English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Byrne don Ghluaiseacht Oilimpeach leanúint gan an Rúis agus an Bhealarúis a chur san áireamh sa Spórt Idirnáisiúnta

Tá ráiteas sínithe ag an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, ag iarraidh ar an gCoiste Oilimpeach Idirnáisiúnta (COI) athmhachnamh a dhéanamh ar a bplean chun bealach a dhéanamh do rannpháirtíocht athnuaite lúthchleasaithe na Rúise agus na Bealarúise i gcomórtais spóirt idirnáisiúnta i gcomhar le 33 Airí Spóirt eile ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh, ón Áis agus ón Aigéine.

Tagann sé seo tar éis Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta na nAirí Spóirt faoin Úcráin ar fhreastail an tAire Byrne air Dé hAoine seo caite, an 10 Feabhra.

Dúirt an tAire Byrne:

“Mar gheall ar an dul in olcas atá cogadh mídhleathach na Rúise san Úcráin, tá sé míréasúnta machnamh dáiríre a dhéanamh ar fhilleadh ar chomórtais spóirt idirnáisiúnta lúthchleasaithe ón Rúis agus ón mBealarúis."

“Mar aon leis na 33 tíortha eile a shínigh an dearbhú tábhachtach agus soiléir seo, creidim gur chóir go mbeadh lúthchleasaithe spóirt as gach náisiún in iomaíocht go cothrom in aghaidh a chéile. Ní ghnáth-thréimhse í seo, ar an drochuair. Níl údar leis an COI pleanáil chun an Rúis agus an Bhealarúis a thabhairt ar ais chuig spórt idirnáisiúnta."

“Go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí san Úcráin, molaim don ghluaiseacht spóirt coinneáil orthu agus leanúint ar aghaidh gan iad siúd a ligean isteach nach bhfuil meas acu ar ionstraimí tábhachtacha sa tírdhreach idirnáisiúnta spóirt cosúil leis an Sos Cogaidh Oilimpeach.”

Cuireadh an Rúis agus an Bhealarúis ar fionraí ón iomaíocht idirnáisiúnta ó mhol an COI, ar an 28 Feabhra 2022, nach gceadófaí do lúthchleasaithe na Rúise ná na Bealarúise dul san iomaíocht. Is é seo an tríú ráiteas a eisíodh, agus tagann sé tar éis ráitis Aire roimhe seo a eisíodh ar an 8 Márta 2022 agus ar an 4 Iúil 2022.

Is iad na 35 tír a shínigh an ráiteas ná: an Astráil, an Ostair, an Bheilg, Ceanada, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an Laitvia, Lichtinstéin , an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe agus SAM.

Is féidir an ráiteas nua a léamh thíos:

https://www.gov.ie/en/publication/30ee3-statement-on-russias-war-on-ukraine-and-international-sport-20-february-2023/

CRÍOCH

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Láithreán gréasáin: Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia