Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2024
Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta
Sheol Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne T.D., Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí go hoifigiúil aréir le hócáid ar a d’fhreastail nach mór 200 duine i dteach aíochta oifigiúil an Stáit, Teach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce, BÁC.
Agus borradh ag teacht ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí le roinnt blianta anuas, tá seoladh agus bunú an ghréasáin seo ag teacht go dlúth le mianta rannpháirtithe na gcúrsaí sin, go mbeadh tuilleadh deiseanna sealbhaithe teanga acu lasmuigh den seomra ranga.
Leis an nGréasán seo, cuirfear bunús foirmeálta le deiseanna labhartha na teanga a chur ar fáil dóibh siúd san earnáil phoiblí ar mian leo a gcuid Gaeilge a chothú, a choinneáil nó a úsáid i gcomhthéacs na hoibre – ó fhoghlaimeoirí suas go hard-inniúlacht agus gach rud idir eatarthu. Fáilteofar roimh státseirbhísigh, fostaithe na hearnála poiblí i gcoitinne, gráid ghairmiúla/theicniúla ar nós dochtúirí, altraí, múinteoirí, innealtóirí, comhairleoirí dlí agus ról eile ar nós Gardaí Síochána, tiománaithe bus agus eile.
Ar an oíche sheol an tAire Stáit Byrne suíomh idirlín tiomanta don ghréasán chomh maith – www.greasangaeilge.ie, mar aon le tairseach clárúcháin.
Ag labhairt dó ag an seoladh oifigiúil, dúirt an tAire Stáit Byrne:
“Ar dtús báire, ba mhaith liom tréaslú le hOireachtas na Gaeilge as a dtiomantas d’fhís an Stáit mar a bhaineann sé le treisiú na teanga sa chóras poiblí agus as an obair chrua ar fad atá déanta acu ó dheireadh na bliana seo caite chun an gréasán a chur ar an bhfód. Is é an phríomh-theachtaireacht ar mhaith liom a thabhairt anseo anocht ná, gur gréasán fáilteach, uileghabhálach agus ilchineálach é an gréasán seo. Cibé leibhéal inniúlachta atá agat, ó leibhéal bunúsach suas go hard-leibhéal, beidh fáilte romhat clárú leis an ngréasán seo chun d’inniúlacht teanga a úsáid, a fhorbairt agus a chothú.
“Is gné lárnach atá sa ghréasán seo in iarrachtaí an Rialtais iomlánú a dhéanamh ar na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge trasna na hearnála poiblí sna blianta amach romhainn – go háirithe i gcomhthéacs ár gcuid oibre faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 chun cur le líon na ndaoine le hinniúlacht Ghaeilge sa chóras.
“Is fiú dom aird a tharraingt sa mhéid seo don 50% de nach mór 35,000 fostaithe stáit a ghlac páirt i suirbhé le déanaí a chuir in iúl go mbeadh suim acu cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge. Cuirim suim chomh maith sa 23% a léirigh sa suirbhé céanna go mbeadh suim acu dul ag obair trí Ghaeilge le breis oiliúna/tacaíochtaí, anuas ar an 5% a dúirt go raibh siad ag obair trí Ghaeilge cheana féin nó go mbeadh suim acu dul ag obair trí Ghaeilge gan breis oiliúna/tacaíochtaí. D’fheicfinnse mar sin go bhfuil ana-chuid deiseanna ann le cur ar chumas daoine laistigh agus lasmuigh d’eagraíochtaí poiblí cur lena gcuid scileanna teanga sna blianta beaga amach romhainn.”
Is do thaighde a thug Ollscoil na Gaillimhe faoi thar ceann an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge i leith ullmhú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a bhí an tAire Stáit Byrne ag déanamh tagartha ar an oíche. Chuir an Coiste Comhairleach Item was unpublished or removed seo faoina bhráid le déanaí agus beidh sé le breithniú agus le cur faoi bhráid an Rialtais ansin aige san fhómhar.
Faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, tá i gceist líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú go mór, mar aon le líon leordhóthanach foirne inniúil i nGaeilge a chinntiú chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Chuige sin, tá sé mar sprioc reachtúil ag an Rialtas faoin Acht go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Sa chomhthéacs sin, beifear ag breathnú ar bhealaí nuálacha chun a chumasú don earnáil an sprioc sin a bhaint amach – bunú an ghréasáin seo ar cheann díobh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an ngréasán trí theagmháil a dhéanamh le eolas@greasangaeilge.ie nó trí chuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín nua-seolta anseo anois. Tá sé beartaithe go reáchtálfar an chéad ócáid eile luath san fhómhar.
Nótaí don Eagarthóir:
Eolas faoi cheadú deontais don Ghréasán in 2023 anseo.
Eolas faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla anseo.