Na faighteoirí a gheobhaidh maoiniú faoin Scéim phíolótach €5 mhilliún chun Tacú le Taibhithe Beo fógartha ag an Aire Martin
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 2 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 25 Eanáir 2021
Tá na faighteoirí a bhainfidh leas as maoiniú €5 mhilliún chun cuidiú le hionaid tráchtála, léiritheoirí agus poiblitheoirí taibhithe beo a phleanáil ar fud na tíre sna míonna amach romhainn, fógartha ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu. 58 eagraíocht uile a bhainfidh tairbhe as an scéim.
Is é príomhchuspóir na scéime píolótaí deiseanna fostaíochta a chur ar fáil d'ealaíontóirí san am neamhchinnte seo agus a chur ar chumas lucht eagraithe taibhithe beo tús a chur leis an ullmhúchán láithreach agus léiriúcháin dul ar aghaidh os comhair lucht spéise beo nó an t-ábhar a roinnt trína shruthú.
Tá réimse éagsúil, idir ionaid mhóra agus ionaid bheaga, léiritheoirí agus poiblitheoirí, i gceist le faighteoirí an leithdháilte maoiniúcháin seo agus tá deontais idir €10,000 agus €400,000 i gceist.
Tacóidh na cistí seo le réimse d'imeachtaí beo atá pleanáilte, ceolchoirmeacha, geamaireachtaí, léirithe amharclainne, féilte, taibhithe lasmuigh agus imeachtaí grinn ina measc.
Chuidigh an t-éileamh as cuimse atá ar an scéim phíolótach seo leis an Aire Martin cinneadh a dhéanamh lena chinntiú go mbeadh pacáiste i bhfad níos mó ar fáil chun cuidiú le hionaid, léiritheoirí agus poiblitheoirí tráchtála an chéad bhliain eile mar chuid de mhaoiniú Bhuiséad 2021.
Dúirt an tAire Martin inniu:
"Is maith a thuigim an nádúr nach bhfacthas riamh cheana a bhaineann leis an dúshlán atá roimh earnáil an taibhithe bheo, go háirithe ó thaobh airgeadais de, agus tá mé an-sásta dá réir an leithdháileadh maoiniúcháin seo a fhógairt a chuideoidh go mór, tá mé cinnte, le cúrsaí fostaíochta do na taibheoirí, ealaíontóirí, teicneoirí agus don fhoireann tacaíochta chruthaitheach agus taibhithe ar fud na hearnála".
"Bhí ríméad orm chomh maith tacaíocht €50 milliún a fhógairt le gairid don earnáil i mBuiséad 2021 - a chuimseoidh réimse tacaíochtaí d'imeachtaí taibhithe bheo a bheidh ar siúl in ionaid ar fud na tíre an chéad bhliain eile, agus bearta eile chun tacú leis an gceol, chomh maith le scéim deontais nua le haghaidh trealaimh."
“Cuidíonn an scéim seo, a leagadh amach tar éis dul i gcomhairle leis an earnáil, leis an mbaol a bhaineann leis costais atá i gceist le léirithe a chur ar bun a d'fhéadfaí a chur siar, ar ceall nó a chiorrú mar gheall ar shrianta chun sláinte an phobail a chosaint a bhaint. Bhí earnáil na dtaibhithe beo ar cheann de na chéad earnálacha a dúnadh agus táim ag iarraidh a chinntiú go bhfaighidh sí tacaíocht agus go mbeidh sí ann arís do na ceoltóirí, ealaíontóirí agus taibheoirí.”
Nótaí don eagarthóir
Is féidir teacht ar liosta de na hiarratasóirí a d'éirigh leo faoin Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo anseo: