English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Thomas Byrne Straitéis Nua Snámha Náisiúnta

Foilsíonn an tAire Thomas Byrne Straitéis Nua Snámha Náisiúnta

• Foilsítear an chéad Straitéis Snámha Náisiúnta de chuid na hÉireann riamh le fís chun deis snámha a thabhairt do gach duine.

• Príomhfhócas ar áiseanna feabhsaithe, tacaíochtaí cóitseála níos fearr, feasacht shábháilteachta mhéadaithe a sholáthar agus conair chun lúthchleasaithe féideartha ardfheidhmíochta a fhorbairt.

• Ciste nua suas le €500,000 chun tacú le gníomhaithe snámha oibriú laistigh de limistéir údaráis áitiúil.

• Fuarthas breis is 5,800 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí.

Inniu (an 22 Lúnasa 2024), d’fhógair an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, foilsiú an chéad Straitéis Náisiúnta Snámha.

D’fhógair an tAire Byrne foilsiú an Straitéis Náisiúnta Snámha sa Lárionad Uisce Náisiúnta leis an gcuradh Oilimpeach agus Domhanda, Daniel Wiffen, Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr. Una May agus Príomhfheidhmeannach Snámh Éireann, Sarah Keane.

Leanann foilsiú chéad Straitéis Náisiúnta Snámha Éireann ó ghealltanais a tugadh faoin mBeartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027 agus faoin bPlean Gníomhaíochta Spóirt 2021-2023.

Is é an snámh an dara spórt rannpháirtíochta is mó ráchairt in Éirinn agus tugtar tús áite dó i gclár an Rialtais mar aitheantas ar a ról maidir le sláinte agus folláine ghinearálta fheabhsaithe a chur chun cinn.

Tá maoiniú breise suas le €500,000 á leithdháileadh ag an Rialtas, trí Spórt Éireann, chun tacú le Snámh Éireann gníomhaithe snámha a fhostú chun oibriú laistigh de limistéir údaráis áitiúil agus deiseanna feabhsaithe snámha a sholáthar.

Tagann foilsiú an Straitéis Náisiúnta Snámha tar éis comhairliúchán forleathan poiblí agus rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara ábhartha. Bunaíodh Grúpa Oibre sa bhliain 2022 agus tá sé de chúram orthu an Straitéis a fhorbairt. Tá ionadaithe sa Ghrúpa ó Choistí Rialaithe Náisiúnta ábhartha don spórt agus do pháirtithe leasmhara, go háirithe Snámh Éireann, Spórt Éireann, Míchumas Gníomhach Éireann, Éire Ghníomhach agus na hÚdaráis Áitiúla.

Tá an Straitéis Náisiúnta Snámha agus tuarascáil ar an bpróiseas Comhairliúcháin Phoiblí a ndearna eolas di, ar fáil anseo

Ag labhairt sa Lár-Ionad Uisce Náisiúnta inniu, dúirt an tAire Byrne:

“Táim an-bhróduil as an gcéad Straitéis Snámha Náisiúnta de chuid na hÉireann a fhoilsiú ina leagtar amach fís chun deis a thabhairt do gach duine inár dtír dul ag snámh.

Is é an snámh an dara spórt rannpháirtíochta is mó tóir in Éirinn agus tá an poitéinseal aige a bheith fíor-chuimsitheach do chách sa tsochaí. Meallann sé idir óg agus aosta, is féidir le go leor daoine éagsúla páirt a ghlacadh ann lena n-áirítear iad siúd a gcuireann bacanna fisiceacha, meabhracha nó céadfacha isteach orthu, agus cuirtear roghanna ar fáil ann do phobail éagsúla agus do ghrúpaí mionlaigh páirt a ghlacadh.

Fuarthas breis agus 5,800 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, rud a léiríonn an tóir atá ar an spórt agus an ról ríthábhachtach is féidir leis a imirt maidir lenár sláinte fhisiciúil agus ár bhfolláine mheabhrach. Táim buíoch as an rannpháirtíocht leathan le páirtithe leasmhara agus poiblí a tharla a raibh ról láidir aici i múnlú na Straitéise seo.

Clúdaítear sa Straitéis Náisiúnta Snámha snámh faoi dhíon agus faoin aer agus cuirtear gach aois agus cumas san áireamh ann. Cuimsítear ann Plean Gníomhaíochta le breis is caoga gníomh thar cúig shnáithe théamacha.

Tá príomhfhócas na Straitéise Náisiúnta Snámha ar áiseanna feabhsaithe, tacaíochtaí cóitseála níos fearr, feasacht sábháilteachta mhéadaithe agus conair a cheadaíonn cothú agus forbairt na n-ardfheidhmithe féideartha a sholáthar. Feabhsóidh cur i bhfeidhm an Straitéis Náisiúnta Snámha an cultúr cuimsithe sa snámh agus méadóidh sé rochtain do dhaoine faoi mhíchumas.

Táimid tar éis breathnú ar aghaidh le hiontas agus bród as feidhmíocht snámhóirí Fhoireann na hÉireann, lena n-áirítear buaiteoirí bonn Daniel Wiffen agus Mona McSharry, agus tuigimid go dtosaíonn gach aistear Oilimpeach nó Parailimpeach ag linn snámha áitiúil.

Léirítear sa Straitéis Náisiúnta Snámha fís straitéiseach fíor-chomhoibríoch a neartóidh agus a thacóidh le fás agus forbairt inbhuanaithe na snámha in Éirinn sna blianta atá le teacht.”