Maoiniú fógartha chun Ealaíontóirí na hÉireann a chur ar stáitse ar Lá Fhéile Pádraig
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2021
Cuireann an tAire Martin suas go €1m maoiniú cláir ar fáil do cheiliúradh fíorúil nua
D’oibrigh an Roinn le lucht eagraithe na Féile agus leis an Rialtas chun sé lá agus oíche d’imeachtaí iontacha in Éirinn agus ar fud na cruinne a reáchtáil
Tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán le Lá Fhéile Pádraig 2021 mar chuid dá cuid oibre leanúnaí chun tacú le healaíontóirí Éireannacha agus leis an bpobal cruthaitheach agus chun iad a chur ar stáitse in ainneoin phaindéim COVID-19.
Chuir an tAire Martin suas go €1m maoiniú cláir ar fáil óna Roinn mar aon le €400,000 maoiniú leanúnachais ghnó trí Fháilte Éireann.
Deis ar leith atá i Lá Fhéile Pádraig 2021 chun earnáil na n-ealaíon agus na siamsaíochta a chur chun cinn le linn na géarchéime leanúnaí, trí fhostaíocht agus maoiniú coimisiúnaithe a chur ar fáil d’ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus siamsaíocht bheo. Cuirfear sé lá agus oíche fhíorúla d’imeachtaí ar fáil don tír agus cuirfear cultúr, oidhreacht agus turasóireacht na hÉireann ar taispeáint.
Ina theannta sin, mar gheall ar thacaíocht an rialtais, fostófar na céadta taibheoir, cruthaitheoir, ealaíontóir, criú féinfhostaithe agus oibritheoirí teicniúla a dhéanann go leor oibre ar íocaíocht de ghnáth le linn cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig.
In ainneoin na paindéime, caithfear leanúint ar aghaidh, agus foilseoidh foireann Lá Fhéile Pádraig sceideal pacáilte an tseachtain seo. Craolfar an Fhéile ar St Patrick's Festival TV (SPF TV) ar stpatricksfestival.ie ón 12 Márta go dtí an 17 Márta. Léireoidh an Fhéile cultúr bríomhar, nua-aimseartha, ilghnéitheach na hÉireann, agus déanfaidh sé ceiliúradh ar na traidisiúin ársa a bhfuilimid bródúil astu. Beidh níos mó ná 100 imeacht ar siúl mar chuid den Fhéile. Cuireann leanúint ar na traidisiúin a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig in iúl go bhfuil an tír seo réidh le fáilte a chur roimh an domhan mór arís chun ceiliúradh a dhéanamh linn nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh.
“I mbliana, iarrann an Fhéile ar Éireannaigh, sa bhaile agus i gcéin, grá a thabhairt d’ár dtraidisiúin ársa mar aon lenár gcultúr comhaimseartha agus ceiliúradh a dhéanamh orthu go sábháilte. Cuireann sé Éire go daingean in aigne an domhain le teachtaireacht dóchais i gcomhair na laethanta níos fearr atá romhainn do dhaoine anseo in Éirinn, agus cuireann sé turasóirí ar a suaimhneas go gcuirfear fáilte rompu ceiliúradh a dhéanamh linn arís eile nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh. Tá áthas orm go háirithe toisc go cuirfidh an clár fuinniúil seo roinnt fostaíochta ar fáil dár bpobal ealaíon agus siamsaíochta agus go dtabharfadh sé deis dóibh a bheith ar stáitse ag am nuair atá sé ag teastáil go géar uathu,” arsa an tAire Martin.
Dúirt sí gur “buaicphointe an fhéilire é Lá Fhéile Pádraig don chruthaitheacht agus don turasóireacht.” “Gan tacaíocht, ní bheifí in ann cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht a chur in iúl ar an mbealach a theastaíonn uainn. Tá an Roinn meáite ar cheiliúradh a dhéanamh ar chultúr na hÉireann i mbliana, in ainneoin na ndúshlán a chuireann COVID-19 romhainn.”
Agus é ag fógairt €22,000 maoiniú do ghnéithe Gaeilge na gclár, dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Spórt, don Ghaeltacht agus don Chosaint, Jack Chambers TD:
“Táim sásta go dtabharfaidh mo Roinn tacaíocht do Nathanna Cainteanna, sraith imeachtaí Gaeilge, mar chuid de Lá Fhéile Pádraig na bliana seo. Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge, agus tá sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga i gclár imeachtaí na Féile ar bhealach a uasmhéadaíonn an aird a fhaigheann an teanga ó lucht féachana na hÉireann agus ón lucht féachana idirnáísiúnta. Le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar líne i mbliana, ceardlann léitheoireachta do dhaoine óga agus imeacht filíochta dátheangaí san áireamh, tá súil agam go mbaineann daoine i mbaile agus i gcéin taitneamh as an bhFéile.
I léiriú tacaíochta trasrialtais do lá náisiúnta na hÉireann, d’oibrigh an Roinn leis na páirtithe leasmhara a bhaineann leis an imeacht, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun an obair a chur chun cinn agus chun cur le tionchar Lá Fhéile Pádraig i mbliana.
Is é Lá Fhéile Pádraig príomhfhéile na n-ealaíona ildisciplíneacha in Éirinn agus an príomhcheiliúradh cathartha ar lá náisiúnta na hÉireann. Craolfar Lá Fhéile Pádraig ar líne i mbliana, agus tugann se seo deis iontach don náisiún agus don domhan mór féachaint ar imeachtaí na bliana seo. Is acmhainn luachmhar náisiúnta é an fhéile íocónach seo chun bua cultúrtha agus cruthaitheach na hÉireann a léiriú do lucht féachana domhanda agus chun caidreamh turasóireachta, cultúrtha, taidhleoireachta agus trádála na hÉireann leis an domhan mór a chur chun cinn ar bhealach speisialta.
Tá tacaíocht na Roinne don Fhéile mar chuid dá tiomantas chun tacú le príomhearnálacha: na healaíona, an cultúr agus an turasóireacht san áireamh.
I measc na dtionsnamh a thug tacaíocht do na hearnálacha seo tá:
• Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo €5m.
• Pacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil €1.7m.
• Scéim Leanúnachais Ghnó Turasóireachta €55m.
Craolfar Lá Fhéile Pádraig 2021 ar líne ar St Patrick's Festival TV ar stpatricksfestival.ie agus beidh fáil ag lucht féachana idirnáisiúnta air. Athchruthófar craoladh Lá Fhéile Pádraig RTÉ chomh maith.
Cuirfidh Clár Domhanda ar Líne de chuid Chultúr Éireann, Seoda, leis na himeachtaí seo chomh maith. Léireoidh an clár seo roinnt de na healaíontóirí is fearr in Éirinn ón 17 go dtí an 21 Márta. Cinntíonn an clár seo go bhfuil lucht féachana domhanda ag pobal ealaíon agus cultúr na hÉireann ag am nuair atá naisc chultúrtha, naisc lenár ndiaspóra san áireamh, níos tábhachtaí ná riamh.
Fógróidh foireann na Féile sonraí uile chlár Lá Fheile Pádraig, a dtacaíonn an Roinn leis, an tseachtain seo, http://www.stpatricksfestival.ie/