English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú is airde riamh don Chlár um Mná sa Spórt

• Fógraíonn an tAire Catherine Martin agus an tAire Thomas Byrne an infheistíocht is mó riamh de €4m i maoiniú do Mhná sa Spórt do 2024

• 45 foras spóirt ar fud na tíre chun tairbhe a bhaint as an leithdháileadh €2m

• €1m imfhálaithe do Pheil, Cluichí Gaelacha agus Rugbaí

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne, inniu go ndéanfar an infheistíocht is mó riamh de €4m faoin Chlár um Mná sa Spórt do 2024.

Is méadú é an leithdháileadh maoinithe suntasach seo ar an €2.7m a cuireadh ar fáil an bhliain seo caite, agus tá sé dhá oiread níos mó ná an méid a leithdháileadh in 2021 agus 2022.

Faoin Chlár um Mná sa Spórt, tugtar maoiniú do thionscadail agus tionscnaimh thar raon leathan spórt. Leis na tionscadail seo, tacaítear le fís an rialtais maidir le mná sa spórt, ina bhfuil an deis chéanna ag mná agus a bhfuil ag fir chun barr a gcumas a bhaint amach, agus páirt a ghlacadh sa spórt ar feadh a saoil.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

“Díreofar an €4 milliún, an maoiniú is mó riamh, atá á chur ar fáil ag an rialtas do mhná sa spórt i mbliana, ar rannpháirtíocht mhéadaithe ó mhná agus cailíní a chur chun cinn ag gach leibhéal den spórt. Tá an rialtas agus Spórt Éireann tiomanta fós do réidh a fháil leis an mbearna rannpháirtíochta sa spórt idir na hinscní. Léiríodh i dTuarascáil 2023 de chuid Mhonatóir Spórt Éireann go bhfuil an bearna faoi 3% den gcéad uair riamh. Leis an maoiniú a fógraíodh inniu, tacófar le heagraíochtaí spóirt agus iad ag cur cláir i bhfeidhm chun rannpháirtíocht na mban a mhéadú ina spóirt agus cabhrófar linn agus muid ag iarraidh ár n-aidhm i leith rannpháirtíocht chomhionann a bhaint amach faoi 2027.”

Dúirt an tAire don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D.:

“Tá fíorathruithe fiúntacha ag tarlú de bharr an maoiniú is mó riamh a chuir an rialtas ar fáil chun tacú le rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní sa spórt. Feicimid anois go bhfuil an bearna rannpháirtíochta sa spórt idir na hinscní ag a leibhéal is ísle riamh agus léirítear leis an maoiniú is mó riamh a leithdháil an rialtas don gClár um Mná sa Spórt go bhfuilimid tiomanta do réidh a fháil leis an mbearna rannpháirtíochta seo. Gheobhaidh 45 foras spóirt ar fud na tire maoiniú de €2 milliún faoin gClár um Mná sa Spórt agus cuirfear €1 milliún eile i leataobh don bpeil, na cluichí Gaelacha agus rugbaí. Leis an maoiniú suntasach seo cuirfear feabhas ar chláir um Mná sa Spórt reatha agus tacófar le tionscnaimh spreagúla nua a chruthú thar réimsí cosúil le rannpháirtíocht ghníomhach, cóitseáil, réiteoireacht agus ceannaireacht.”

Leithdháilfear an maoiniú do Mhná sa Spórt thar roinnt snáithe: Faoin chéad cheann daofa seo, gheobhaidh 45 Ceanneagraíocht Náisiúnta Rialaithe leithdháilte ar fiú €2m iad ina n-iomláine, mar a leagtar amach sa tábla thíos. Déanfaidh Spórt Éireann €1m a imfhálú freisin chun tacú leis na Mórspóirt Mhachaire. Úsáidfear an infheistíocht seo chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar pheil agus rugbaí na mban chomh maith le cláir agus tionscadail um Mná sa Spórt lena dtacófar le lánpháirtiú laistigh de na cluichí Gaelacha.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr Úna May:

“Is nuacht iontach í fáilte a chur roimh an infheistíocht is mó riamh faoin gClár um Mná sa Spórt in 2024. Tá sé mar aidhm againn níos mó ban a bheith páirteach sa spórt agus cinnte a dhéanamh go bhfuil an deis chéanna acu a bheith rathúil sa spórt. Cabhróidh an tacaíocht mhaoinithe mhéadaithe seo leis an méid atá bainte amach againn go dtí seo leis an gclár MSS.”

Dúirt Nora Stapleton, Ceannasaí Mná sa Spórt le Spórt Éireann:

“Is gné lárnach d’obair Spórt Éireann é Mná sa Spórt a chur chun cinn. Ó bhí 2005 ann, tá infheistiocht déanta ag an gClár um Mná sa Spórt de chuid Spórt Éireann i raon leathan tionscnamh arna dtabhairt i gcrích ag CNRanna, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, agus forais mhaoinithe chun comhionannas inscne sa spórt a chur chun cinn. Tá treoirphlean á chur ar fáil faoin mBeartas um Mná sa Spórt de chuid Spórt Éireann maidir leis an obair atá de dhíth i leith ban sa spórt. Tá ceithre phríomhréimse sprice an Bheartais (Cóitseáil & Réiteoireacht; Rannpháirtíocht Ghníomhach; Ceannaireacht & Rialachas; agus Infheictheacht) fós ina bpríomhábhair agus tá maoiniú leithdháilte ar na CNRanna chun cláir nó tionscnaimh a fhorbairt lena dtacófar leis na réimsí sprice seo.”

Mar fhreagra ar rath leanúnach Sheachtain Her Outdoors, leanfaidh Spórt Éireann ar aghaidh de bheith ag cur scéim deontais ar fáil do Chomhpháirtithe Áitiúla Spórt (CÁSanna) agus CNRanna taobh amuigh. Faoin scéim, ar fiú €100,000 í ina hiomláine, tacófar le rolladh amach imeachtaí trí Sheachtain Her Outdoors, atá ag tarlú idir Lúnasa 12ú – 18ú.

Leithdháilfear €150,000 freisin ar Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spórt freisin chun tacú lena n-obair leanúnach maidir le mná agus cailíní.

Chomh maith leis sin, cuirfear maoiniú i leataobh do thionscadail lárnaithe atá tábhachtach ó thaobh straitéiseach, arna mbainistiú ag Spórt Éireann. Féadfar an maoiniú seo a úsáid freisin chun tacú le heagraíochtaí nár chuir isteach ar thacaíocht mhaoinithe sa bhabhta reatha.

CRÍOCH

Nótaí chuig an Eagarthóir:

Leithdháiltí Maoinithe CNRanna Mná sa Spórt 2024

Leithdháiltí Maoinithe CNRanna Mná sa Spórt 2024
Amharc amharc