Maoiniú €335,500 d’Uirlisí Ceoil faoin Scéim um Chaipiteal Ceoil
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €335,000 le haghaidh na Scéime um Chaipiteal Ceoil inniu.
Tacaíonn an Scéim um Chaipiteal Ceoil le huirlisí ceoil a cheannach agus dearadh í chun freagairt do raon leathan riachtanais chaipitiúla laistigh d’earnáil an cheoil in Éirinn. Ó bunaíodh í in 2008, bronnadh níos mó ná €2 mhilliún ar eagraíochtaí agus ar cheoltóirí aonair ar fud na tíre, ag seinm ceoil thraidisiúnta, chlasaicigh, tíre, leictreacústaigh, barócaigh, snagcheoil, rac-cheoil, popcheoil agus eile.
Is minic a bhíonn deacrachtaí ag ceoltóirí agus grúpaí ceoil maidir le huirlisí ceoil a cheannach. Cuireann an costas a bhaineann le huirlisí a cheannach, a chothabháil agus a dheisiú bac costasach ar fhorbairt eagraíochtaí agus daoine aonair, agus tá sé mar aidhm ag an Scéim um Chaipiteal Ceoil aghaidh a thabhairt air seo.
Ó 2008 i leith, tá an Scéim um Chaipiteal Ceoil freagrach as:
• 176 grúpa léirithe a chumasú chun uirlisí a cheannach agus cur lena mbaill
• €2,354,895 i gcistiú dámhachtana a chuaigh chun sochair ceoltóirí agus grúpaí léirithe
• 135 ceoltóir gairmiúil ag baint barr a gcumais amach le maoiniú chun uirlisí nua a cheannach.
Tá tacaíocht ríthábhachtach faighte ag níos mó ná dhá mhíle ceoltóir idir cheoltóirí sna luathbhlianta agus cheoltóirí a bhfuil go leor taithí acu, lena n-áirítear ceoltóirí faoi mhíchumas fisiciúil agus intleachta, tríd an scéim.
I mbliana, tá dámhachtain ar fáil go sonrach do cheoltóirí gairmiúla atá ag teacht chun cinn. Tagann sé seo mar aon leis na dámhachtainí atá ann cheana féin do cheoltóirí gairmiúla aitheanta agus do ghrúpaí neamhghairmiúla léirithe, lena n-áirítear tionscnaimh óige agus phobail, bannaí, cóir, ceolfhoirne, agus eagraíochtaí acmhainne.
Agus an maoiniú á fhogairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Is acmhainn ríthábhachtach í an Scéim um Chaipiteal Ceoil a chuidíonn le grúpaí agus le daoine cumasacha uirlisí ceoil a cheannach. Bhain na mílte ceoltóir leas as an scéim go dtí seo cheana féin, agus tacóidh an babhta scéime seo le raon leathan ceoltóirí ar fud na tíre agus i ngach seánra, ag tabhairt rochtain dóibh ar uirlisí agus ag cur ar a gcumas a gcuid tallainne a fhorbairt le haghaidh taibhiú beo.”
Tá an scéim á feidhmiú ag Music Network, gníomhaireacht náisiúnta camchuairte agus forbartha ceoil Éireannaigh thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá níos mó sonraí ar fáil ar www.musicnetwork.ie