Leithdháileadh €6.14m faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 31 Bealtaine 2022
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D., gur leithdháileadh €6.14m ar 108 iarratasóir éagsúil tar éis críochnú an phróisis achomhairc do bhabhta 2020 den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Leithdháileadh tuairim agus €143.86m ar 1,865 tionscadal éagsúil i mí Feabhra tar éis chríochnú an phróisis mheasúnaithe. Tugadh deis do gach iarratasóir nár éirigh leo achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na Roinne lena n-áirítear deis dheiridh doiciméid cheartaithe a chur isteach chun a n-iarratas a bhailíochtú. Cuireadh suas le 146 achomharc isteach faoin spriocdháta (an 4 Aibreán) agus is ionann fógra an lae inniu agus deireadh bhabhta 2020 na Scéime.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Is meán riachtanach é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt chun áiseanna oiriúnacha spóirt a sholáthar ar fud na tíre. Is iad na deontais atá ceadaithe againn inniu ná an tsraith dheireanach de leithdháiltí caipitil faoi bhabhta 2020 den Chlár. Leithdháileadh €150 milliún, an méid is airde riamh, ar bheagnach 2,000 tionscadal éagsúil. Chun ár n-aidhmeanna a bhaint amach maidir leis an oiread daoine agus is féidir a bheith rannpháirteach sa spórt, tá páirceanna imeartha, seomraí feistis agus tuilsoilse ag teastáil agus tá an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt riachtanach chun na háiseanna seo a sholáthar”.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“I mo ról mar Aire le freagracht as an spórt tá sé tugtha faoi deara agam an difríocht ollmhór atá déanta ag an gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt a fheiceáil ar fud na tíre. Tá sé ar cheann de na buaicphointí a bhaineann le mo phost bualadh leis na hoibrithe deonacha mar is iad siúd atá taobh thiar de na clubanna agus na grúpaí atá ag fáil deontas inniu agus taitníonn sé go mór liom féachaint ar na feabhsúcháin iontacha a dhéanann na deontais dá n-eagraíochtaí. Tá lúcháir orm gur leithdháileamar an leibhéal maoinithe is airde riamh faoin gClár agus leanfaidh mé ar aghaidh ag déanamh cáis ar son tuilleadh infheistíochta feabhsaithe sa spórt in Éirinn sna blianta atá romhainn.”
Is é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt príomhthacaíocht an Rialtais chun saoráidí spóirt agus áineasa a fhorbairt agus trealamh neamhphearsanta spóirt a cheannach ar fud na tíre. Tá breis agus 13,000 tionscadal tar éis leas a bhaint as maoiniú caipitil spóirt ó 1998 i leith agus leithdháileadh os cionn €1.15 billiún sa tréimhse sin.
Faoin spriocdháta d’iarratais (an 1 Márta, 2021) faoin mbabhta is déanaí seo, cuireadh 3,106 iarratas isteach ag lorg maoiniú níos mó ná €200m. Seo é an líon is airde iarratas a fuarthas riamh. Tugadh an córas scórála agus na nósanna imeachta measúnaithe chun críche agus foilsíodh iad sular cuireadh tús leis an obair mheasúnaithe agus rinneadh gach iarratas a mheasúnú de réir na nósanna imeachta seo.
Ba le haghaidh tionscadail 'trealamh amháin' thart ar 1000 de na hiarratais a cuireadh isteach. Rinneadh measúnú ar na hiarratais seo ar dtús agus fógraíodh deontais dar luach €16.6m ar an 6 Lúnasa 2021. Rinneadh na hiarratais chaipitiúla a mheas agus fógraíodh 1,865 tairiscint aonair deontais ar luach iomlán os cionn €143.8 milliún i mí Feabhra 2022. Ba é seo an leibhéal leithdháilte ab airde a rinneadh riamh faoin Scéim.
Bhí iarratasóirí nár éirigh leo in ann achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh na Roinne. Ba é an spriocdháta le hachomhairc a chur isteach ná Dé Luain, an 4 Aibreán agus fuarthas 146 achomharc. Léiríonn fógra an lae inniu críochnú na leithdháiltí faoi bhabhta 2020. Tabharfar faoi athbhreithniú iomlán anois ar bhabhta 2020 agus léireofar na moltaí a thiocfaidh chun cinn i dtéarmaí agus i gcoinníollacha an chéad bhabhta eile. Fógrófar uainiú beacht chéad bhabhta eile an Chláir nuair a bheidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe.
Is féidir an liosta is déanaí d'achomharcóirí a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/collection/471ed5-sports-capital-allocations/
Nótaí d’Eagarthóirí
Dúnadh babhta 2020 den Chlár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt d’iarratais Dé Luain, an 1 Márta 2021. Faoin spriocdháta sin, cuireadh an líon is mó riamh, 3,100 iarratas isteach ag lorg maoiniú €200m ar an iomlán. Seo é an líon is airde iarratas a fuarthas riamh.
Fógraíodh níos mó ná €16m le haghaidh iarratais “trealamh amháin” i mí Lúnasa 2021. Rinneadh na hiarratais chaipitiúla a mheas agus fógraíodh 1,865 tairiscint aonair deontais ar luach iomlán os cionn €143.8 milliún i mí Feabhra 2022.
Socraíodh an leibhéal maoinithe a bhí ar fáil do gach contae ag féachaint do dhaonra an chontae agus leibhéal na n-iarratas ó gach contae. Ina dhiaidh sin, rinneadh iarratais aonair a mheasúnú agus bronnadh deontais orthu de réir chóras scórála an Chláir a foilsíodh sular cuireadh tús leis an obair mheasúnaithe. Ba iad an dóchúlacht go méadófaí rannpháirtíocht sa spórt, leibhéal an mhíbhuntáiste sa cheantar agus an maoiniú a fuair an club roimhe seo na príomhcheisteanna a bhain leis an scór a fuarthas ag céim an mheasúnaithe. Ba é an scór a fuarthas ag céim an mheasúnaithe an príomhchinntitheach ar mhéid an deontais aonair.
Ciallaíonn fógra an lae inniu go bhfaighidh achomharcóirí rathúla tairiscint shealadach deontais. Ní mór roinnt riachtanas riaracháin a chomhlíonadh ansin sula n-eisítear faomhadh foirmiúil.