English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pacáiste maoinithe dar luach €800,000 in imeacht 4 bliana fógartha ag an Aire Byrne inniu mar thacaíocht do chlubanna CLG atá ag feidhmiú as Gaeilge

Pacáiste maoinithe dar luach €800,000 in imeacht 4 bliana fógartha ag an Aire Byrne inniu mar thacaíocht do chlubanna CLG atá ag feidhmiú as Gaeilge

• An tAire Byrne in Iarthar Bhéal Feirste chun pacáiste maoinithe €800,000 in imeacht 4 bliana a fhógairt do scéim de chuid Ghlór na nGael

• Tacóidh an maoiniú le Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus leis na Gaeil Óga i Leamhcán, BÁC feidhmiú as Gaeilge mar chlubanna spóirt lasmuigh den Ghaeltacht

Inniu ag ócáid in Iarthar Bhéal Feirste, d’fhógair an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, Thomas Byrne T.D., pacáiste maoinithe ar fiú os cionn €800,000 é do Ghlór na nGael.

Úsáidfear an pacáiste maoinithe seo chun tacú le hiarrachtaí dhá chlub CLG atá lasmuigh den Ghaeltacht – Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus na Gaeil Óga atá lonnaithe i Leamhcán, Baile Átha Cliath – an teanga a chur chun cinn. Is iad an dá chlub seo an t-aon dá chlub lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil an bonn óir bainte amach acu i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Donnacha de chuid Ghlór na nGael.

Tabharfaidh an maoiniú deis do na clubanna seo a dtacaíocht don teanga a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile agus oifigeach forbartha lánaimseartha a fhostú agus an t-oifigeach sin ag obair chun tacú le himreoirí, lena dteaghlaigh agus le baill eile an chlub dul i ngleic leis an teanga trí ranganna Gaeilge a eagrú, clár óige a reáchtáil, bheith ag oibriú le scoileanna áitiúla agus imeachtaí eile a reáchtáil a thugann deiseanna dá mbaill dul i ngleic leis an teanga ar bhealach sóisialta taitneamhach.

Ag labhairt dó faoin bpacáiste maoinithe seo, dúirt an tAire Stáit, Thomas Byrne T.D.:

“Tá an-áthas orm maoiniú a fhógairt do Ghlór na nGael inniu a thabharfaidh deis do dhá chlub cheannródaíocha CLG, Laochra Loch Lao agus na Gaeil Óga, tógáil ar an éacht atá déanta acu chun spás a chruthú taobh amuigh den Ghaeltacht d’óg agus aosta chun teacht le chéile agus an Ghaeilge a labhairt go gníomhach ar bhealach taitneamhach trí mheán an spóirt.

Tabharfaidh an maoiniú seo deis do na clubanna seo cur leis an obair sin agus tacú lena mbaill reatha agus leis an gcéad ghlúin eile d’imreoirí óga agus de chóitseálaithe a gcuid féin a dhéanamh den teanga agus iad ag imirt na gcluichí is ansa leo.”

Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael:

“Tá ríméad ar Ghlór na nGael go bhfuil an maoiniú seo ceadaithe don scéim seo ag Aire Stáit na Gaeltachta. Is léiriú iad na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lae ar an méid is féidir a bhaint amach nuair atá an toil ann in éineacht le cur chuige tomhaiste. Leis an tacaíocht atá fógartha inniu, beidh ar chumas Ghlór na nGael na hiarrachtaí atá ar siúl ag an dá chlub nuálacha seo – an méid a bhain siad amach cheana faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Donnacha san áireamh – a thabhairt suas cúpla céim eile i gcomhar le comhluadar an dá chlub, agus iad ina n-eiseamláir do chlubanna eile thart timpeall na tíre.”

Nótaí don Eagarthóir: Tuilleadh faisnéise maidir le Glór na nGael agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Donnacha le fáil anseo:

Glór na nGael (glornagael.ie)

Tuilleadh faisnéise ar na Gaeil Óga:

Baile nagaeiloga.ie

Tuilleadh faisnéise ar Laochra Loch Lao:

Laochra Loch Lao (laochra.com)