English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Guíonn an tAire Martin agus an tAire Chambers gach rath ar Fhoireann Pharailimpeach na hÉireann

Guíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers TD, gach rath ar na 29 lúthchleasaí a thaistealóidh chuig Cluichí Parailimpeacha 2020 a thosaíonn ar an 24 Lúnasa i dTóiceo. Beidh na lúthchleasaithe san iomaíocht i naoi spórt éagsúla.

Bhí na hAirí ag labhairt ag seoladh i Láthair Náisiúnta Faoi Dhíon Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir. I láthair freisin bhí Miriam Malone (POF, Cumann Parailimpeach na hÉireann), Neasa Russell (Chef de Mission, Cumann Parailimpeach na hÉireann), Una May (Stiúrthóir Rannpháirtíochta agus Eitice, Spórt Éireann) agus Lisa Clancy (Ball den Bhord, Cumann Parailimpeach Éireann). Ag déanamh ionadaíochta ar na lúthchleasaithe a bhí ag taisteal bhí Nicole Turner (Snámh) agus Colin Judge (Leadóg Tábla).

Dúirt an tAire Martin:

“Tá foireann thar a bheith cumasach á seoladh againn chuig na Cluichí Parailimpeacha agus táim cinnte go gcuirfidh siad bród orthu féin, ar a gcuid teaghlach, a gcuid pobal agus an tír ar fad sna seachtainí atá romhainn.

Chuir an phaindéim isteach ar na hullmhúcháin ach léirigh siad diongbháilteacht chun na deacrachtaí sin a shárú agus anois agus iad ar an mbealach go Tóiceo ba mhaith liom a chur in iúl dóibh go bhfuil gach duine in Éirinn ag tacú leo agus go nguíonn siad gach rath orthu. Bainigí taitneamh as na Cluichí. "

Dúirt an tAire Chambers:

“Guím gach rath ar Fhoireann Pharailimpeach na hÉireann. Nuair a d’óstáil Tóiceo an dara Cluichí Parailimpeacha sa bhliain 1964, ní raibh aon lúthchleasaí de chuid na hÉireann i láthair, an t-aon uair a tharla sé sin riamh. Táimid an-sásta a bheith ag filleadh ar Thóiceo le foireann iontach a bhfuilim cinnte a dhéanfaidh ionadaíocht le gradam orainn. Thar aon rud eile, ba mhaith liom go mbainfidh gach duine ar bhfoireann taitneamh as an eispéireas.

Cé go bhfuil na Cluichí Parailimpeacha seo ar siúl i dtimpeallacht an-difriúil mar gheall ar an bpaindéim, is deis iontach iad na Cluichí fós dár gcuid lúthchleasaithe parailimpeacha a gcumas a thaispeáint ar stáitse an domhain. Tacóimid go huile agus go hiomlán leo”.