Guíonn na hAirí gach rath ar Lúthchleasaithe Oilimpeacha na hÉireann agus iad ag dul go Tóiceo
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 13 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ghuígh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers TD, gach rath ar na 116 ball d’fhoireann na hÉireann agus iad ag ullmhú chun dul san iomaíocht ag an Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo ón 23 Iúil go dtí an 8 Lúnasa. Le níos mó ná 100 lúthchleasaí ag taisteal, is í seo an fhoireann Éireannach is mó riamh san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha.
Bhí na hAirí ag labhairt ar Champas Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir ag ócáid “Fág Slán” leis na lúthchleasaithe atá ag imeacht. Cuireadh scaradh sóisialta i bhfeidhm ag an ócáid. I láthair freisin bhí Peter Sherrard, POF Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann, Sarah Keane, Uachtarán Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann agus John Treacy, POF Sport Éireann. Ag déanamh ionadaíochta ar Fhoireann Oilimpeach na hÉireann bhí Billy Dardis, Captaen ar fhoireann Rugbaí Seachtar na hÉireann agus an lúthchleasaí Michelle Finn, a rachaidh san iomaíocht i léimrás 3000m.
Dúirt an tAire Chambers:
“Léiríonn an fhoireann seo atá á seoladh againn, an fhoireann is mó riamh, toradh blianta infheistíochta agus obair chrua dhaoine ar fud na hearnála spóirt.
Le foilsiú Straitéis Ardfheidhmíochta Spórt Éireann le déanaí a leag síos ár gcuid spriocanna agus ár bpleananna maoinithe don chéad deich mbliana eile, tá todhchaí gheal roimh spórt ardfheidhmíochta na hÉireann, in ainneoin na ndúshlán go léir a chuir an bhliain seo caite roimhe.
Beidh na cluichí seo an-dúshlánach, mar gheall ar na réamhchúraimí uile is gá a ghlacadh chun sláinte ár lúthchleasaithe agus sláinte an phobail i gcoitinne a chinntiú, sa tSeapáin agus in Éirinn araon. Tá súil agam go mbeidh na cluichí rathúil chomh maith agus guím gach rath ar ár lúthchleasaithe go léir. Ádh mór agus go n-eirí an bóthar libh."
Dúirt an tAire Martin:
“I mbliana seolfaimid an fhoireann is mó riamh, le cothromaíocht inscne beagnach 50/50. Léiríonn sé seo go bhfuil rath ar ár gcuid oibre sa Spórt agus go bhfuil an maoiniú atá á sholáthar againn éifeachtach d’ardfheidhmiocht agus do spórt na mban.
D'imigh go leor dár lúthchleasaithe go Tóiceo cheana féin, agus guímid gach rath orthu agus iad ag dul trí na bearta riachtanacha sláinte poiblí. Tá a fhios agam ón bplé le Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann agus le Parailimpeacha na hÉireann go bhfuil obair mhór déanta acu lena chinntiú go mbeidh ár lúthchleasaithe in ann na bearta riachtanacha go léir a chomhlíonadh.
Táimid ag súil le tuilleadh éachtaí sna blianta atá romhainn mar gheall ar ár Straitéis Ardfheidhmíochta nua, agus forbairt leanúnach ár gCampas Náisiúnta Spóirt agus áiseanna spóirt eile. Guím gach rath ar fhoireann na hÉireann i dTóiceo."