Freastalaíonn an tAire Byrne ar chruinniú Chomhairle Spóirt an AE
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Comhionnanas inscne, ionchuimsitheacht agus dópáil le plé ag an gComhairle
Déanfaidh an tAire Stáit le freagracht as an Spórt agus Corpoideachas iondaíocht ar Éireann inniu (24 Samhain) ag cruinniú Chomhairle Spóirt an Aontas Eorpaigh sa Bhruiséil.
Beidh airí ag an gComhairle ag súil le conclúidí an Chomhairle ar chomhionnanas na mban sa spórt a faomhadh. Beidh dhá dhíospóireacht pholasaí ar siúl chomh maith ar an bhfuathchaint sa spórt; agus pléifear an dúshlán timpeallacht sábháilte a chruthú sa spórt, le fócas ar leith ar áiseanna cuí, saindeartha, agus ar monatóireacht sláinte agus sábháilteacht ar lúthchleasaithe. Beidh cúraim lóistíochta ar nós sluabhainistíocht agus slándáil mar chuid den díospóireacht chomh maith.
I measc na nithe eile atá le plé ag an gComhairle tá tuairiscí ar an obair atá ar siúl ag Údarás Frithdhópála an Domhain agus é ag cur i gcoinne na dópála sa spórt, agus inseofar don Chomhairle faoi phleananna na Fraince agus na Gearmáine do na Cluichí Oilimpeacha/Parailimpeacha i bPáras agus EURO 2024.
Ag labhairt dó roimh na cruinnithe, dúirt an tAire Byrne:
“Ar an gclár oibre don Chomhairle sa chruinniú seo tá roinnt ábhar atá mar thosaíochtaí domsa mar Aire. In Éirinn, táimid ag infheistiú leibhéal maoinithe nach bhfacthas choíche roimhe seo chun dul chun cinn a chinntiú ar chomhionnanas inscne. Tá sé ríthábhachtach go bhfuilimid uile díongabháilte air seo chun nádúr idirnáisiúnta an spóirt a léiriú. Is dúshlán eile í an troid don chothroime agus don ghlaineacht sa spórt, agus táim ag súil le huasdátú a fháil ar an dul chun cinn atá déanta ag Údarás Frithdhópála an Domhain.”