English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pacáiste maoinithe fógartha ag an Aire Martin d'údaráis áitiúla do chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2020

Tá réimse tacaíochtaí maoinithe fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., ar fiú tuairim is €900,000 ar fad iad, chun cuidiú le húdaráis áitiúla tionscnaimh chomórtha faoi stiúir an phobail a fhorbairt i gcuimhne ar na himeachtaí suntasacha a tharla i gCorcaigh agus ar fud na tíre in 1920.

Tá baint lárnach ag Corcaigh le clár comórtha na bliana seo, i gcuimhne na n-imeachtaí a tharla sa Chathair agus sa Chontae céad bliain ó shin, imeachtaí a d'athraigh cúrsaí ó bhonn. I measc na n-imeachtaí eile a bheidh á gcomóradh i mbliana beidh Frithcheilg Connaught Rangers, Creachadh Bhaile Brigín, Domhnach na Fola, agus cur chun báis Kevin Barry.

Dúirt an tAire Martin:

"Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le húdaráis áitiúla na tíre, a bhfuil a gcláir féin do Dheich mBliana na gCuimhneachán na bliana seo curtha le chéile acu le díograis, samhlaíocht agus le cáiréis, d'ainneoin na mbrúnna suntasacha a gcaithfidh siad aghaidh a thabhairt orthu de bharr phaindéim COVID-19. Bhí Éirinn i mbun na Coimhlinte chun Neamhspleáchas a bhaint amach céad bliain ó shin agus tá ról lárnach glactha ag údaráis áitiúla na tíre maidir le tacaíocht a thabhairt don phlé náisiúnta faoin tréimhse dheacair seo sa stair.

Tá sé beartaithe agam leanúint den chur chuige seo idir an Rialtas, na Rialtais Áitiúla agus pobail áitiúla, a chuireann crann taca ar fáil chun a chinntiú go ndéantar na himeachtaí casta agus íogaire a thit amach le linn na Coimhlinte chun Neamhspleáchas a bhaint amach a chomóradh ar bhealach atá iontaofa, ómósach, meáite agus ionchuimsitheach. Aithnítear tríd an gcur chuige seo an gá atá ann a bheith tuisceanach maidir leis an gcomhthéacs staire áitiúil agus aithnítear chomh maith nach raibh aon dá thaithí ann a bhí mar an gcéanna sna contaetha ná ar oileán na hÉireann le linn na Coimhlinte chun Neamhspleáchas a bhaint amach ná le linn Chogadh na gCarad. Éascófar rannpháirtíocht ó gach pobal agus ó gach traidisiún trí cheannaireacht thuisceanach agus chéillí na n-údarás áitiúil.

Leanfar den chomhairle sláinte poiblí agus bearta cosanta i leith COVID-19 a úsáid chun eolas a dhéanamh do phleananna maidir leis na himeachtaí comórtha mar aon leis na gníomhaíochtaí for-rochtana atá bainteach leo agus beidh sin mar bhonn agus mar thaca acu."

Maidir le cláir chomórtha Chontae Chorcaí agus Chathair Chorcaí, dúirt an tAire Martin:

“Cuireadh imeachtaí comórtha poiblí i gContae agus i gCathair Chorcaí ar ceal nó ar athló le roinnt míonna anuas de bharr phaindéim COVID-19 agus rinneadh sin i gcomhréir leis na bearta sláinte poiblí chun an pobal a chosaint. Tá díomá mór ar gach duine a d'oibrigh go fíorchrua chun clár comórtha fiúntach agus suntasach a fhorbairt.

Tá forbairt arís déanta ag Comhairlí Cathrach agus Contae araon ar a gcuid pleananna chun na srianta a ghlacadh san áireamh agus tá cláir shamhlaíocha agus ina bhfuil ábhair machnaimh curtha le chéile acu i ndáil leis an gcuid eile den bhliain agus tá ríméad orm go bhfuil mo Roinnse ag cur go mór leis an dá Chlár. Táim cinnte go ndéanfar na himeachtaí a tharla i gCorcaigh in 1920 a chomóradh ar bhealach atá fiúntach, ómósach agus ionchuimsitheach.

Reáchtálfar comóradh Stáit cuí i mbliana, an 1 Samhain i gCathair Chorcaí - déanfar na pleananna don chomóradh sin a fhorbairt i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte agus na bearta cosanta poiblí atá ag athrú an t-am ar fad.”