Méid is Mó Iarratas Riamh faighte ag an Chlár um Chaipiteal & Trealamh Spóirt 2023
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 17 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne T.D., sonraí faoi na hiarratais a fuarthas faoin bhabhta is déanaí den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt.
Tá an Clár mar phríomhthacaíocht an Rialtais maidir le clubanna agus pobail spóirt chun infreastruchtúr spóirt inbhuanaithe a fhorbairt agus chun rannpháirtíocht ghníomhach sa spóirt a mhéadú timpeall na tíre.
Dhún Babhta 2023 an Chláir le haghaidh iarratas ar an 8 Meán Fómhair, agus 3,210 iarratas faighte aige, agus níos mó ná €350m ar an iomlán á iarraidh ag na hiarratasóirí go léir.
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Roinn sonraí inniu faoi gach iarratas a fuarthas ar bhonn contae, faoi bhabhta 2023 an Chláir.
Dúirt an tAire Martin:
“Is é seo an líon is airde iarratas a fuarthas riamh, rud a léiríonn an tábhacht agus an éileamh leanúnach a bhaineann leis an gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na saorálaithe go léir ar fud na tíre a chur iarratais isteach thar ceann a gclubanna agus a bpobal.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Tá mé an-sásta leis an bhfreagra a fuarthas ar an éileamh le haghaidh iarratas faoi bhabhta 2023 an Chláir, le hiarratais faighte ó bhailte agus sráidbhailte ar fud na tíre, agus iarratais curtha isteach le haghaidh níos mó ná 60 spórt difriúla. Beidh dúshlán ag baint leis an bpróiseas leithdháilte mar gheall ar an éileamh, ach tá muid tiomanta do rannpháirtíocht ghníomhach sa spórt a spreagadh trí infreastruchtúr spóirt a chur ar fáil. Le foilsiú an chórais scórála agus an lámhleabhar measúnaithe, cinntítear go ndéantar an maoiniú a leithdháileadh ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach agus cothrom. Rinneadh an córas scórála a leasú chun díriú ar agus tús áite a thabhairt d’iarratais ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste, agus leis na hiarratais sin méadófar rannpháirtíocht, rannpháirtíocht na mban san áireamh, agus úsáideoirí atá faoi mhíchumas, agus iad siúd a roinneann áiseanna le húsáideoirí eile agus leis an bpobal i gcoitinne. Tá sé mar aidhm agam go mbeidh an chéad sraith léithdháiltí fógartha sna míonna amach romhainn.”
Tá sonraí faoi gach iarratas a fuarthas ar bhonn contae foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo.
Nóta d’Eagarthóirí:
Is é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt príomhbhealach an Rialtais chun tacaíocht a chur ar fáil maidir le háiseanna spóirt agus caitheamh aimsire a fhorbairt agus trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach.
Tugtar maoiniú faoin chlár do:
• Páirceanna imeartha spóirt, raonta agus cúirteanna d’fhéar nádúrtha (draenáil pháirceanna imeartha san áireamh)
• Tuilsoilsiú atá tíosach ar fhuinneamh
• Páirceanna imeartha, raonta, cúirteanna agus ceantair chluichí ilúsáide saorga
• Fálú slándála, líontán chun liathróidí a stopadh agus cuaillí
• Ballaí cleachta iománaíochta / pinniúir
• Seomraí feistis, cithfholcadáin agus leithris a thógáil nó a athchóiriú
• Hallaí spóirt agus ionaid aclaíochta a thógáil nó a athchóiriú
• Trealamh spóirt neamhphearsanta
• Athruithe ar shaoráidí spóirt chun ídiú fuinnimh a laghdú
• Aon tionscadail chaipitil eile a bhaineann go soiléir leis an spórt agus a mhéadóidh rannpháirtíocht sa spórt nó a chuirfidh feabhas ar fheidhmíocht
Tá tuilleadh eolais faoin chlár, lena n-áirítear mionsonraí faoi na leithdháiltí uilig go dtí seo agus athbhreithniú ar an bhabhta is deireanaí den chlár ar fáil Item was unpublished or removed.