English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Imeacht Iompaithe Fód ar Champas Ilspórt Naomh Tomás

Imeacht Iompaithe Fód ar Champas Ilspórt Naomh Tomás

• Déanann an tAire O’Donovan ceiliúradh ar thosú Chéim 2

de thógáil an Champais Ilspórt

• Fuair an tionscadal maoiniu €6.45m faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór

• Cuireadh raon lúthchleasaíochta ar chaighdeán idirnáisiúnta

i gcrích faoi Chéim 1

• Iompaíodh an fód do Chéim 2 sa searmanas inniu

Inniu d’fháiltigh an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir & Spóirt, Patrick O’Donovan TD agus an tAire Stáit don Spórt agus don Bheartas Poist, Charlie McConalogue TD roimh thosú an dara céim den tionscadal tógála ina ndéanfar forbairt ar Champas Ilspórt nua a thairgfidh raon leathan de ghníomhaíochtaí spóirt i gceantar Dhún Droma.

Chuir an Roinn tacaíocht shuntasach ar fáil don tionscadal seo, luach €6,450,000 san iomlán, faoina Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór.

Cuimsíonn an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste foirgneamh spóirt, giomnáisiam ilfheidhmeach, seomraí feistis, oifigí, leithris, raon reatha tuilsoilse 8 lána lasmuigh le háiseanna raoin agus faiche agus carrchlós.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Is tionscadal bunathraithe chun feabhais é seo don lúthchleasaíocht i réigiún Bhaile Átha Cliath agus déanaim comhghairdeas leis an bpobal ar fad agus leis na comhpháirtithe tionscadail ar fad faoin sprioc thábhachtach seo a bhaint amach. Níl aon amhras orm ach gur acmhainn luachmhar a bheidh san áis seo a chuirfidh sláinte agus folláine chun cinn do gach aois agus cumas sna blianta atá le teacht. Chuir lúthchleasaithe na hÉireann sceitimíní ar an lucht féachana ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa agus ag Cluichí Parailimpeacha an Gheimhridh le déanaí, rud a chuir i gcuimhne dúinn gur cuid ríthábhachtach dár saol aonair, pobail agus náisiúnta é an spórt. Is í an sprioc atá againn níos mó agus níos mó lúthchleasaithe Éireannacha a fheiceáil san iomaíocht ag an leibhéal is airde sa spórt, agus tacóidh infheistíocht san áis nua seo leis an sprioc sin amach anseo.”

Ag labhairt dó inniu ag an ócáid chasadh an fhóid, dúirt an tAire Stáit McConalogue:

“Tá an-áthas orm a bheith i láthair ag iompú fóid Champas Ilspórt Naomh Tomás inniu. Is léiriú é seachadadh an áis iontach nua seo ar obair chrua na gclubanna áitiúla agus Chomhairle Dhún Laoghaire Ráth an Duin. Tá an Rialtas agus mé féin meáite ar infheistíocht leanúnach a fheiceáil in áiseanna spóirt dá leithéid chun a chinntiú go mbainfimid amach ár spriocanna uaillmhianacha maidir le rannpháirtíocht sa spórt.

Táim ag tnúth le go leor tionscadal eile ón gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór a fheiceáil ag dul ar aghaidh ar fud na tíre sna míonna atá romhainn. Tá clú agus cáil ar Chlub Lúthchleasaíochta Dhún Droma Dheisceart Bhaile Átha Cliath le fada as a gcumas spóirt agus níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh an tsaoráid nua seo tuilleadh forbartha ar go leor réaltaí lúthchleasaíochta amach anseo agus go gcuirfidh sé le liosta na nOilimpeach laistigh den chlub.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór;

Is é aidhm an Chiste seo tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d’áiseanna spóirt níos mó nuair is mó an infheistíocht Státchiste atá riachtanach ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail.

I mí Eanáir 2018, bronnadh maoiniú caipitil €86.4m ar 33 thionscadal faoin gcéad bhabhta. Fógraíodh €37.6m breise i mí na Nollag 2023 chun leithdháileadh Chiste 2018 a thabhairt go dtí €124m. I mí na Samhna 2024, bronnadh maoiniú caipitil €173.5m ar 35 thionscadal faoin gCiste. Go dtí seo bronnadh maoiniú €297.5m faoi Chiste 2018 & 2024.