English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú de os cionn €5m do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Active Disability Ireland fógartha ag an Aire Martin agus an Aire Byrne

Maoiniú de os cionn €5m do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Active Disability Ireland fógartha ag an Aire Martin agus an Aire Byrne

Tá os cionn €5m i Maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin le bronnadh ar Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Active Disability Ireland in 2024, mar a d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne, inniu (9 Meán Fómhair, 2024).

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Le fógra an lae inniu maidir le leithdháileadh Chiste na gCuntas Díomhaoin, tacófar le hobair iontach ar fud na tíre agus is léiriú é ar ár dtiomantas i leith uileghabhálacht agus dea-bhail a chothú tríd an spórt agus gníomhaíochtaí fisiciúla.

“Mar gheall ar an maoiniú seo beifear in ann tabhairt faoi thionscadail nuálacha trínar féidir tacú le deonaithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste, rannpháirtíocht na mban sa spórt a chur chun cinn, agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá sé mar aidhm againn Éire níos sláintiúla agus níos gníomhaí a chruthú do chách,agus muid ag troid ar son mheon ‘Spórt do Chách’.”

Le Ciste na gCuntas Díomhaoin is féidir cistiú neamhéilithe ó chuntais in institiúidí creidmheasa in Éirinn a úsáid i gcomhair tionscadail lena gcuirtear béim ar shárú bacainní agus dúshlán a bhaineann le rannpháirtíocht sa spórt dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

Dúirt an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne:

“Tá go leor eachtraí speisialta feicthe againn le linn na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha le roinnt seachtainí anuas ach ar deireadh, is ag leibhéal an phobail a thosaíonn an rannpháirtíocht sa spórt agus is é sin an fáth go bhfuil sé an-tábhachtach go dtacaíonn muid le hobair luachmhar ár gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Active Disability Ireland. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag gach duine, de gach cumas, páirt a ghlacadh sa spórt agus leis an leithdháileadh €5 milliún seo ó Chiste na gCuntas Díomhaoin tá sprioc suntasach sroichte againn inár n-iarrachtaí chun rochtain ar spórt a thabhairt do gach duine inár bpobal.

“Tabharfar spreagadh leis na hinfheistíochtaí seo do réimse leathan tionscadal ar fud na tíre lena ngríosófar rannpháirtíocht fhorleathan i ngníomhaíochtai fisiciúla, le tairbhe ar leith do cheantair atá faoi mhíbhuntáiste, do mhná, agus do dhaoine faoi mhíchumas. Is í an aidhm atá againn ná cinnte a dhéanamh gur féidir le gach duine na buntáistí sláinte a ghabhann le rannpháirtíocht sa spórt a bhaint amach, agus is páirt ríthábhachtach é an maoiniú seo de chomhlíonadh na sprice sin.”

Cuirfear béim ar réimsí lena n-áirítear moil spóirt pobail agus gníomhaíochta fisiciúla, moil oideachais agus oiliúna le tús áite do thacaíochtaí do dheonaithe, agus bearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste chun tacú leis an Bheartas Náisiúnta Spóirt agus an Item was unpublished or removed

Tá maoiniú á leithdháileadh chun tacaíochtaí a chur ar fáil do dheonaithe, i gcomhréir le príomhghníomhartha an Bheartais um Obair Dheonach sa Spórt, agus aitheantas á thabhairt d’fhíorluach na ndeonaithe i spórt na hÉireann.

Leithdháilfear maoiniú ar thionscadail lena gcumasaítear deonaithe, cosúil le hoiliúint ceannaireachta do dheonaithe, cláir chóitseála agus forbartha agus oiliúint spriocdhírithe do dheonaithe arb as ceantair faoi mhíbhuntáiste iad, nó a oibríonn i gceantair dá leithéid, agus/nó le daoine faoi mhíchumas.

Le maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin beidh Active Disability Ireland ábalta leanúint ar aghaidh ag obair le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt chun oiliúint a chur ar fáil atá deartha chun feasacht a chothú ar dhaoine faoi mhíchumas ag glacadh páirt i spórt pobail agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm leis an Chiste um Rannpháirtíocht sa Spórt do Dhaoine Faoi Mhíchumas bacainní ar rannpháirtíocht sa spórt do dhaoine faoi mhíchumas a laghdú trí fhorbairt mioninfreastruchtúir agus soláthar trealaimh.

Tá cuspóirí tábhachtacha ó Phlean Gníomhaíochta Chistí na gCuntas Díomhaoin do 2024 á dtabhairt i gcrích leis an mhaoiniú seo, plean atá á mhaoirsiú ag an Aire Stáit Forbartha Tuaithe agus Pobail, Joe O’Brien, faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2012.

Dúirt Joe O’Brien, an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail:

“Tá an leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a fógraíodh inniu ina infheistíocht ríthábhachtach inár bpobail, go háirithe i gceantair tuaithe agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste.

“Leis an maoiniú seo tacófar le raon tionscadal a dearadh chun gníomhaíocht fhisiciúil agus spórt do chách a chur chun cinn, rud a chinntíonn go bhfuil an deis ag gach duine, beag beann ar a gcúlra nó a gcumas, páirt a ghlacadh.”

Dúirt an Dr Úna May, POF Spórt Éireann:

“Tá muid an-sásta an pacáiste infheistíochta €5.1m seo a fhógairt mar pháirt dár dtiomantas leanúnach i leith uileghabhálacht agus inrochtaineacht i spóirt agus gníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

“Leis an maoiniú seo tá muid ag iarraidh bearnaí a dhúnadh, chun cinnte a dhéanamh gur féidir le gach duine saol gníomhach sláintiúil a bheith acu, beag beann ar a gcúlra.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Maidir le Ciste na gCuntas Díomhaoin

Faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin, is féidir cistí neamhéilithe ó chuntais in institiúidí creidmheasa in Éirinn a úsáid chun tacú le forbairt daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó leo siúd atá faoi mhíchumas, de réir bhrí an Achta um Stádas Comhionann.

Maidir le Spórt Éireann

Is é Spórt Éireann an t-údarás a bhfuil forbairt spóirt in Éirinn de chúram air. Áirítear leis seo rannpháirtíocht sa spórt, spórt ardfheidhmíochta, frithdhópáil, cóitseáil agus forbairt Champas Spórt Éireann.

Tá tuilleadh sonraí faoi fhógra na hinfheistíochta seo ar fáil ó Spórt Éireann anseo

DAF Cuid a h-áon
Amharc amharc