English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ní thabharfar tobhach isteach gan chead an Aire O’Donovan

Faomhann an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú)

Fógraíonn an tAire O’Donovan faomhadh Rialtais Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú).

  • Ní thabharfar tobhach ar léiriú ábhair isteach gan chead an Aire
  • RTÉ le 25% den mhaoiniú poiblí de réir an dlí a chaitheamh ar léiriúcháin neamhspleácha
  • RTÉ agus TG4 a rialáil le leathnú thar ábhar raidió agus teilifíse chuig podchraoltaí agus leathanaigh ghréasáin
  • Maoiniú díreach faoin gCiste Meán le haghaidh léiritheoirí neamhspleácha agus asraonta meán tráchtála amháin
  • Trédhearcacht níos fearr maidir le conraitheoirí a mhaoiniú

Inniu d’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD faomhadh an Rialtais do Scéim Ghinearálta athbhreithnithe an Bhille Craolacháin (Leasú) a chuirfidh le luach ar airgead, cuntasacht agus trédhearcacht in RTÉ agus TG4, agus a dhéanfaidh foráil do leibhéil níos airde maoinithe do léiritheoirí neamhspleácha.

Agus iomláine an Scéim Ghinearálta tosaigh a faomhadh agus a foilsíodh ar an 8 Deireadh Fómhair 2024 á coinneáil ag an Aire, leasaigh an tAire an Scéim Ghinearálta chun:

  • a chinntiú go ndéanfar tobhach ar léiriú ábhair a d’fhéadfadh costais a ghearradh ar thomhaltóirí na hÉireann a bheith faoi réir chinneadh an Aire;
  • cuntasacht RTÉ agus TG4 as a bhfeidhmíocht agus an t-ábhar a fhoilsíonn siad a mhéadú tuilleadh agus a dtrédhearcacht a fheabhsú; agus
  • a chinntiú go gcuirtear maoiniú poiblí ar fáil do RTÉ agus TG4 chun críocha a gcuspóirí reachtúla seirbhíse poiblí amháin a chomhlíonadh agus, sa chomhthéacs sin, tacú le forbairt na hearnála closamhairc agus léiriúcháin fuaime níos leithne.

Tar éis scrúdú breise a dhéanamh ar an Scéim Ghinearálta fuair an tAire O’Donovan faomhadh an Rialtais le haghaidh sé phríomhleasú:

  • Cinntiú go mbeidh gearradh tobhach léirithe ábhair a d’fhéadfadh costais a ghearradh ar thomhaltóirí na hÉireann faoi réir chinneadh an Aire.
  • É a cheangal de réir dlí ar RTÉ 25% ar a laghad dá mhaoiniú poiblí a chaitheamh ar ábhar a choimisiúnaítear ón earnáil léiriúchán neamhspleách agus ligean do Choimisiún na Meán an céatadán seo a mhéadú, le comhaontú an Aire, i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe 3 bliana ar leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí.
  • Cóid, dualgais agus rialacha na meán a leathnú chuig gach ábhar a fhoilsíonn RTÉ agus TG4.
  • Rialuithe níos déine ar Ghealltanais Thaibhithe Bliantúla RTÉ agus TG4 ag Coimisiún na Meán, ag tosú in 2026.
  • Foráil a dhéanamh maidir le nochtadh anaithnid ag RTÉ agus TG4 ar shochair fostaithe agus luach saothair conraitheoirí.
  • RTÉ agus TG4 a eisiamh ó iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú poiblí díreach faoin gCiste Meán ós rud é go bhfuil maoiniú poiblí á fháil acu cheana féin chun a gcuspóirí reachtúla seirbhíse poiblí a chomhlíonadh

Ag cur fáilte roimh fhaomhadh na leasuithe, dúirt an tAire O'Donovan:

“Tá sé ríthábhachtach go mbreithneoidh an Rialtas riachtanais an phobail agus earnáil na meán cumarsáide ina hiomláine. Tabharfaidh na leasuithe seo tacaíocht níos láidre don earnáil léiriúchán neamhspleách."

“Chuir mé sraith cosanta i bhfeidhm le haghaidh tomhaltóirí na hÉireann trína chinntiú nach bhféadfaidh Coimisiún na Meán tobhach léiriúchán ábhair a ghearradh ar chraoltóirí agus ar sholáthraithe físe ar éileamh ach amháin tar éis treoir ón Aire, nach bhfuil ar intinn agam a threorú nó a cheadú go dtí go mbeidh mé sásta nach gcuirfidh tobhach den sórt sin ualach míchuí orthu."

“Feabhsófar an chuntasacht trí cheangal a chur ar RTÉ agus ar TG4 moltaí an rialtóra a bhreithniú agus a gcuid gealltanas feidhmíochta á leagan síos acu in 2026 agus 2027, agus ullmhóidh sé seo na craoltóirí don chóras athbhreithnithe 3 bliana nua a thosóidh in 2028."

“Tá sé ríthábhachtach go leanfadh RTÉ agus TG4 orthu ag oiriúnú do shaol nua na meán. De réir mar a théann níos mó agus níos mó againn níos faide ná an teilifís agus an raidió traidisiúnta, ní mór an t-ábhar a fhoilsíonn RTÉ agus TG4 trí phodchraoltaí, ar a suíomh gréasáin agus ábhar sruthaithe a choinneáil ar na caighdeáin arda céanna agus a chraoltar trí chainéil líneacha. Forálann an Bille seo go mbeidh ábhar den sórt sin faoi réir rialachán."

“Cinnteoidh na leasuithe seo go léireoidh freagrachtaí RTÉ agus TG4 mar sholáthraithe meán seirbhíse poiblí an leibhéal maoinithe poiblí a chuirtear ar fáil dóibh agus go mbeidh siad mar chuid de chlár rollach athchóirithe.”

Nasc chuig an Scéim Ghinearálta athbhreithnithee.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Ar an 8 Deireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú) agus cuireadh faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin Chumarsáide í le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach. Díscaoileadh an 33ú Dáil sula bhféadfadh an Coiste a chéad seisiún poiblí a thionól agus dá bhrí sin cuirfear an Scéim Ghinearálta faoi bhráid an Choiste Oireachtais nua a bheidh freagrach as beartas meán nuair a bhunófar é.

Tá an Scéim Ghinearálta bunaithe ar mholta an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a foilsíodh i mí Iúil 2022. Ghlac an Rialtas, i bprionsabal, le 49 de na moltaí, agus bearta a ghlacfaí chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Leagadh amach iad i mí Eanáir 2023 sa Straitéis Forfheidhmithe. Soláthraíonn an Scéim Ghinearálta bonn reachtúil do Mholtaí 6 – 1 go 6 – 7 agus 8 – 5 maidir leis an gCiste Craolacháin atá ann faoi láthair a thiontú go Ciste Meán atá neodrach ó thaobh ardáin de; agus Moltaí 5 – 1, 5 – 3, 8 – 2, agus 8 – 3 mar a bhaineann siad le córas níos éifeachtaí chun feidhmíocht agus maoiniú meán seirbhíse poiblí a mheas.

Cuireadh tuilleadh eolais ar fáil don Scéim Ghinearálta i dtuarascáil an Athbhreithniú Neamhspleách ar Rialachas agus Cultúir RTÉ. Ghlac an Rialtas, i bprionsabal, le moltaí uile na tuarascála agus leagadh amach sa Phlean Forfheidhmithe conas éifeacht a thabhairt do na moltaí seo. Tugann an Scéim Ghinearálta aghaidh ar Mholtaí 6.31 agus 6.37 maidir le sannadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir ar RTÉ, agus Moltaí 4.1, 5.1, 5.15, agus 5.19 mar a bhaineann siad leis an mBord, le Coistí Boird agus le hArd-Stiúrthóirí RTÉ agus TG4.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le forálacha an Scéim Ghinearálta ar fáil i bPreaseisiúint an 8 Deireadh Fómhair 2024. I dteannta le cur síos a dhéanamh ar ról molta an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus an Athbhreithnithe Neamhspleách, leagtar amach sa Phreaseisiúint conas a athchóireoidh an Scéim Ghinearálta rialachas corparáideach RTÉ agus TG4, soláthróidh sé creat feabhsaithe chun feidhmíocht agus maoiniú RTÉ agus TG4 a mheasúnú, agus soláthróidh sé creat nua do sholáthar ábhar seirbhíse poiblí.

Is féidir na torthaí na leasuithe ar an Scéim Ghinearálta a ghrúpáil i dtrí chatagóir: cuntasacht agus trédhearcacht RTÉ agus TG4 a mhéadú tuilleadh maidir leis an ábhar a fhoilsíonn siad agus a bhfeidhmíocht; tacú le forbairt na hearnála léiriúcháin closamhairc agus fuaime níos leithne; agus a chinntiú go bhfuil gearradh na dtobhach a d'fhéadfadh costais a ghearradh ar thomhaltóirí na hÉireann faoi réir chinneadh an Aire.

Cuntasacht agus trédhearcacht RTÉ agus TG4 a mhéadú tuilleadh

  • Déanfar podchraoltaí agus leathanaigh ghréasáin arna bhfoilsiú ag RTÉ agus TG4 a rialú ar an mbealach céanna le hábhar craolta
  • Féadfaidh Coimisiún na Meán ‘cóid d’ábhar meán seirbhíse poiblí’ ar leith a chruthú chun an cineál seo ábhair a rialáil
  • Bainfidh tréimhsí láimhseála agus coinneála gearán le gach ábhar de chuid RTÉ agus TG4, ní hamháin ábhar craolta
  • Beidh ar RTÉ agus TG4 a ngealltanais feidhmíochta a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán i bhfoirm dréachta do na blianta 2026 agus 2027 agus beidh orthu aon torthaí ó Choimisiún na Meán a chur san áireamh.
  • Foilseoidh RTÉ agus TG4 liosta gan ainm de shochair fostaithe agus luach saothair na gconraitheoirí, i mbandaí a shocrófar a ailíniú leis an mbeartas poiblí reatha, €0 - €60,000 agus in eatraimh €10,000 ina dhiaidh sin.

Tacú le forbairt na hearnála closamhairc agus léiriúcháin fuaime níos leithne

  • Ceanglófar ar RTÉ 25% ar a laghad dá mhaoiniú poiblí a chaitheamh ar ábhar a choimisiúnaítear ón earnáil léiriúchán neamhspleách
  • féadfaidh Coimisiún na Meán soláthar a dhéanamh d’fhigiúr níos airde ná 25%, tar éis anailís a dhéanamh i gcomhthéacs a athbhreithnithe 3 bliana.
  • RTÉ agus TG4 a eisiamh ó mhaoiniú poiblí díreach a fháil ó Chiste na Meán, ag cinntiú go dtéann an t-airgead go léir chuig léiritheoirí neamhspleácha agus asraonta meán tráchtála, ach fós ag ligean do léiritheoirí neamhspleácha RTÉ agus TG4 a úsáid mar chomhpháirtithe craolta chun an tionchar is mó a bhaint as.
  • Soláthar a dhéanamh do thrédhearcacht níos fearr i dtuarascáil bhliantúil RTÉ ar chuntas léiriúchán neamhspleách, lena n-áirítear luach saothair,

A chinntiú go bhfuil gearradh na dtobhach a d’fhéadfadh costais a ghearradh ar thomhaltóirí na hÉireann faoi réir chinneadh an Aire

  • Ní mór don Aire i gcomhairle leis an Aire Airgeadais aon mholadh ó Choimisiún na Meán a cheadú chun tobhach léiriúchán ábhair a fhorchur ar sholáthraithe craolacháin agus ar sholáthraithe físe ar éileamh (m.sh. Netflix, Amazon Prime).
  • Níl sé ar intinn ag an Aire tobhach ar léiriú ábhair a ordú ná a cheadú go dtí go mbeidh sé sásta nach gcuirfidh tobhach den sórt sin ualach míchuí ar thomhaltóirí Éireannacha seirbhísí meán closamhairc. Bunaithe ar thuarascáil a roinn Coimisiún na Meán le déanaí, measann an tAire go bhfuil an baol ann go bhféadfadh costais níos airde do thomhaltóirí na hÉireann a bheith mar thoradh ar thobhach ag an tráth seo.