English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Thomas Byrne Plean Gnímh Spóirt

Foilsíonn an tAire Thomas Byrne Plean Gnímh Spóirt

• Dearsadh plean nua chun an Beartas Náisiúnta Spóirt a chur chun cinn

• Béim níos láidre ar mhíchumas sa spórt, pleananna áitiúla spóirt, an earnáil dheonach agus an bhearna rannpháirtíochta inscne a laghdú

• Leanann an foilsiú Buiséad suntasach 2025 ina ndearnadh an maoiniú spóirt a dhúbailt i gcomparáid le leibhéil 2018 dhá bhliain roimh an sprioc

Inniu (6 Samhain 2024), d’fhoilsigh an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, an Plean Gnímh Spóirt 2024-2027.

Foilsíodh an Plean nua agus é mar aidhm aige forbairt leanúnach agus rathúlacht spórt na hÉireann a chinntiú. Leagadh 47 tionscnamh ar leith amach faoin bPlean agus é mar aidhm acu an Beartas Náisiúnta Spóirt, a foilsíodh in 2018, a chur chun cinn tuilleadh agus cuirfear deireadh leis in 2027.

Rinne an Rialtas gealltanas sa Bheartas Náisiúnta Spóirt maoiniú spóirt a dhúbailt go dtí níos mó ná €220 milliún faoi 2027 i gcomparáid le leibhéil 2018 ach tá an sprioc seo bainte amach dhá bhliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. Leithdháileadh €230 milliun don spórt i mBuiséad 2025.

Leanann an Plean Gnímh Spóirt nua de bhéim láidir an Rialtais ar leibhéil rannpháirtíochta sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp a mhéadú agus áirítear ann freisin roinnt gníomhaíochtaí sonracha nua a dhíríonn ar thosaíochtaí tábhachtacha eile.

Gné shuntasach den Phlean nua is ea an riachtanas leanúnach atá ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin bhuanacha do rannpháirtíocht na hóige agus daoine faoi mhíchumas sa spórt. Ina theannta sin, tá fócas níos láidre ar inbhuanaitheacht earnála agus comhshaoil.

Seo a leanas roinnt buaicphointí ón bPlean Gnímh Nua Spóirt:

• Tacú le rolladh amach na bPleananna Spóirt Áitiúla i ngach Údarás Áitiúil.

• An earnáil dheonach sa Spórt a fhorbairt.

• Ceapachán Ceannaire um Dhaoine faoi Mhíchumas sa Spórt faoi cheannas Spórt Éireann.

• Athbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú agus ar chur chuige spórt míchumais.

• Taighde a dhéanamh ar an scóip chun feabhsuithe dearaidh a thabhairt isteach in áiseanna spóirt chun freastal ar riachtanais na mban agus na gcailíní sa spórt.

• An nasc idir comhlachtaí spóirt agus scoileanna a fheabhsú agus rochtain an phobail ar áiseanna spóirt i scoileanna a uasmhéadú.

• Tacú le forbairt na camógaíochta agus na hiomána de réir a sainithe cultúrtha speisialta ag UNESCO.

D’fhorbair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an plean le cúnamh ó Spórt Éireann agus Grúpa Ceannaireachta Spóirt, a thionólann an Roinn agus a bhfuil an tAire Byrne ina chathaoirleach air.

Ag seoladh an phlean, dúirt an tAire Thomas Byrne:

“Léiríonn foilsiú an Phlean Gnímh Spóirt nua tiomantas agus diongbháilteacht an rialtais chun ár leibhéil rannpháirtíochta sa spórt agus san aclaíocht a mhéadú. D’fhonn ár spriocanna rannpháirtíochta uaillmhianacha a bhaint amach, ní mór dúinn cur chuige ‘Spóirt do Chách’ a chur chun cinn agus is bealach amháin é foilsiú an phlean nua seo ar a bhfuilimid ag obair chun dul i ngleic leis an mbearna rannpháirtíochta san áit a bhfuil sí, mar shampla i measc daoine faoi mhíchumas.

Cuireann an Plean Gnímh Spóirt nua chun cinn an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo faoin mBeartas Náisiúnta Spóirt maidir lenár leibhéil rannpháirtíochta a mhéadú, spórt ardfheidhmíochta a fhorbairt in Éirinn agus feabhas a chur ar rialachas agus cumas na hearnála spóirt. Ba mhór an suntas é Buiséad 2025 freisin do spórt na hÉireann nuair a tháinig méadú faoi dhó ar mhaoiniú don spórt i gcomparáid le leibhéil 2018, rud a chiallaigh gur baineadh amach príomhthosaíocht faoin mBeartas Náisiúnta Spóirt, dhá bhliain roimh an sprioc.”

Dúirt an tAire Byrne chomh maith:

“Sa ról dúbailte atá agam mar Aire Stáit Spóirt agus Corpoideachais, aithním a thábhachtaí is atá sé daoine a bheith páirteach sa spórt ó aois óg agus go bunúsach, bealaí a aimsiú chun iad a spreagadh le bheith páirteach ar feadh a saoil.

Áiríonn an Plean Gnímh Spóirt nua fócas láidir ar an nasc idir spórt agus oideachas a fhorbairt, lena n-áirítear sraith gníomhartha chun tacú le tionscnaimh den sórt sin, mar chlár Brat na Scoile Gníomhaí, chomh maith le hiarracht a dhéanamh chun rochtain phobail ar áiseanna spóirt i scoileanna a uasmhéadú.”

Féach nasc anseo

CRÍOCH