English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Imeacht Iompaithe Fóid ag Ionad Spóirt Nua Rinn Mhíl

  • Freastalóidh an tAire O’Donovan ar imeacht iompaithe fóid ag Ionad Spóirt nua Rinn Mhíl a fuair €2.5m i maoiniú Stáit faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
  • Páirc lánmhéide CLG 4G nua uile-aimsire, páirceanna gaineamhbhunaithe agus áiseanna a rachaidh chun tairbhe don phobal áitiúil agus don phobal i gcoitinne san áireamh sna háiseanna spóirt seo a fuair tacaíocht ón gCiste.

Chuir an tAire Ealaíon, Meán, Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD fáilte roimh an deis an chéad fhód d’áis nua i Rinn Mhíl Thiar do Chlub CLG Órán Mór-Mhéaraí a iompú Dé Sathairn, an 22 Márta 2025.

Chuir an Roinn tacaíocht shuntasach ar fáil don tionscadal seo, luach €2,520,000 san iomlán, faoina Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór.

Áiríonn an tionscadal a bhfuil tacaíocht ón gCiste aige soláthar páirce nua lánmhéide 4G CLG uile-aimsire tuilsoilithe, dhá pháirc CLG gaineamhbhunaithe, páirc imeartha d’ógánaigh agus limistéir traenála/réamhaclaíochta.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Is iontach an rud é a bheith anseo i Rinn Mhíl inniu le haghaidh iompú oifigiúil an fhóid. Tá ré nua tagtha agus tá an-áthas orm a bheith mar chuid den searmanas ceannródaíoch seo ar cheart do gach duine sa phobal a bheith bródúil as. Mar Rialtas, táimid meáite ar infheistíocht a dhéanamh inár mbonneagar spóirt, agus is léiriú breise ar an tiomantas seo é tosú an tionscadail seo. Déanaim comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt as an éacht iontach a bhain siad amach. Cuirfear ionad spóirt den chéad scoth ar fáil d’imreoirí, áit ar féidir le lucht tacaíochta agus leis an bpobal teacht le chéile agus taitneamh a bhaint as ár gcluichí go ceann blianta fada amach romhainn.”

Dúirt an tAire McConologue:

“Mar Aire Stáit don Spórt, tá lúcháir orm go raibh Ciste Infreastruchtúr Spóirt na Roinne in ann maoiniú suntasach a chur ar fáil chun an tionscadal uaillmhianach seo a fhorbairt. Táim ag súil le himreoirí agus lucht leanúna a fheiceáil ag baint sult as na háiseanna iontacha seo a úsáid sna blianta atá romhainn.”

CRÍOCH

Nótaí an Eagarthóra

An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór;

Is é aidhm an Chiste seo tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d’áiseanna spóirt níos mó nuair is mó an infheistíocht Státchiste atá riachtanach ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail.

Go dtí seo bronnadh maoiniú €297.5m faoi Chiste 2018 & 2024. As seo, leithdháileadh €85.123 milliún ar thionscnaimh na gCluichí Gaelacha ar scála náisiúnta. Baineann an maoiniú seo le tionscadail atá urraithe go díreach ag CLG/LGFA/Camógaíocht agus/nó gnéithe CLG corpraithe.

I mí Eanáir 2018, bronnadh maoiniú caipitil €86.4m ar 33 tionscadal faoin gcéad bhabhta. Fógraíodh €37.6m breise i mí na Nollag 2023 chun leithdháileadh Chiste 2018 a thabhairt go dtí €124m.

I mí na Samhna 2024, bronnadh maoiniú caipitil €173.5m ar 35 tionscadal faoin gCiste.