Oslaíonn an tAire Byrne Siúlbhealach Líneach i nDún Búinne, Co. na Mí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 7 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Meitheamh 2023
Inniu (an 7 Meitheamh 2023), d’oscail an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne T.D., Siúlbhealach Líneach nua go hoifigiúil i nDún Búinne, Contae na Mí. Leithdháileadh €2 mhilliún ar an tionscadal faoi Chiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála na Roinne. Is éard atá sa tionscadal iomlán ná siúlbhealach líneach chomh maith le páirceanna imeartha. Is éard atá in oscailt an lae inniu ná an siúlbhealach líneach a nascann Bóthar Rúscaí leis an bPríomhshráid/Bóthar Mhaigh Nuad chomh maith leis na páirceanna imeartha a nascadh leis an bpáirc phoiblí atá ann cheana féin. Táthar ag súil go gcuirfear na páirceanna imeartha agus an pháirc uile-aimsire i gcrích níos déanaí i mbliana.
Ag labhairt ag an oscailt, dúirt an tAire Byrne:
“Tá lúcháir orm an siúlbhealach nua seo a oscailt i nDún Búinne, rud a chuireann go mór leis an bpobal. Is ábhar misnigh é siúlóirí, jagálaithe agus rothaithe a fheiceáil ag baint úsáide as an áis nua cheana féin. Thug an aimsir mhaith atá againn le déanaí deis dúinn go léir aclaíocht a dhéanamh lasmuigh agus is iontach an rud é an trealamh aclaíochta faoin aer a fheiceáil in úsáid anois.
“Is é seo an chéad tionscadal Bonneagair Spóirt ar Scála Mór a osclaíodh go hoifigiúil agus cuireann sé áthas ar leith orm é a fheiceáil á sheachadadh sa Mhí. Déanaim comhghairdeas le gach duine a d’oibrigh air, go háirithe foireann Chomhairle Chontae na Mí a raibh an fhís agus an tiomantas acu an togra a chur chun cinn. Táim tiomanta d’infheistíocht suntasach a dhéanamh in áiseanna spóirt amach anseo agus táim ag tnúth le roinnt tionscadail thábhachtacha spóirt ar scála mór eile a fheiceáil ag dul ar aghaidh ar fud na tíre sna míonna atá romhainn.”