Gríosaíonn an tAire Byrne tacaíocht an phobail d’fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (Dé hAoine, an 16 Meitheamh) thaistil an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, go Beirlín chun bualadh le foireann Cluichí Oilimpeacha Speisialta na hÉireann agus chun freastal ar Shearmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda 2023. Beidh na Cluichí ar siúl sa Ghearmáin den chéad uair ón 17 go dtí an 25 Meitheamh 2023.
Dúirt an tAire Byrne:
“Caithfidh spórt a bheith ar fáil do chách agus creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go molaimid agus go dtugaimid go léir aitheantas d’éachtaí ár lúthchleasaithe sna Cluichí seo. Molaim do gach duine in Éirinn tacú lenár 73 lúthchleasaí ar Fhoireann na hÉireann. I rith na seachtaine, beidh siad san iomaíocht in 12 chomórtas éagsúla agus beidh tacaíocht mhaith acu ó fhoireann cóitseála agus bainistíochta ar a bhfuil 36 duine i mBeirlín. Tá ár lúthchleasaithe iad féin, a dteaghlaigh agus a gcairde an-bhródúil chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sna Cluichí. Coinneoimid súil ar a ndul chun cinn agus léireoimid tacaíocht dóibh agus do spórt cuimsitheach go ginearálta.
“Tá sé tábhachtach an ról bunúsach atá ag cuimsiú mar chuid de bheartas náisiúnta spóirt na hÉireann a aithint. Is iad na Cluichí Domhanda seo an t-imeacht spóirt uilechuimsitheach is mó ar domhan, ina bhfuil na mílte lúthchleasaithe faoi mhíchumas intleachta san iomaíocht in 26 spórt éagsúil. Is mór an phribhléid dom an deis a bheith agam tacú leis na lúthchleasaithe iontacha ar Fhoireann na hÉireann ag na Cluichí Domhanda seo.”
Dúirt an tAire Byrne chomh maith:
“Le linn mo chuairte, táim ag tnúth le cuairt a thabhairt ar CLG Setanta Berlin. Is ábhar misnigh é an oiread sin daoine de gach aois, náisiúntacht agus cúlra a fheiceáil gníomhach i gclubanna CLG ar fud na hEorpa.”