English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Os cionn €530,000 ceadaithe do Chlár Techspace 2021

• Tech Féile ar líne i 2021

• Acmhainní foghlamtha nua STEAM agus meán digiteacha i nGaeilge

• Leathnú ar chlár dírithe ar an lucht siúil

Cheadaigh Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD maoiniú de €532,840 san iomlán do Chlár TechSpace 2021 inniu. Tá €446,340 ceadaithe i leith deontas reáchtála agus €86,500 i leth deontas caipiteal. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas Camara Education Ireland tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gclár agus níos mó acmhainní agus traenáil i nGaeilge a chur ar fáil do rannpháirtithe an chláir.

Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta trí mheán na Gaeilge. Chuir Camara Education Ireland oiliúnt agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus d’oibrithe óige ar líne le linn gearchéime COVID-19. Tá sé beartaithe go mbeadh an cur chuige céanna ag an gclár ag tús na bliana 2021. Táthar ag súil méadú a chur le líon na múinteoirí agus na n-oibrithe óige átá páirteach sa gclár agus déanfar forbairt ar acmhainní foghlamtha STEAM/ríomheolaíochta/meán digiteacha i nGaeilge, a bheas ar fáil dóibh siúd atá páirteach sa chlár.

Mar chuid den chlár Tech Féile 2021, a bheas ar siúl ar líne i mbliana, tá measta go mbeidh 60 eagraíocht páirteach sna ceardlanna agus sa chlár meantóireachta, agus beidh deis ag rannpháirtithe a dtograí a chur i láthair ag cruinnithe ar líne i mí Márta. Anuas ar sin, beidh comórtas nua ríomhchluichíochta á réachtáil i mbliana chomh maith le ceardlanna/leachtaí gairmthreorach.

Tá forbairt leathan déanta ar Chlár TechSpace ó thús ama le bunscoileanna agus clubanna óige tagtha ar bord chomh maith leis an dara leibhéal agus eagraíochtaí óige. Cuireadh tús leis an gclár dírithe ar an lucht siúil in 2020, chun STEAM agus teicneolaíocht a nascadh le deiseanna oideachais do phobal an lucht siúil. Leanfar leis an bhforbairt seo i mbliana agus táthar ag súil go mbeadh 200 duine óg ón lucht siúl páirteach sa chlár i 2021.

Ag labhairt dhó inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers: “Rinne Camara Education Ireland obair na gcapall i 2020, ag cur acmhainní tábhachtacha ar fáil ar líne do dhaoine óga le linn gearchéime COVID-19. Tá an-áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinne tacaíocht a chur ar fáil don chlár arís i mbliana. Tá sé tábhachtach go mbeadh acmhainní foghlamtha STEAM agus meán digiteacha ar fáil do dhaoine óga i nGaeilge, agus nach dtitfeadh an teanga chun deireadh sa ré theicneolaíochta.”

“Tá áthas orm go háirithe le forbairt Tech Féile ar líne, rud a chuirfidh béim ar an obair atá á dhéanamh ag daoine óga trí mheán na Gaeilge sa chlár TechSpace. Tá lá iomlán imeachtaí á phleanáil le ceardlanna, taispeántais, comórtais, ceol agus duaiseanna agus táim cinnte go mbeidh an-rath air.”