Foilsítear an chéad Chreat Beartais agus Straitéise um Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta in Éirinn
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2024
Foilsítear an chéad Chreat Beartais agus Straitéise um Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta in Éirinn
• Cloch mhíle thábhachtach do spórt na hÉireann agus fís uileghabhálach leagtha amach le haghaidh mórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta a óstáil
• Tá sé mar aidhm ag an mbeartas tógáil ar rath na hÉireann ó thaobh óstáil a dhéanamh ar mhór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta go dtí seo
• Leanann foilsiú próiseas fairsing comhairliúcháin agus taighde ar an gcleachtas is fearr go hidirnáisiúnta
Inniu d’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne, polasaí nua rialtais agus creat straitéise i gcomhair Óstáil Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta.
Is é seo an chéad bheartas dá chineál in Éirinn agus leanann sé próiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí, lena n-áirítear rannpháirtíocht dhíreach le comhlachtaí spóirt, comhairliúchán le príomhpháirtithe leasmhara agus athbhreithniú ar bheartais inchomparáide i ndlínsí eile.
Eascraíonn foilsiú Chreat Beartais agus Straitéise um Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta as gealltanas i gclár an Rialtais straitéis a fhorbairt chun an cineál mór-imeachtaí spóirt ar féidir agus ar cheart d’Éirinn tairiscint a dhéanamh ina leith a aithint agus conas is féidir na himeachtaí seo a úsáid chun rannpháirtíocht sa sport a mhéadú, turasóireacht intíre agus idirnáisiúnta a spreagadh, agus Éire a chur chun cinn.
Is féidir leagan Gaeilge agus Béarla den pholasaí a léamh Item was unpublished or removed
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá sé tábhachtach nuair a dhéanaimid infheistíocht i Mór-Imeachtaí Spóirt go bhfuil muid soiléir faoi na buntáistí is mian linn a bhaint amach ón infheistíocht sin. Sa chreat beartais agus straitéise seo tabharfar treoir d’oifigigh, do choistí rialaithe náisiúnta spóirt agus do phoiblitheoirí imeachtaí agus iad ag forbairt tograí le haghaidh mór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta chun na torthaí agus na tairbhí is fearr a bhaint amach.
“Is gné an-suntasach den turasóireacht dhomhanda í turasóireacht a bhaineann le spórt, le margadh ilmhilliún euro agus poitéinseal ollmhór do thíortha a bhfuil seasamh ceart acu. Tugtar deis uathúil i Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta chun aird a tharraingt ar oileán na hÉireann mar cheann scríbe iontach saoire, chomh maith lena bheith ina láthair iontach le haghaidh imeachtaí spóirt.”
Dúirt an tAire Thomas Byrne chomh maith:
“Léiríodh in Éirinn go bhfuil ar a cumas imeachtaí móra idirnáisiúnta spóirt a óstáil go rathúil agus féachann foilsiú an bheartais seo le tógáil ar an rath sin. Chomh maith le bheith ina n-ócáidí spóirt iontacha iontu féin, tá an poitéinseal ag mór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta rannpháirtíocht sa spórt a spreagadh agus oidhreacht fhiúntach spóirt a chruthú. Cuireann siad le trádáil, turasóireacht, rannpháirtíocht pobail, forbairt réigiúnach agus fás eacnamaíoch. Spreagann na himeachtaí seo mórtas náisiúnta freisin trí Éire a chur ar an stáitse domhanda agus bíonn tionchar acu ar an gcaoi a bhfeicimid sinn féin mar náisiún agus ar an gcaoi a mbreathnaítear orainn go hidirnáisiúnta.
“Agus an chéad Chreat Beartais agus Straitéise riamh de chuid na hÉireann um Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta á fhoilsiú ag an Rialtas, tá cur chuige níos straitéisí á leagan amach ag an Rialtas agus é ag tairiscint agus ag óstáil imeachtaí móra spóirt idirnáisiúnta. Is mian linn an leas is fearr a bhaint as na tairbhí d’Éirinn agus oidhreacht rannpháirtíochta spóirt marthanach a chinntiú gach uair a bheidh Éire ina hóstach ar imeachtaí dá leithéid. Táim ag súil go mór leis an obair seo a chur chun cinn tuilleadh.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Gealltanas i gclár an Rialtais
I gclár an Rialtais: Ár dTodhchaí Chomhroinnte, tá gealltanas chun:
Straitéis a fhorbairt chun an cineál mór-imeachtaí spóirt a aithint is féidir linn agus ba cheart dúinn tairiscint a dhéanamh orthu (go háirithe iad sin a cuireadh ar ceal mar gheall ar COVID-19), agus an chaoi gur féidir na himeachtaí sin a úsáid chun rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú, turasóireacht dúchais agus idirnáisiúnta a spreagadh, agus Éire a chur chun cinn.
Seachadann foilsiú an chreata beartais agus straitéise seo an gealltanas Rialtais sin.
Aidhm na Straitéise Beartais agus na Creatlaí
Leagtar amach sa Chreat Beartais agus Straitéise um Mór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta (an “polasaí”) cur chuige straitéiseach maidir le tairiscintí a dhéanamh ar mhór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta agus chun an leas is fearr a bhaint as imeachtaí den sórt sin aon uair a bhíonn Éire ina hóstach orthu. Leagtar amach sa pholasaí:
• cúlra agus comhthéacs na hÉireann ag óstáil mór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta;
• an próiseas forbartha polasaí go dtí seo;
• na nithe a foghlaimíodh ón bpróiseas sin; agus
• na moltaí beartais tosaigh is gá chun an straitéis sin a fhorbairt tuilleadh (go háirithe na tosaíochtaí atá beartaithe ar cheart don stát a ghlacadh le linn imeachtaí tacaíochta a mheasúnú).
Tosaíochtaí
Maidir le haon mholadh chun mór-imeacht idirnáisiúnta spóirt a óstáil, cuirfidh an Roinn na cineálacha imeachtaí tosaíochta seo a leanas san áireamh:
1. Tabharfar tosaíocht d’imeachtaí lena n-áirithítear toradh eacnamaíoch, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon.
2. Tabharfar tosaíocht d’imeachtaí lena n-áirithítear leas spóirt, ag leibhéal ardfheidhmíochta agus i dtaobh leibhéil rannpháirtíochta a threisiú.
3. Imeachtaí atá oiriúnach do chomhshaol na hÉireann, a bhaineann úsáid as an mbonneagar atá ann faoi láthair chomh fada agus is féidir, agus a uasmhéadaíonn an toradh ó infheistíocht sa bhonneagar atá ann cheana féin.
4. Imeachtaí atá tarraingteach do mhuintir na hÉireann a chothóidh suim agus mórtas, go háirithe imeachtaí móra.
5. Imeachtaí a bhfuil an poitéinseal acu Éire a chur ar an stáitse idirnáisiúnta i suíomhanna tábhachtacha ó thaobh na turasóireachta agus eile de.
6. Imeachtaí a sheachadann tionchar agus próifíl láidir réigiúnach.
7. Imeachtaí a bhfuil an cumas acu raon leathan de chuspóirí beartais an rialtais a sheachadadh lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:
a. Tionchar aeráide agus inbhuanaitheacht;
b. Caidreamh idirnáisiúnta;
c. Comhoibriu Thuaidh-Theas; agus
d. Éagsúlacht – (inscne, cumas, eitneachas, claonadh gnéasach san áireamh).
8. Imeachtaí is féidir a mheas chomh hiomlán agus is féidir roimh thairiscintí. Cé go mbeidh éagsúlacht sna hamlínte a bheidh ag teastáil, beidh dóthain ama ag teastáil chun measúnú a dhéanamh.
9. Imeachtaí a bhfuil an poitéinseal acu imeachtaí leantacha a sheachadadh agus Éire a fhorbairt mar láthair óstála inmhianaithe.
10. Imeachtaí is féidir a bheith mar chuid de phunann le raon imeachtaí spóirt, méideanna agus láithreacha éagsúla. Sa chomhthéacs seo, admhaítear nach dtagann gach imeacht faoin liosta seo agus go bhféadfadh cuid acu seachadadh níos láidre a dhéanamh ar thosaíochtaí áirithe ná cinn eile ach ní mór don phunann iomlán imeachtaí iarracht a dhéanamh an raon iomlán de thosaíochtaí polasaí comhaontaithe a sheachadadh.
11. Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, gan uasmhéid nach mó ná dhá imeacht an-mhór a bheith ann in aon tréimhse cúig bliana.
12. Imeachtaí a áirithíonn meas ar chearta an duine i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla na hÉireann faoi dhlí baile, AE agus idirnáisiúnta.
13. Imeachtaí a choinneoidh tacaíocht agus muinín an phobail as ionracas an spóirt.
14. Imeachtaí a chloíonn leis na cleachtais is fearr maidir le cosc a chur ar chaimiléireacht sa spórt agus a léiríonn meas ar bhunphrionsabail eiticiúla uilíocha.
15. Imeachtaí nach dtagann salach ar imeachtaí reatha nó ar imeachtaí spriocdhírithe eile.
Buntáistí a bhaineann le Mór-Imeachtaí a Óstáil
Tá an poitéinseal ag óstáil mór-ócáid idirnáisiúnta spóirt raon buntáistí agus deiseanna a sheachadadh, agus ag an am céanna, d’fhéadfadh sé a bheith costasach agus contúirteach. Bainean buntáistí leis ó bhorradh eacnamaíoch gearrthéarmach go turasóireacht dhíreach go tairbhí spóirt, sóisialta agus eacnamaíocha níos fadtéarmaí.
- Is féidir le himeachtaí tacú le spórt ardfheidhmíochta agus baineann lúthchleasaithe ardfheidhmíochta leas as an deis dul san iomaíocht sa bhaile os comhair lucht féachana na hÉireann agus ag ardleibhéal.
- Is féidir le himeachtaí deiseanna a sholáthar chun leibhéil rannpháirtíochta sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp a mhéadú, i measc gach aoisghrúpa, trí phróifíl na hócáide agus trí chláir oidhreachta a bhaineann leis.
- Is féidir le himeachtaí na mílte cuairteoir a thabhairt go hÉirinn, leis an sainchuspóir freastal ar an imeacht agus mar thoradh ar an bpoiblíocht a fhaightear mar gheall ar an imeacht. Tacaíonn na cuairteoirí seo le turasóireacht, an earnáil eacnamaíoch dhúchasach is mó in Éirinn, agus is féidir leo tacú le forbairt inbhuanaithe (comhshaoil, eacnamaíoch agus sochaíoch) na hearnála amach anseo. Mar shampla, tugann cluichí Peile Coláiste na SA isteach go rialta na mílte cuairteoir ó SAM a thaistealaíonn chuig gach cearn den oileán, chomh maith le lucht féachana de na milliúin a bhaint amach ar fud meáin chraolta agus spóirt na SA.
- Is féidir le himeachtaí idirnáisiúnta aird a tharraingt ar thairiscint turasóireachta na tíre agus is minic a úsáideann gníomhaireachtaí turasóireachta iad mar uirlis luachmhar margaíochta.
- Is féidir le himeachtaí idirnáisiúnta ardán idirnáisiúnta a sholáthar chun próifíl na hÉireann a ardú. Is féidir le himeacht dea-eagraithe íomhá de thír atá in ann tionscadail mhóra chasta a sheachadadh agus a óstáil a chur in iúl do chomhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil tionchar dearfach acu ar ghnó dá bharr.
- Is féidir le himeachtaí freisin solas a chur ar spóirt mhionlaigh agus éagsúlacht sa rannpháirtíocht spóirt a chur chun cinn.
- Tá an cumas ag tairiscintí comhpháirteacha le tíortha eile caidreamh agus comhoibriú idirnáisiúnta a thógáil ar an leibhéal idir-rialtasach, go háirithe imeachtaí uile-oileáin e.g. UEFA Euro 2028.
- Is féidir le himeachtaí réigiúnacha forbairt eacnamaíoch agus próifíl idirnáisiúnta araon a thabhairt i.e. Corn Ryder i Luimneach agus Rás Aigéin Volvo i nGaillimh.
- Féadfaidh imeacht a bheith ina ardán chun príomhbheartais náisiúnta a mhéadú, amhail imeacht a úsáid mar eiseamláir do chleachtais inbhuanaithe.
Na Chéad Chéimeanna Eile
• Tógfar i bhforbairt bhreise ar an gcreat straitéise ar an mbeartas seo trí chuspóirí níos mionsonraithe a leagan amach, chomh maith le spriocanna sainithe agus pointí gníomhaíochta, ar feadh tréimhse sainithe bunaithe ar na tosaíochtaí beartais comhaontaithe.
• Sonrófar go mion i gcreat na straitéise an cruth a bheidh ar an gcóras comhordaithe um mhaoiniú/cinntí agus tacaíocht a thabhairt.
• Breithneofar sa chreat straitéise mionsonraithe críochnaithe freisin róil agus freagrachtaí na gcomhpháirtithe rialtais go léir maidir le próisis tairisceana a bhainistiú, bainistiú imeachtaí agus meastóireacht. Breithneofar ann freisin conas córas a chur i bhfeidhm chun imeachtaí ionchasacha a lorg go réamhghníomhach, féilire a fhorbairt agus cumas a mhéadú san earnáil.
• Mar fhocal scoir, beidh bunú grúpa oibre de pháirtithe leasmhara chun spriocanna agus cuspóirí fadtéarmacha a dhréachtú mar aon le gníomhaíochtaí chun na spriocanna a bhaint amach ar cheann de na príomhchéimeanna eile maidir le scagadh breise a dhéanamh ar an gcreat straitéise.