English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leantar leis an infheistíocht is airde riamh don spórt ardfheidhmíochta le fógairt €27m do 2025

Leantar leis an infheistíocht is airde riamh don spórt ardfheidhmíochta le fógairt €27m do 2025

  • Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan agus an tAire Charlie McConalogue infheistíocht de bheagnach €27 milliún i maoiniú ardfheidhmíochta.
  • Méadú ar mhaoiniú ó níos mó ná €25m in 2024.
  • Rath ar an leibhéal idirnáisiúnta le baint amach 378 bonn idirnáisiúnta

le linn sheal Pháras mar gheall ar an infheistíocht sa spórt ardfheidhmíochta.

  • Leantar ar aghaidh ag tabhairt leibhéal breise tacaíochta trí mhaoiniú €4.5m a chur ar fáil do lúthchleasaithe aonair agus foirne faoi Scéim Idirnáisiúnta 2025.

D’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Bheartas Poist, Charlie McConalogue infheistíocht bhliantúil do 2025 inniu sa chlár ardfheidhmíochta de €27m a dháilfear trí Spórt Éireann.

Leis an infheistíocht is mó riamh leanfar ag tacú le lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus tá sé mar aidhm ag an mBeartas Náisiúnta Spóirt sprioc-líon bonn na hÉireann a mhéadú.

Agus an Straitéis Ardfheidhmíochta ag druidim lena cúigiú bliain dá cur i bhfeidhm, leanfaidh Spórt Éireann ag díriú ar chóitseáil, ar ghuth an lúthchleasaí, agus ar rialachas.

Tá an córas Ardfheidhmíochta ar chéim nua anois, seal Los Angeles, ar a dtugtar deis athnuaite le haghaidh feidhmíochta breise agus rathúlacht an chórais.

Dúirt an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D.:

“Is bealach láidir agus fiúntach í Straitéis Ardfheidhmíochta Spórt Éireann chun ár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta a chur chun cinn chun leibhéil rathúlachta níos fearr a bhaint amach agus is bealach trialach í chun tacú lenár lúthchleasaithe dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde ar an ardán idirnáisiúnta.

“Soláthraítear i ndámhachtainí maoinithe ilbhliantúla leibhéal seasmhachta do lúthchleasaithe chun a gcuid spriocanna spóirt a phleanáil, a dhíriú agus a sheachadadh. Tá lúthchleasaithe na hÉireann ag sárú bacainní le rath leanúnach na mbonn ag an leibhéal idirnáisiúnta agus táim muiníneach go n-eascróidh tuilleadh gnóthachtála ag na leibhéil is airde as an tacaíocht leanúnach seo.”

Ag labhairt ag an bhfógra infheistíochta sa Spórt Ardfheidhmíochta i gColáiste na Tríonóide, dúirt an tAire Stáit don Spórt agus don Bheartas Poist, an tAire McConalogue:

“Léirítear san fhógra maoinithe is airde riamh do Spórt Ardfheidhmíochta leibhéal láidir tacaíochta na hÉireann do lúthchleasaithe aonair agus foirne ina n-iarracht na spriocanna is airde a bhaint amach. Tá a fhios againn go bhfaigheann infheistíocht phoiblí sa Spórt Ardfheidhmíochta luach a saothair agus méadaítear an fhéidearthacht do lúthchleasaithe Éireannacha dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde, agus is é sin an fáth go bhfuil muid ag infheistiú €27m trí Spórt Éireann in 2025.

“Léirítear sa mhéadú suntasach ar mhaoiniú Spórt Ardfheidhmíochta le blianta fada tiomantas leanúnach an Rialtais, i gcomhar le Spórt Éireann, tacaíocht a thabhairt dár lúthchleasaithe agus iad ag leanúint orthu ag iarraidh rathúlacht a bhaint amach.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr Úna May:

“Is iontach an rud é a bheith anseo i gColáiste na Tríonóide i gcomhair Fógra Maoinithe Ardfheidhmíochta 2025. Ag teacht isteach sna geataí tosaigh inniu, shiúl mé thar dhealbh Oliver Goldsmith, a dúirt gurb éard atá san fhíor-eagna ná éifeachtaí a rianú ar a gcúiseanna.

“Tugtar léargas sa mheon sin ar shnáithe amháin den chur chuige a ghlacann Aonad Ardfheidhmíochta Spórt Éireann. Cé go bhfuil muid go léir bródúil as an rath a bhí ar lúthchleasaithe na hÉireann le déanaí, is trí thuiscint a fháil ar na gnéithe taobh thiar de na héachtaí sin is féidir linn iad a bhuanú.

“Ba é ár gcur chuige, le tacaíocht ó bheartas an Rialtais atá fadradharcach agus doimhin, infheistíocht sheasmhach agus inbhuanaithe chun ligean do na Forais Náisiúnta Rialaithe Spóirt struchtúir láidre agus éifeachtacha a fhorbairt lena dtacaítear le lúthchleasaithe ardfheidhmíochta go fadtéarmach.

“Insíonn na torthaí a scéal féin. Is léiriú ar an straitéis seo iad na feidhmíochtaí lenar buadh bonn le blianta beaga anuas, agus go leor Forais Náisiúnta Rialaithe Spóirt ag baint leasa as tacaíocht sheasmhach thar shealanna ceathairbhliantúla.

“Cuirfidh gealltanas maoinithe ilbhliantúil an Rialtais ar chumas Spórt Éireann torthaí leanúnacha ar infheistíocht a léiriú. Ach, ar ndóigh, ní faoi na boinn amháin atá sé, tá ár bhfócas fós ar leas na lúthchleasaí, ag tacú leo dul san iomaíocht go domhanda agus tús áite a thabhairt dá bhfolláine.”

Dúirt Cathaoirleach Choiste Ardfheidhmíochta Spórt Éireann, Olive Loughnane:

“Méadaíodh an infheistíocht sa spórt ardfheidhmíochta go seasta, le luasghéarú suntasach ó 2018 i leith. Gabhann Spórt Éireann buíochas leis an Rialtas as a gcuid tacaíochta.

“Léirítear san infheistíocht a méadaíodh tiomantas daingean do chur i bhfeidhm beartais; go sonrach, an Beartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027 agus an Straitéis Ardfheidhmíochta 2021-2032.

“Tá dul chun cinn mór á dhéanamh againn i dtreo sprioc an Bheartais Náisiúnta Spóirt de €30m faoi 2027.

“Tá infheistíocht Spórt Éireann sa spórt ardfheidhmíochta inchomparáide anois lenár n-iomaitheoirí idirnáisiúnta. Is é an tosaíocht atá againn ná comhoibriú le páirtithe leasmhara ar fud an chórais ardfheidhmíochta chun éifeachtúlacht na hinfheistíochta seo a uasmhéadú trí thionscnaimh agus cláir straitéiseacha ina seachadtar torthaí intomhaiste agus luach ar airgead.”

“Leis na cláir ardfheidhmíochta seo tacaítear le huaillmhianta na lúthchleasaithe agus na bhfoirne a chaitheann geansaí glas na hÉireann go bródúil, agus iad ag déanamh ionadaíochta ar ár náisiún agus iad ag iarraidh na cluichí ceannais agus boinn a bhaint amach ar stáitse an Domhain agus na hEorpa.”

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí:

  • D’fheidhmigh an córas ardfheidhmíochta go láidir le blianta beaga anuas, agus bhuaigh Éire 112 bonn mór le rá in 2024.
  • Ba iad Cluichí Pháras 2024 na Cluichí ba rathúla riamh d’Éirinn, baineadh seacht mbonn amach sna Cluichí Oilimpeacha agus sé bhonn sna Cluichí Parailimpeacha.
  • Baineadh boinn amach thar cheithre spórt a léirigh obair fhadtéarmach Spórt Éireann chun córas aibí ardfheidhmíochta a fhorbairt ina dtáirgtear torthaí seasmhacha agus chun tosaigh go domhanda.
  • I mí na Nollag, d’fhoilsigh Spórt Éireann Athbhreithniú ar Sheal Pháras, a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go bhfuil an córas ardfheidhmíochta in áit mhaith chun acmhainneacht spórt na hÉireann a uasmhéadú.
  • Leithdháileadh €600,000 ar Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann agus leithdháileadh €450,000 ar Chumann Parailimpeach na hÉireann do 2025.

Scéim Idirnáisiúnta 2025

  • Soláthraítear tacaíocht airgeadais do lúthchleasaithe dá gcláir oiliúna agus iomaíochta faoi Scéim Idirnáisiúnta 2025.
  • In 2025, infheisteoidh Spórt Éireann €4.5m faoin Scéim Idirnáisiúnta agus faoin Scéim Mhaoinithe d’Imreoirí.

Boinn Idirnáisiúnta Mór le Rá a Buadh ó na Cluichí i bPáras (Oilimpeacha agus Parailimpeacha)

Ar an iomlán 38

Boinn shinsireacha 18

Boinn neamhshinsearacha 20

Líon spórt 9

Boinn daoine ar lánchumas 34

Boinn pharailimpeacha 4

(Lúnasa 2024 go dtí an lá atá inniu ann)