English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn na hAirí Martin & Byrne Athbhreithniú ar an gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór agus Ceanglas Nua maidir le Rochtain Chomhchosúil

Inniu (an 3 Aibreán 2024), d’fhoilsigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne TD, an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, athbhreithniú ar an Item was unpublished or removed mar aon le ceanglas beartais nua maidir le rochtain chomhchosúil d’fhir agus do mhná ar shaoráidí spóirt a mhaoinítear faoin Scéim a chur chun feidhme.

I bhfianaise na rátaí críochnaithe tionscadal níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis, de bharr Covid-19 agus boilsciú tógála go príomha, rinneadh athbhreithniú ar gach tionscadal de chuid na Scéime. Tugtar achoimre san athbhreithniú ar na dúshláin a cuireadh roimh thionscadail na Scéime go dtí seo agus soláthraítear ann moltaí maidir le babhta nua na Scéime. Cuirtear san áireamh sna cúig mholadh treoirphrionsabail a uasmhéadú maidir le húsáid Áiseanna Spóirt ar Mhórscála, cearta staideanna a ainmniú, agus leibhéal an chúnaimh deontais a fhaigheann tionscadail.

Ciallaíonn an Ceanglas nua maidir le Riachtanas Comhchosúil go gcaithfidh daoine a fhaigheann maoiniú ón Scéim anois freastal ar riachtanais na mban agus na bhfear, ar bhonn comhchosúil, maidir le rochtain a fháil ar na háiseanna ar leithdháileadh maoiniú poiblí dóibh. Caithfidh polasaí maidir le rochtain chomhchosúil a bheith i bhfeidhm ag eagraíocht ar bith a fhaigheann maoiniú faoin Scéim agus ní mór dóibh oibriú chun é a fhoilsiú chomh luath agus is féidir.

Ag labhairt faoin bhfoilseachan, dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá an t-athbhreithniú seo tráthúil mar go dtugtar léargas ann ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le tionscadail na Scéime ar leithdháileadh deontais orthu go dtí seo agus cuirtear san áireamh ann ionchuir ó chruinnithe le deonaithe uile na Scéime. Cuirfear moltaí an athbhreithnithe seo san áireamh sula seolfar babhta nua na Scéime go luath. I gcás go leor ban agus cailíní, is minic gur féidir leis an timpeallacht spóirt a bheith doicheallach agus eisiach, rud a fhágann go mbíonn easpa rannpháirtíochta ann. Mar thoradh ar cheanglas nua na Scéime maidir le Rochtain Chomhchosúil, tá súil agam go dtabharfar rochtain níos fearr do gach bean agus cailín a úsáideann áiseanna spóirt a mhaoinítear ó chistí poiblí.

“Dheimhnigh an tAire Byrne agus mé féin cheana féin go nglacfar le hiarratais faoi bhabhta nua na Scéime sna seachtainí atá romhainn, agus foilseofar na dátaí, na téarmaí agus na coinníollacha go luath ar shuíomh gréasáin na Roinne. Mholfainn do gach tionscadal incháilithe smaoineamh ar chur isteach ar an bpróiseas iomaíoch iarratais seo nuair a osclófar é."

Dúirt an tAire Thomas Byrne:

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh aon duine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú na Scéime ar an eolas faoin gCeanglas maidir le Rochtain Chomhchosúil a bhfuilim iontach bródúil as a thabhairt isteach. Faoin gCeanglas maidir le Rochtain Chomhchosúil, ní mór go mbeadh rochtain chomhchosúil ag mná agus fir ar shaoráidí a mhaoinítear faoin Scéim agus ní mór do dhaoine a fhaigheann maoiniú faoin Scéim polasaí foilsithe a bheith acu ina léirítear conas mar a oibríonn sé sin ó thaobh na praiticiúlachta de. Trí Cheanglas maidir le Rochtain Chomhchosúil a chur i bhfeidhm, is féidir linn comhdheiseanna a chinntiú chun páirt a ghlacadh sa spórt.

“Sa Scéim seo, cuirtear béim ar inseachadacht agus tá fonn orm tionscadail a thabhairt chun críche níos luaithe ná mar a rinneadh go dtí seo agus déantar roinnt moltaí in Athbhreithniú na Scéime a chuirfear san áireamh mar chuid de bhabhta nua na Scéime."

Is féidir na Cáipéisí Athbhreithnithe agus Beartais a léamh ag:

www.gov.ie/en/service/4113b3-large-scale-sport-infrastructure-fund-lssif/

Nótaí:

Is í an Scéim Item was unpublished or removed príomhmheán tacaíochta an rialtais chun saoráidí spóirt agus áineasa coirp níos mó a fhorbairt sa tír. Soláthraítear sa Chiste tacaíocht Státchiste nuair is mó infheistíocht an Státchiste ná an t-uasdeontas atá ar fáil faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Osclófar babhta nua den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór le haghaidh iarratas sa chéad leath de 2024, agus foilseofar na dátaí, na téarmaí agus na coinníollacha ar shuíomh gréasáin na Roinne in am trátha.

Achoimre ar na Moltaí a Thugtar in Abhreithniú na Scéime:

Moladh 1: Breithniú a dhéanamh ar shainchritéir daonra agus inbhuanaitheachta/gníomhaíochtaí i mbabhta na Scéime amach anseo.

Sa “Treoir maidir le hIarratas a Dhéanamh” ar an gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt ba dhéanaí, díríodh ar ghníomhaíocht aeráide agus inbhuanaitheacht den chéad uair, ag tacú le clubanna áitiúla céimeanna a ghlacadh chun a n-ídiú fuinnimh a laghdú agus iarratas a dhéanamh ar shoilsiú níos éifeachtúla. Faoi bhabhta na Scéime amach anseo, féadfar marcanna a bhronnadh freisin ar iarratais ó cheantair ina bhfuil fás suntasach ar an daonra. Agus iarratais á scóráil, bíonn tionchar go háirithe ag leibhéal na n-áiseanna reatha i gceantar i gcónaí.

Moladh 2: Forchostas riaracháin a laghdú do thionscadail ar luach níos ísle a fhaigheann cúnamh deontais amach anseo.

Ní beag an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin Scéim, agus tá sé ríthábhachtach rialacha agus nósanna imeachta an Chóid Chaiteachais Phoiblí a chur i bhfeidhm ar an gcaighdeán is airde chun luach ar airgead a chinntiú do gach tionscadal a mhaoinítear go poiblí. Glactar leis, áfach, go raibh na ceanglais maidir le deontaithe a fhaigheann leibhéil níos ísle de mhaoiniú deontais i bhfad níos déine ná iad siúd a bhaineann leis na huasdeontais a bhí ar fáil faoin Scéim um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt.

Moladh 3: Breithniú a dhéanamh ar an leibhéal cúnamh maoinithe a theastaíonn chun tionscadail a sheachadadh.

Léiríodh i gcruinnithe athbhreithnithe leis na deontaithe gur chreid go leor iarratasóirí, agus a n-iarratas á ullmhú, go gcuirfí 70% de chostas incháilithe an tionscadail ar fáil dá n-éireodh leo. Ós rud é go raibh ró-éileamh ar an gcéad bhabhta den Scéim agus ina dhiaidh sin níorbh fhéidir an méid iomlán a bhí á lorg a thabhairt d’aon tionscadal. Ní mór é seo a mheas go hiomlán roimh bhabhta nua na Scéime.

Moladh 4: Ceanglófar ar iarratasóirí na Scéime a mbeartas rochtana saoráidí a leagan amach ina ndéantar foráil do rochtain chomhchosúil d’fhir agus do mhná ar an áis spóirt.

I dtéarmaí cosúil leis na ceanglais a leagtar amach faoi Threoir na Scéime um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt 2023, amach anseo beidh ar iarratasóirí na Scéime um Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór a mbeartas a leagan amach ó thaobh rochtana comhchosúla maidir le húsáid na saoráide d’fhir agus do mhná.

Moladh 5: Treoirphrionsabail maidir le Staideanna agus Saoráidí Spóirt ar Mhórscála:

Ní mór d’iarratasóirí na Scéime a léiriú go soiléir conas a úsáidfear a staid agus/nó a n-áis mórscála spóirt chomh fada agus is féidir ar chríochnú a dtionscadal. Cuirtear critéir ar fáil freisin ar chóir a chur san áireamh sula ndéanann deontaí na Scéime aon chomhaontú ar chearta ainmnithe staide agus/nó saoráidí spóirt ar mhórscála.