Pacáiste suntasach maoinithe trí bliana le haghaidh Kinia fógartha inniu
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Deireadh Fómhair 2024
- €2,374,379 leithdháilte ag na hAirí Martin agus Byrne faoi phacáiste maoinithe trí bliana
- Maoiniú reatha agus maoiniú caipitil suntasach fógartha do Kinia chun leanúint ar aghaidh le Clár Techspace, Tech Féile agus chun scéim nua ‘Léigh Liom’ a thosú
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D agus An tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, Thomas Byrne T.D., pacáiste maoinithe trí bliana dar luach €2,374,379 san iomlán do Kinia inniu (21/6/2024). Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas Kinia leanúint ar aghaidh lena gclár an-rathúil Clár Techspace agus le Tech Féile agus tús a chur lena scéim nua ‘Léigh Liom’ sna trí bliana atá romhainn.
Is gréasán náisiúnta de spásanna meán digiteach é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus teicneolaíochta as Gaeilge. Cuireann Kinia oiliúint ar fáil do mhúinteoirí i réimse STEAM agus tugann na múinteoirí an t-eolas seo ar ais chuig a seomraí ranga. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar líon na múinteoirí agus na n-oibrithe óige atá páirteach sa chlár agus go ndéanfar forbairt ar acmhainní foghlama STEAM/ríomheolaíochta/meán digiteacha i nGaeilge, a bheas ar fáil dóibh siúd atá páirteach sa chlár.
Is é Tech Féile an ócáid bhliantúil is mó de chuid Kinia ina dtagann na daoine óga rannpháirteacha le chéile chun an obair atá déanta acu ar a dtionscadail teicneolaíochta i rith na bliana a cheiliúradh. Tarlaíonn an ócáid seo le linn Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí, ceiliúradh atá cruthaithe ag Kinia agus a aithnítear go náisiúnta mar dheis chun tionscnaimh agus gaiscí daoine óga maidir le cúrsaí teicneolaíochta cruthaithí a aithint. Spreagann na hócáidí seo daoine óga leis na scileanna atá foghlamtha acu ó oideachasóirí traenáilte a chur i bhfeidhm agus caitheann rannpháirtithe suas le trí mhí ag ullmhú do na himeachtaí seo.
Chomh maith le leanúint leis na gníomhaíochtaí seo, beidh Kinia ag tabhairt faoi chlár nua darbh ainm ‘Léigh Liom’. Is clár píolótach ar líne a bheas i gceist le Léigh Liom ina mbeidh cainteoirí dúchais Gaeilge á nascadh le daltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta chun leabhar Gaeilge a léamh le chéile ar líne. Dearadh an clár seo chun tacú le daltaí a bhfuil leibhéil ísle líofachta Gaeilge acu trí mheantóireacht duine le duine a chur ar fáil dóibh. Tá an ghné nuamholta seo de chlár Kinia ag teacht go dlúth le mianta agus straitéis na Roinne maidir le cumas Gaeilge i measc an phobail ar fad a fheabhsú.
Ag labhairt faoin maoiniú, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D:
“De thoradh na hinfheistíochta atá á fógairt ag mo Roinn inniu, déanfar deimhin de go mbeidh deiseanna den scoth ag daltaí na tíre oiliúint ar ardchaighdeán a fháil i réimsí tábhachtacha den nuatheicneolaíocht inár dteanga náisiúnta. Is léiriú é seo ar an rún daingean atá ag an Rialtas an Ghaeilge a normalú agus a chur i lár an aonaigh sa saol nua-aimseartha ina mairimid.”
Ag labhairt dó ag Gaelscoil na Mí, scoil atá rannpháirteach i gClár Techspace, dúirt an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, Thomas Byrne T.D.:
“Tá lúcháir orm an pacáiste maoinithe trí bliana seo do Kinia a fhógairt. Tá Kinia lárnach i gcruthú an naisc idir an Ghaeilge agus an teicneolaíocht le blianta anuas agus sin an fáth go bhfuilimid ag tacú lena gcuid oibre le maoiniú os cionn €2,300,000 thar 3 bliana. Cinntíonn Clár Techspace go gcuirtear daoine óga ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil sa saol digiteach dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Kinia, Marianne Checkley:
“Is mór an onóir dúinn a bheith mar chuid d’aistear Clár TechSpace leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus comhpháirtíocht mhaoinithe trí bliana eile a fhógairt . Ó thionscadal píolótach beag in 2016, tá teacht againn anois ar bhreis agus 700 oideachasóir i nGaelscoileanna agus i nGaeilcholáistí agus ócáid Tech Féile ar leith againn a dhéanann ceiliúradh ar chruthaitheacht agus nuálaíocht teicneolaíochta daoine óga. Trí úsáid na teicneolaíochta agus na Gaeilge a leathnú mar fhoinse inspioráide chun fiosracht agus cruthaitheacht a mhúscailt i ndaoine óga ar fud na tíre, tá sé mar aidhm againn muinín a chothú ina gcuid scileanna teanga agus agus a gcuid scileanna don todhchaí.”