English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Byrne Tionscadal i nDún Búinne faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór

Osclaíonn an tAire Byrne Tionscadal i nDún Búinne faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór

• Osclaíonn an tAire Thomas Byrne Ionad Acadaimh ag CLG Naomh Peadar, Dún Búinne, Co. na Mí i gcomhar le Comhairle Chontae na Mí agus le príomhpháirtithe leasmhara

• Leithdháil an Roinn níos mó ná leath de mhaoiniú an tionscadail (€2,332,646) faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór

• Tá trí pháirc imeartha shóisearacha agus páirc imeartha lánmhéide do dhaoine fásta sa tionscadal.

Chuir an tAire Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, fáilte roimh oscailt Ionad Acadaimh ag CLG Naomh Peadar, Dún Búinne, Contae na Mí inniu (31 Bealtaine 2024). Forbraíodh siúlbhealach líneach a osclaíodh i mí an Mheithimh 2023 mar chuid den tionscadal, a raibh costas €4 mhilliún leis ar an iomlán.

Is éard atá sna hoibreacha, ar tugadh tacaíocht shuntasach dóibh faoi Chiste na Roinne um Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, ná páirceanna imeartha spóirt, áiseanna gléasta, agus carrchlós le 98 spás páirceála, lena n-áirítear bánna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas.

Tá trí pháirc imeartha shóisearacha agus páirc imeartha lánmhéide do dhaoine fásta sa tionscadal. Áireoidh foirgneamh in aice leis an gcarrchlós áiseanna gléasta, seomra cruinnithe, oifig agus limistéar stórála.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Gabhaim buíochas le gach páirtí a raibh baint acu leis an tionscadal seo a thabhairt chun críche. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an áis seo ina hacmhainn luachmhar laistigh den phobal agus go mbeidh tionchar dearfach aici ar chur chun cinn na sláinte agus na folláine sa cheantar. Tá mé meáite ar infheistíocht leanúnach a fheiceáil in áiseanna spóirt chun a chinntiú go mbainfimid amach ár spriocanna uaillmhianacha maidir le rannpháirtíocht sa spórt.”

Ag labhairt ag an oscailt, dúirt an tAire Byrne:

“Mar Aire Spóirt, tá lúcháir orm go raibh mo Roinnse in ann níos mó ná leath den mhaoiniú a theastaíonn a chur ar fáil chun siúlbhealach líneach agus Ionad Acadaimh a fhorbairt i nDún Búinne. Cuirtear fáilte mhór roimh na háiseanna iontacha spóirt seo a chur ar fáil don phobal áitiúil i nDún Búinne agus sa cheantar máguaird. Gabhaim buíochas le Comhairle Chontae na Mí agus le baill CLG Naomh Peadar as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas ag forbairt na n-áiseanna iontacha seo do mhuintir Dhún Búinne agus na gceantar máguaird”.

NÓTAÍ EAGARTHÓRA

An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór;

Ciste 2018:

Rinneadh foráil sa Bheartas Náisiúnta Spóirt a foilsíodh in 2018 do Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór. Is é aidhm an chiste tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d’áiseanna spóirt níos mó nuair is mó an infheistíocht Státchiste atá riachtanach ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Bronnadh €124 milliún ar 33 togra éagsúil faoin gcéad bhabhta seo.

Babhta 2024 den Chiste

D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, maoiniú suas le €120m faoin dara babhta den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, a osclaíodh le haghaidh iarratas ar an 26 Aibreán 2024.

Nuair a dhéanfar measúnú ar iarratais, ar mhaoiniú idir €600,000 agus €30m, cuirfear san áireamh méid an daonra, inbhuanaitheacht, agus a chinntiú go gcuirtear rochtain chomhchosúil ar fáil chun freastal ar rochtain ag fir agus mná ar shaoráidí atá maoinithe ag an gCiste. Ní mór iarratais ar bhabhta 2024 den Chiste a chur isteach faoin 1 Iúil 2024 @ 3 i.n.