Guíonn na hAirí Martin agus Byrne gach rath ar lúthchleasaithe Parailimpeacha na hÉireann i bPáras
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 28 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (Dé Céadaoin, 28 Lúnasa, 2024), ag tús Chluichí Parailimpeacha Pháras 2024, ghuí an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta , Thomas Byrne TD, gach rath ar bhaill Fhoireann na hÉireann.
Tá foireann de 35 á gcur ag Éirinn chuig na Cluichí i bPáras. Beidh na lúthchleasaithe san iomaíocht thar naoi spórt. Tá Éire san iomaíocht ag gach Cluichí Parailimpeacha ón gcéad uair sa Róimh i 1960.
Is í an bhliain seo an leibhéal infheistíochta is airde riamh in Éirinn i Spórt Ardfheidhmíochta, le €25m á sholáthar. Tháinig méadú suntasach freisin ar an €59 milliún a infheistíodh i dtimthriall Thóiceo, agus breis agus €89 milliún infheistithe ó 2021 go 2024, rud a léiríonn tiomantas an rialtais dul chun cinn fadtéarmach marthanach a sheachadadh sa spórt.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá na Cluichí Parailimpeacha ar cheann de na himeachtaí spóirt is mó le rá agus a bhfuiltear ag fanacht go fonnmhar leo ar fud an domhain. Is éacht iontach é d’aon lúthchleasaí an caighdeán atá riachtanach a bhaint amach chun dul san iomaíocht i gcoinne na ndaoine is fearr ar domhan ag Cluichí Pháras. Tá creidiúint agus aitheantas ollmhór tuillte ag gach duine den 35 iomaitheoir atá ag taisteal go Páras as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas chun na cluichí a bhaint amach. Tá creidiúint chomhchosúil tuillte ag gach duine a thacaigh leo ar a dturas go Páras, bíodh gur baill teaghlaigh iad nó i gcáil oiliúna. Molaim d’Éireannaigh i ngach áit a bheith taobh thiar den fhoireann sa choicís seo chugainn nó mar sin agus bhur dtacaíocht a thaispeáint dóibh, bíodh sé sin sa Fhrainc nó sa bhaile in Éirinn. Táim lánchinnte go dtabharfaidh siad roinnt léirithe iontacha cuimhneacha sna seachtainí atá romhainn agus táim ag súil freisin le bualadh le cuid de na lúthchleasaithe ag na Cluichí sna laethanta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar bhaill Fhoireann na hÉireann a bheidh san iomaíocht ag na Cluichí Parailimpeacha. Bhí sé de phribhléid agam cheana féin bualadh le cuid den 35 ball d’Fhoireann na hÉireann agus táim ag tnúth le bualadh le níos mó acu an tseachtain seo chugainn i bPáras. Is éacht é a bheith i do lúthchleasaí Parailimpeach agus ionadaíocht a dhéanamh ar son na tíre, agus tá a fhios agam go n-aithníonn na lúthchleasaithe iad féin é seo, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne. Tá baill Fhoireann na hÉireann do na Cluichí Parailimpeacha ag spreagadh an chéad ghlúin eile lúthchleasaithe cheana féin. Is féidir liom a chinntiú do na lúthchleasaithe go bhfuil an Rialtas an-bhuíoch as a gcuid iarrachtaí agus go bhfuil sé i gceist againn leanúint lenár dtacaíocht láidir airgeadais don spórt in Éirinn, ón mbunleibhéal go dtí an leibhéal ardfheidhmíochta. Tá mé ag súil go mór le bheith ina measc siúd a bheidh ag tacú le Foireann na hÉireann, sa bhaile agus ar fud an domhain, agus muid ag gríosú na lúthchleasaithe ag na Cluichí Parailimpeacha.”
Soláthraíonn an Rialtas agus Spórt Éireann raon de shruthanna maoinithe do Chumann Parailimpeach na hÉireann lena n-áirítear Maoiniú Clár Ardfheidhmíochta, Maoiniú Díreach do Lúthchleasaithe, Maoiniú Riaracháin & Oibríochtaí, agus Maoiniú Tacaíochta do Chluichí Parailimpeacha.
I dteannta a chéile ar fud na sruthanna maoinithe go léir, beidh níos mó ná €8m infheistithe ag Spórt Éireann i gCumann Parailimpeach na hÉireann le linn Timthriall Phárais 2021-2024.
CRÍOCH