English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Oscailt Oifigiúil Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan a Athchóiríodh

Oscailt Oifigiúil Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan a Athchóiríodh

• Leithdháileann an Roinn €300,000 ar thionscadal faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór

• Osclaíonn an tAire Thomas Byrne Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan

go hoifigiúil i gcomhar le Cathaoirleach agus oifigigh Chomhairle Chontae Lú

• Uasghrádú ar áiseanna linn snámha le béim ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Chuir an tAire Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, fáilte roimh chríochnú na n-oibreacha athchóirithe ar Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan i gContae Lú, a osclaíodh go hoifigiúil inniu (an 7 Bealtaine 2024).

Is éard atá sna hoibreacha athchóirithe, ar tacaíodh leo faoi Chiste na Roinne um Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, limistéir nua gléasta do dhaoine faoi mhíchumas, taisceadáin, cubhachailí gléasta a oireann do theaghlaigh, tíleanna sábháilteachta neamh-sciorracha agus limistéir gléasta grúpa. Beidh rochtain ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar gach limistéar le taisceadáin saindeartha – nach raibh san áis roimhe seo.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Aithníonn an Rialtas go bhfuil cumas iontach ag an Spórt feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine mhuintir na tíre. Tá sé fíorthábhachtach go háirithe go bhfuil áiseanna mar seo againn ionas gur féidir le gach duine leas a bhaint astu. Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil béim mhór ag an uasghrádú seo ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas ar shaoráidí a bhí an-teoranta roimhe seo. Tá a fhios agam gur acmhainn luachmhar a bheidh sa tsaoráid seo a chuirfidh sláinte agus folláine chun cinn do gach aois agus cumas ar feadh go leor blianta amach romhainn”.

Ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i nDún Dealgan, dúirt an tAire Byrne:

“Inniu tá lúcháir orm freastal ar oscailt oifigiúil Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan a athchóiríodh agus an tionscadal spóirt seo, a thacaigh an Roinn leis, a fheiceáil ag freastal ar riachtanais an phobail áitiúil agus an Oir-Thuaiscirt i gcoitinne. Is léiriú é seachadadh an tionscadail seo ar obair chrua an phobail áitiúil, Chomhairle Contae Lú, oifigigh na Roinne, agus na bpáirtithe leasmhara go léir a bhí páirteach sa tionscadal seo. Fáiltím go mór freisin roimh an mbéim a cuireadh sna hoibreacha athchóirithe seo ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas. An tseachtain seo caite, bhí an-áthas orm a fhógairt gur osclaíodh babhta nua €120m den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór le haghaidh iarratas. Sa bhabhta nua seo den Chiste réiteofar an bealach le go gcuirfear go leor tionscadal eile mar seo i gcrích sna blianta amach romhainn, agus an Rialtas agus mise ag leanúint ar aghaidh ag cur infheistíochta in áiseanna spóirt chun cinn ar fud na hÉireann”.

NÓTAÍ EAGARTHÓRA

An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór;

Ciste 2018:

Rinneadh foráil sa Bheartas Náisiúnta Spóirt a foilsíodh in 2018 do Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór. Is é aidhm an chiste tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d’áiseanna spóirt níos mó nuair is mó an infheistíocht Státchiste atá riachtanach ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Bronnadh €124 milliún ar 33 togra éagsúil faoin gcéad bhabhta seo.

Babhta 2024 den Chiste

D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, maoiniú suas le €120m faoin dara babhta den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, a osclaíodh le haghaidh iarratas ar an 26 Aibreán 2024.

Nuair a dhéanfar measúnú ar iarratais, ar mhaoiniú idir €600,000 agus €30m, cuirfear san áireamh méid an daonra, inbhuanaitheacht, forchostais riaracháin a laghdú agus a chinntiú go gcuirtear rochtain chomhchosúil ar fáil chun freastal ar rochtain na bhfear agus na mban ar shaoráidí atá maoinithe ag an gCiste. Ní mór iarratais ar bhabhta 2024 den Chiste a chur isteach faoin 1 Iúil 2024 @ 3 i.n.