Maoiniú €6m fógartha do Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Maoiniú fógartha ag an Aire Catherine Martin agus an tAire Thomas Byrne faoin dara bhabhta de Chiste na gCuntas Díomhaoin
• Tagann an maoiniú €6m ar lean ón gcéad babhta de Chiste na gCuntas Díomhaoin, a leithdháiligh €5.1m ar Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus ar Active Disability Ireland
Tá beagnach €6m i Maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin le bronnadh ar Choistí Náisiúnta Rialaithe Spórt in 2024, mar a d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne, inniu (20 Nollaig, 2024).
Is é seo an dara babhta den Mhaoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin atá á leithdháileadh ar spórt ag an Rialtas i mbliana, i ndiaidh pacáiste infheistíochta níos luaithe de €5.1m a leithdháileadh ar na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Active Disability Ireland.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
“Leis an bhfógra faoi leithdháileadh Maoinithe ó Chiste na gCuntas Díomhaoin, beidh ár bhforais spóirt in ann leanúint ar aghaidh leis an obair luachmhar i bpobail ar fud na hÉireann, ag tacú leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste nó míchumas, agus ag cabhair le borradh a chur faoin rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil.”
Dúirt an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne:
“Agus machnamh á dhéanamh againn ar 2024, creidim gur féidir linn féachaint air mar bhliain buaite do spórt na hÉireann. Tá na boinn is mó riamh bainte amach againn ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras, curiarrachtaí leagtha síos ag ár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta, agus an maoiniú is mó riamh a sholáthair an Rialtas dár n-áiseanna spóirt. Mar sin féin, níor cheart go dtiocfadh deireadh lenár n-uaillmhian ansin. Agus muid ag breathnú ar aghaidh go 2025, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ag tacú leis an obair luachmhar atá ar bun ag ár gCoistí Rialaithe Náisiúnta Spóirt, go háirithe nuair a bhaineann sé le spórt a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana do chách. Baineann an infheistíocht shuntasach seo inár gCoistí Rialaithe Náisiúnta le bearnaí a líonadh, lena chinntiú gur féidir le gach duine saol gníomhach, níos sláintiúla a chaitheamh beag beann ar a gcúlra.”
Le Ciste na gCuntas Díomhaoin is féidir cistiú neamhéilithe ó chuntais in institiúidí creidmheasa in Éirinn a úsáid i gcomhair tionscadail lena gcuirtear béim ar shárú bacainní agus dúshlán a bhaineann le rannpháirtíocht sa spórt dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas. Tá dea-theist ar Spórt Éireann ó thaobh Ciste na gCuntas Díomhaoin a sheachadadh ó 2015 i leith.
Dúirt an Dr Úna May, POF Spórt Éireann:
“Tá muid an-sásta an pacáiste infheistíochta €5.97m seo a fhógairt mar pháirt dár dtiomantas leanúnach i leith uileghabhálacht agus inrochtaineacht i spóirt agus gníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn ar fud na hÉireann.”
Le Maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin 2024 cuirfear béim ar chomhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú na CNRanna, agus tacaíochtaí d’oibrithe deonacha.
Tá béim ar mhaoiniú spóirt dóibh siúd faoi mhíchumas faoi thrí scéim – Tacaíocht Chaipitil Mhíchumais, Cláir Mhíchumais, agus Ciste Oiliúna & Oideachais Míchumais – ar fiú €2.23m ar an iomlán iad.
Cuireadh na scéimeanna seo i bhfeidhm chun tionscnaimh mhíchumais áitiúla a thosú, a chur chun tosaigh nó a bhrostú chun tacú leis an Bheartas um Rannpháirtíocht sa Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas, an Beartas Náisiúnta Spóirt, an Beartas Náisiúnta Spóirt agus an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúilde chuid Spórt Éireann.
Tá maoiniú á leithdháileadh chun tacaíochtaí a chur ar fáil do dheonaithe, i gcomhréir le príomhghníomhartha an Bheartais um Obair Dheonach sa Spórt, agus aitheantas á thabhairt d’fhíorluach na ndeonaithe i spórt na hÉireann.
Leithdháilfear maoiniú ar thionscadail lena gcumasaítear deonaithe, cosúil le hoiliúint cheannaireachta do dheonaithe, cláir chóitseála agus forbartha agus oiliúint spriocdhírithe do dheonaithe arb as ceantair faoi mhíbhuntáiste iad, nó a oibríonn i gceantair dá leithéid, agus/nó le daoine faoi mhíchumas.
Leis an mhaoiniú seo, tá cuspóirí tábhachtacha á dtabhairt i gcrích ón Phlean Gníomhaíochta um Maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin do 2024, a bhí glactha ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Scéim Maoinithe ó Chiste na gCuntas Díomhaoin do CNRanna 2024 | Leithdháileadh Molta |
Ciste um Chomhionannas, Éagsúlacht & Ionchuimsiú sna CNRanna | €1,500,000 |
Ciste Oiliúna & Oideachais Míchumais | €255,000 |
Tacaíocht Chaipitil Mhíchumais | €1,235,000 |
Cláir Mhíchumais | €745,000 |
Ciste um Thacaíochtaí d’Oibrithe Deonacha sna CNRanna | €1,000,000 |
Ciste Her Moves CNR | €200,000 |
Clár Nuálaíochta do Dhéagóirí sa Spórt | €100,000 |
Ciste Get Ireland Walking/Swimming/Cycling/Running | €575,000 |
Ciste um Spóirt Phobal & Gníomhaíocht Fhisiciúil de chuid na CNRanna | €210,000 |
Get Ireland Active | €150,000 |
IOMLÁN | €5,970,000 |
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Maidir le Ciste na gCuntas Díomhaoin
Faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin, is féidir cistí neamhéilithe ó chuntais in institiúidí creidmheasa in Éirinn a úsáid chun tacú le forbairt daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó leo siúd atá faoi mhíchumas, de réir bhrí an Achta um Stádas Comhionann.
Maidir le Spórt Éireann
Is é Spórt Éireann an t-údarás ar a bhfuil sé de chúram forbairt a dhéanamh ar spórt in Éirinn. Áirítear leis seo rannpháirtíocht sa spórt, spórt ardfheidhmíochta, frithdhópáil, cóitseáil agus forbairt Champas Spórt Éireann.
Tá tuilleadh sonraí faoi fhógra na hinfheistíochta seo ar fáil ó Spórt Éireann ag https://www.sportireland.ie/