English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €25m, an méid is mó riamh, don Spórt Ardfheidhmíochta i 2024

Fáiltíonn na hAirí Martin agus Byrne roimh an infheistíocht

An leibhéal is airde maoinithe riamh sa Spórt Ardfheidhmíochta, idir bhliain aonair agus timthriall Oilimpeach/Parailimpeach

Éire ar an mbóthar ceart sprioc an Pholasaí Náisiúnta Spóirt de 270 bonn a bhaint amach, le haird anois á díriú ar Athbhreithniú Chórais Thimthriall Phárais

An méid is mó maoinithe riamh tríd an Scéim Scórála Idirnáisiúnta (€4.4m) chun maoiniú aonair a thabhairt do lúthchleasaithe agus foirne

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne TD, maoiniú bliaintúil de €25m, an méid is mó riamh, atá le hinfheistiú sa Spórt Ardfheimíochta tríd Spórt Éireann sa bhliain 2024.

Seo an leibhéal is airde infheistíochta Spóirt Ardfheidhmíochta riamh, idir bhliain aonair agus timthriall Oilimpeach/Parailimpeach, agus léiríonn sé céim mhór chun tosaigh chuig na haidhmeanna infheistíochta leagtha amach sa Pholasaí Náisiúnta Spóirt 2018-2027. Is méadú suntasach é ar an €59m a infheistíodh i dtimthriall Tóiceo, le hos cionn €89m infheistithe idir 2021 agus 2024, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais i leith dul chun chin fadtéarmach agus inbhuanaithe a sheachadadh.

Dúirt tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Tá áthas orm go bhfuil fealsúnacht na Straitéise Spóirt Ardfheidhmíochta tugtha le fios sa dul chun chin straitéiseach atá bainte amach ag Spórt Éireann le linn timthriaill Phárais. Baineann luthchleasaithe leas anois as deontais níos mó agus ilbhliantúla faoin Scéim Scórála Idirnáisiúnta, agus léiríonn an tacaíocht airgeadais agus seirbhíse leanúnach a fhaigheann lúthchleasaithe ar scor cur chuige Spórt Éireann atá dírithe ar an duine aonair agus nach bhfuil ar fáil aon áit eile ar domhan sa Spórt Ardfheidhme. Tá a fhios agam go raibh na tacaíochtaí seo, go háirithe maoiniú Rialtais ilbhliantúil, á lorg ag lúthchleasaithe. Rinne an Rialtas beart de réir briathair agus feicimid anois go soiléir na deathorthaí atá le baint as. Tá Foireann na hÉireann réidh le héacht a dhéanamh ag Cluichí Phárais agus táimse ag súil go mór leis an ócáid.”

Ag labhairt dó ar Champas Spórt Éireann ag fógra an hinfheistíochta Ardfheidhmíochta, dúirt an tAire Stáit don Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne TD:

“Leis an maoiniú seo, ar leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo, léirítear ardléibhéal tacaíochta d’Fhoireann na hÉireann roimh na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras i mbliana. Tá infheistíocht phoiblí sa Spórt Ardfheidhmíochta méadaithe ó €14m i 2018 go €25m i mbliana. Léiríonn an méadú suntasach seo thar na blianta tiomantas an Rialtais, i gcomhpháirtíocht le Spórt Eireann, tacú lenár lúthchleasaithe agus iad sa tóir ar an rath ina spóirt.”

Dúirt Stiúrthóir Choistí Náisiúnta Rialaithe agus Ardfheidhmíocht Spóirt le Spórt Éireann, Paul McDermott:

“Tá an Rialtas tar éis méadú suntasach a thabhairt do mhaoiniú Spórt Éireann chun córas Ardfheidhmíochta láidir a thógáil, le Coistí Náisiúnta Rialaithe láidre, rud a thugann muinín dúinn go ndéanfaidh Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann agus Cumann Parailimpeach na hÉireann an beart dá lúthchleasaithe i bPáras an samhradh beag seo. Táimid ag súil go mór leis an mbliain atá amach romhainn, ag obair lenár bpáirtnéirí agus ag tacú leo chun an infheistíocht seo a choimeád ionas gur féidir le lúthchleasaithe Éireannacha a gcuid talainne agus tréanoibre a thaispeáint ar an ardán is mó.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr. Úna May:

“Léiríonn an méid is mó maoinithe riamh i mbliana agus le linn an timthriaill seo tiomantas leanúnach Spórt Éireann macasamhail a dhéanamh ar an díogras a thaispeánann na lúthchleasaithe agus foirne a chaitheann geansaí na hÉireann go calma. Cé go bhfuil príomhbhéim na hardfheidhmíochta i Spórt Éireann leagtha ar fhorbairt fhadtéarmach an chórais, táimid muiníneach go bhfuil an tacaíocht seo tar éis Foireann na hÉireann a neartú sa chaoi agus gur féidir leo a ndícheall a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as an eispéaras i bPáras.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

I mbliain iontach don Spórt Ardfheidhme, baineadh amach 99 bonn ag mórchomórtais idirnáisiúnta sa bhliain 2023*. I dtimthriall Phárais go dtí seo tá os cionn 260 bonn buaite, rud a chuireann Éire ar an mbóthar cuí chun sprioc an Pholasaí Náisiúnta Spóirt de 270 bonn a bhaint amach. Léiríonn an dul chun cinn suntasach ó foilsíodh an Straitéis Ardfheidhmíochta Spóirt 2021-2032 uaillmhian agus tiomantas Spórt Éireann i leith córas láidir a fhorbairt do lúthchleasaithe Éireannacha ag léibhéal na hEorpa agus leibhéal an Domhain.

Tugann Aonad Ardfheimíochta Spórt Éireann maoiniú agus tacaíocht do Choistí Náisiúnta Rialaithe i seachadadh a gcuid clár Ardfheidhme. Áisíonn na cláir seo uaillmhianta lúthchleasaithe agus foireann a bhaint amach agus craobh a shroichint agus boinn a bhuachan ag léibhéil Eorpach, Domhanda, Oilimpeach agus Parailimpeach.

Leanann an dlúthchomhoibriú ar aghaidh idir Spórt Éireann agus Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann agus Cumann Parailimpeach na hÉireann, le hInstitiúd Spórt Éireann in úsáid mar Pháirtnéir Seachadadh Tacaíochta Feidhmiúcháin d’Fhoireann na hÉireann. Idir 2021-2024, tá €3,195,000 infheistithe ag Spórt Éireann i g Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann, ina measc €850,000 chun tacú le costais a bhaineann leis na Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras. Do Chumann Parailimpeach na hÉireann, tá €2,813,000 tugtha sa timthriall seo, ina measc €800,000 do Chluichí Parailimpeacha 2024.

Éilíonn nádúr iomaíoch, idirnáisiúnta na hArdfeidhmíochta sa spórt feabhas leanúnach agus tá Athbhreithniú Chórais ar bun cheana féin ag Spórt Éireann do thimthriall Phárais. Tabharfaidh an próiseas seo léargas ar dhul chun cinn agus éachtaí na hÉireann ó 2021, mar aon le tacú leis an aithrú béime go timthriall Los Angeles.

Tá Oiliúint Ardfheidhmíochta fós mar thosaíocht straitéiseach agus rinne Spórt Éireann infheistíocht de beagnach €1m, a thacaigh le hearcaíocht, coinneáil agus oiliúint chóiseálaithe. Déanfar infheistíocht de €1.5m sa bhliain 2024. Tá sé mar aidhm ag Spórt Éireann feabhas a fheiceáil i ndeiseanna fostaíochta, méadú i líon na gcóisteálaithe baineann, agus oiliúint agus meantóireacht aonair dóibh siúd atá ag iarraidh buaicphointí a ngairmeacha a bhaint amach.

Tugadh isteach clármhaoiniú ardfheidhmíochta ilbhliantúil do thimthriall Phárais, rud a ligeann do Choistí Náisiúnta Rialaithe pleanáil níos fear a dhéanamh dá gcláir le cinnteacht maidir le tacaíocht ó Spórt Éireann. I mbliana déanfar infheistíocht de €10.8m i 19 gCoiste Náisiúnta Rialaithe, agus leanfar leis an maoiniú ilbhliantúil seo i dtimthriall Los Angeles ó 2025-2028.

I 2024, déanfaidh Spórt Éireann €4.4m a infheistiú faoin Scéim Scórála Idirnáisiúntsa. Seo an méid is mó go dtí seo, agus tacóidh sé le 123 lúthchleasaí i 16 spórt, leis an ngradam Pódiaim is airde bronnta ar 33 lúthchleasaí. Is sochmhainn ar leith é rochtain ar Champas Spórt Éireann, atá ag fás, do lúthchleasaithe ardfheidhme Éireannacha, ag tairiscint scoth na n-áiseanna agus seirbhísí i dtimpeallacht tacaíoch.

Is eard is bonn ag mórchomórtais idirnáisiúnta ann ná bonn a bhuaitear ag leibhéal sinsir nó neamhshinsir (e.g. Óige, Sóisear, faoi-21, &rl.), ag Craobh na hEorpa, Craobh an Domhain, na Cluichí Oilimpeacha nó na Cluichí Parailimpeacha ag Coistí Náisiúnta Rialaithe agus lúthchleasaithe atá maoinithe don Ardfheidhmíocht ag Spórt Éireann. D’fhéadfadh bonn ó Chluichí Ceannais Chorn Domhanda atá mar mhacasamhail Chraobh an Domhain a bheith san áireamh.