaíocht is fearr a oireann dóibh. Tá a fhios againn ó thaighde go bhfuil an iomarca daoine óga ag éirí as an spórt sna déaga, go háirithe cailíní óga, agus caithfimid an drochthreocht sin a stopadh agus a aisiompú.

"Reáchtálfar Fóram Mór Geallsealbhóirí Óige-Lárnach go luath san Athbhliain. Tá sé mar aidhm agam cumhacht a thabhairt d’óige an lae inniu in Éirinn na buntáistí iomlána spóirt agus aclaíochta a fháil agus iad ag dul ar aghaidh trí na céimeanna éagsúla dá saolta. Beidh roinnt de na daoine óga seo ag súil lena bheith ina nOilimpigh agus bParalaimpigh amach anseo, agus ní gan bhunús. Ag tógáil ar ár dtaispeántais láidre i dTóiceo, cuirfidh an plean seo borradh mór faoinár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta trí leithdháileadh beartaithe acmhainní agus tacaíochtaí breise chun cabhrú leo barr a gcumais a bhaint amach ar ardán an domhain."