Os cionn €1m ceadaithe ag na hAirí Martin agus O’Donovan d’Oireachtas na Gaeilge chun Líonra Gaeilge na hEarnála Poiblí a bhunú
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2024
- Deontas 3 bliana (2024-2026) de €1,019,086 atá i gceist – Bliain 1: €320,370; Bliain 2: €345,761; Bliain 3: €352,955
- Tacaíocht d’fhostaithe na hearnála poiblí, ó fhoghlaimeoirí Gaeilge suas go hard-inniúlacht, a gcuid scileanna teanga a chothú, a choinneáil agus a úsáid i gcomhthéacs na hoibre
- Beart taca eile do chur i bhfeidhm Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021
Tá fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., go bhfuil deontas €1,019,086 thar thréimhse 3 bliana (2024-2026) ceadaithe acu d’Oireachtas na Gaeilge chun a chur ar a chumas Líonra Gaeilge a bhunú d’fhostaithe na hearnála poiblí.
Leis an Líonra seo, cuirfear bunús foirmeálta le deiseanna labhartha na teanga a chur ar fáil dóibh siúd san earnáil phoiblí ar mian leo a gcuid Gaeilge a chothú, a choinneáil nó a úsáid i gcomhthéacs na hoibre – ó fhoghlaimeoirí suas go hard-inniúlacht agus gach rud idir eatarthu.
Tá i gceist go mbeidh 4 mhór-imeacht ann in aghaidh na bliana mar aon le himeachtaí eile réigiúnda, sainspéise agus do na leibhéil inniúlachta éagsúla agus cuirfear fáilte ag na hócáidí seo roimh:
- státseirbhísigh;
- fostaithe den earnáil phoiblí i gcoitinne; agus
- gráid ghairmiúla/theicniúla mar shampla dochtúirí, altraí, múinteoirí, innealtóirí, comhairleoirí dlí, Gardaí Síochána agus eile.
Tá ráite go mbeifear in ann dul i bhfeidhm ar nach mór ná 8,000 duine in aghaidh na bliana leis na himeachtaí seo uile agus go ndéanfaidh an líonra freastal orthu siúd:
- a úsáideann an Ghaeilge mar chuid dá ról;
- ar mian leo a n-inniúlacht sa teanga a fhorbairt agus/nó ar mian leo ról trí Gaeilge san earnáil phoiblí a bhaint amach sa todhchaí;
- ar spéis leo aithne a chur ar dhaoine eile san earnáil phoiblí a labhraíonn Gaeilge agus/nó atá ag iarraidh a bheith rannpháirteach i gcomhluadar Gaeilge go rialta.
Beidh tábhacht faoi leith ag an méid atá beartaithe le Líonra Gaeilge na hEarnála Poiblí d’fhorfheidhmiú Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 agus na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach ann, ach go háirithe:
- an sprioc earcaíochta go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;
- go gcuirfear na seirbhísí poiblí ar fad sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge; agus
- go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
Ag labhairt di faoi bhunú Líonra Gaeilge na hEarnála Poiblí, dúirt an tAire Martin:
“Is léiriú é ceadú an deontais seo ar na tionscnaimh dhearfacha atá agus a bheidh ag teacht chun cinn mar thoradh ar an €0.5m breise a ceadaíodh i leith chur i bhfeidhm an Achta faoi Cháinaisnéis 2024. Is léiriú é chomh maith ar thiomantas an Rialtais maidir le hacmhainneacht teanga na hearnála poiblí a fhorbairt, agus go deimhin, cuspóirí foriomlána na reachtaíochta a bhaint amach go rathúil. Tá teachtaireacht thar a bheith dearfach againn anois maidir leis na deiseanna fostaíochta atá ar fáil dóibh siúd le hinniúlacht i nGaeilge, iad siúd atá sa chóras reatha cheana féin san áireamh, agus caithfimid gach deis a thapú an teachtaireacht sin a scaipeadh go forleathan agus tacú leo siúd a bhfuil suim acu iontu.”
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan gur freagraíodh mianta fhostaithe an Stáit le bunú an líonra seo:
“Anuraidh, rinne mo Roinn dul chun cinn i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ar na cúrsaí Gaeilge a chuireann Gaelchultúr ar fáil, thar ceann OneLearning, d’fhostaithe na státseirbhíse agus Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) anois ag déanamh deimhnithe ar na cúrsaí sin. Tá na cúrsaí seo ag dul i méid i measc státseirbhíseach ó shin i leith, ach is é an príomh-aiseolas atá ag teacht tríd gach téarma, ná an gá atá le tacaíochtaí breise a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge chun an teanga a chleachtadh lena gcomhghleacaithe lasmuigh den seomra ranga. Tá áthas orm gur éirigh linn na mianta sin a fhreagairt le bunú an líonra seo, agus gabhaim buíochas leis an Oireachtas as a thiomantas d’fhís an Stáit mar a bhaineann sé le treisiú na teanga sa chóras poiblí.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha ar an ábhar chomh maith:
“Fáiltímid roimh an tacaíocht seo do na fostaithe san earnáil phoiblí. Cuirfidh sé ar chumas an Oireachtais Líonra Gaeilge nua a bheidh ilghnéitheach, fuinniúil, tarraingteach a thógáil agus a fhorbairt chun go mbeidh sé ina thacaíocht agus ina inspioráid do rannpháirtithe - daoine le Gaeilge líofa agus foghlaimeoirí araon - labhairt go muiníneach i nGaeilge, bíodh siad san ionad oibre, leis an teaghlach sa bhaile nó amuigh go sóisialta le cairde. Beidh iliomad deiseanna ag baill an Líonra cairdis nua trí Ghaeilge a dhéanamh agus a bheith rannpháirteach in imeachtaí sóisialta, cultúir agus ealaíne trí Ghaeilge.”
Is ó líne bhuiséid C11 – Tionscnaimh Seirbhíse Poiblí – a ceadaíodh an deontas seo. Cuireadh tús leis an líne bhuiséid seo in 2023 chun tacú le hiarrachtaí na Roinne forálacha an Achta Teanga nua a neadú trasna na hearnála poiblí, chun leasa phobal labhartha na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is €1m an t-allúntas a bhí ann faoi Cháinaisnéis 2023 agus is €1.5m atá ann faoi Cháinaisnéis 2024.
Beidh foireann de cheathrar le hearcú ag an Oireachtas le héagsúlacht scileanna chun cúram sonrach a dhéanamh de bhunú agus forbairt an líonra, lena n-áirítear bainisteoir chun an tionscnamh a stiúradh. Tá i gceist go gcuirfear tús leis an bpróiseas earcaíochta seo go luath san athbhliain.
Déanfar léirithe spéise i leith bhallraíocht den Líonra a lorg san athbhliain chomh maith.